Sléacht Pháras 1961
police brutality in France (en) | |
---|---|
Cineál | agóid agus eirleach |
Dáta | 17 Deireadh Fómhair 1961 |
Áit | Páras |
Líon marbh | 200 |
Sa bhliain 1961 tharla sléacht i bPáras na Fraince. Bhí Cogadh Saoirse na hAilgéire faoi lánseol ag an am agus bhí na húdaráis sa Fhrainc an-tógtha leis an mbaol sceimhlitheoireachta. Eisíodh forógra ag cosc cruinnithe agus tugadh ordú cuirfiú do na hAilgéaraigh, nach raibh in ann dul amach ó dhubh go dubh.
D'eagraigh an FLN (Fronta Náisiúnta Fuascailte) léirsithe sráide ar an 17 Deireadh Fómhair 1961. Ach thit na hagóidí chun foréigin. Mhair na trioblóidí ar feadh míosa ach tharla an foréigean is measa ar an oíche úd agus maraíodh b'fhéidir 100 duine, Ailgéaraigh go léir.
Caitheadh iad sa Seine go minic. Níos déanaí, bhí fógra le léamh ar Dhroichead Saint-Michel i lár Pháras: "Ici on noie les Algériers" nó báitear Ailgéaraigh anseo. Fuair b'fhéidir cúpla céad Ailgéarach bás le linn na hagóidí ar siúl i bPáras sa bhliain sin.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Micheál Ó hAodha (25 Eanáir 2015). "Páras – sléacht 2015 agus sléacht 1961" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-18.
Is síol faoin Fhrainc é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |