Jump to content

Sléacht Loch an Oileáin

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSléacht Loch an Oileáin
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54° 20′ 19″ N, 5° 49′ 30″ O / 54.3385°N,5.82511°W / 54.3385; -5.82511
Cineáleirleach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana18 Meitheamh 1994 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhLoch an Oileáin, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
TírTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata

Tharla sléacht seicteach in O'Toole's, teach tábhairne i Loch an Oileáin ar 18 Meitheamh 1994 le linn na dTrioblóidí. Maraíodh seisear Caitliceach, a bhí ag breathnú ar fhoireann sacair na hÉireann in aghaidh na hIodáile, i gCorn Sacair an Domhain 1994. Ionsaí seicteach ab ea é a bhí furasta a dhéanamh in áit iargúlta ina raibh scata bailithe.[1][2]

Teach tábhairne O'Toole's i 2006 (bun an bhóthair)

Síníodh Dearbhú Shráid Downing ar 15 Nollaig 1993.

Ach bhí feachtas seicteach ag dul ar aghaidh in éadan Chaitlicigh an tuaiscirt ag an am. Agus ar an 16 Meitheamh 1994, go gairid roimh sos cogaidh an IRA ar 31 Lúnasa 1994, lámhach Arm Náisiúnta Fuascailte na hÉireann (an tINLA) triúr ball d'Óglaigh Uladh i mBóthar na Seanchille. B'é an díoltas a d'agair na Dílseoirí ná gur bhuail siad isteach i dteach tábhairne i Loch an Oileáin i gContae an Dúin le cith urchar a scaoileadh ina thimpeall. Maraíodh seisear sibhialtach.[3]

Cor in aghaidh an chaim, feallmharaíodh Joe Bratty (ceannaire UFF) agus daoine eile le linn an tsamhraidh.

Bhí an próiseas síochána ag an am sin i gcontúirt dá bharr; d'fhéadfadh próiseas na síochána titim as a chéile go furasta ag an bpointe sin. Ach d'fhógair an IRA sos cogaidh ar 31 Lúnasa 1994.

Níor ciontaíodh éinne as an ionsaí. Níos measa, tá líomhaintí ann maidir le claonpháirteachas le paraimíleataigh

D'fhoilsigh an tOmbudsman (Fear an Phobail) i dTuaisceart Éireann tuarascáil in 2016, a chinn go raibh easnaimh thubaisteacha ar an bhfiosrú agus go raibh claonpháirteachas idir an RUC agus an UVF. Dúirt Ombudsman na bPóilíní sa Tuaisceart gur úsáid an UVF dhá cheann de na hairm úd san ionsaí lámhaigh a rinne siad i Loch an Oileáin. Dar leis an Ombudsman, bhí a fhios ag oifigigh faisnéise na bpóilíní go raibh spiairí dá gcuid páirteach sna hairm a smuigleáil ach nár chuir siad an t-eolas a bhí acu ar fáil do bhleachtairí a bhí ag fiosrú an scéil.[4] Cheil an Brainse Speisialta faisnéis ar aonaid eile sna póilíní, agus bhí an fiosrú siléigeach, mí-éifeachtach agus ar nós cuma liom. Mar shampla, scriosadh gluaisteán na bhfear gunna in ionad é a chaomhnú mar fhianaise.[5]

Dar le tuairisc.ie, tá sé deacair éirim a bhaint as iompar an PSNI fiú ó shin.

Ar an 25 Samhain 2024, san Ard-Chúirt i mBéal Feirste, cuireadh tús le cás dlí sibhialta, faoi chlaonpháirteachas na Breataine, atáthar a thabhairt in aghaidh Rialtas na Breataine as dúnmharuithe a rinne paraimíleataigh dhílseacha le linn na coimhlinte ó thuaidh. Tá na teaghlaigh ag lorg damáistí ar an mBreatain as dul i gclaonpháirt leis na marfóirí. Baineann an cás le lear mór arm a tugadh isteach sa Tuaisceart ón Afraic Theas i 1987 agus ar baineadh úsáid astu le 70 duine ar a laghad a dhúnmharú.[4]

An leabhar Shooting Crows leis an iriseoir Trevor Birney

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is leabhar roinnte ina dhá chuid atá ann, a théann siar sa stair agus a thugann muid suas chun dáta le polaitíocht agus póilíneacht sna 2020idí. Sé an sléacht sin, laigeachtaí an fhiosrúcháin a rinne na póilíní faoi ag an am, chomh maith le fianaise láidir go raibh claonpháirteachas idir na paraimíleataigh dhílseacha agus an RUC, a spreag Birney agus cara leis, an t-iriseoir Barry McCaffrey, scannán faisnéise a dhéanamh faoi, dar teideal No Stone Unturned.[2]

Scannán fíor-chumhachtach a bhí ann a léirigh seicteachas fuilteach an ama, buíonta marfacha ag tiomáint ó áit go háit ag lorg íospartach le cur chun báis agus gan cinnteacht go dtiocfadh sos cogaidh. Is scáfara arís an léargas sa scannán ar chastacht agus ar chumhacht an chaidrimh a bhí idir póilíní áirithe agus dílseoirí agus an dóigh nach ndearnadh, d’aon ghnó, dul chun cinn i bhfiosrú dhúnmharú an tseisir Caitliceach a maraíodh, le daoine a chosaint.

Sa dara cuid den leabhar Shooting Crows taispeánann Birney go beacht neamhbhalbh an dóigh ar réabadh a shaol féin, a ghairm agus a ghnó bunoscionn mar gheall ar fhiosrúchán a rinne an PSNI, ní faoi na dúnmharfóirí a rinne an scaoileadh san Heights Bar, ach mar gheall ar an scannán a bhí déanta ag Birney agus McCaffrey féin.

Rinneadh ruathair maidine ar thithe agus ar oifigí na beirte, tógadh iad go stáisiún póilíní le ceistiú agus cuireadh ina leith gurbh iadsan a bhí contráilte as an chás a fhiosrú agus fianaise den chlaonpháirteachas a úsáid ar an scáileán. Cuireadh cúiseanna tromchúiseacha os a gcomhair agus cuireadh creathadh fríd iriseoirí agus dreamanna ceart preasa agus chearta an duine.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Póilín Ní Chiaráin. "Beirt iriseoirí seachas an dream faoi ndeara sléacht Loch an Oileáin atá ag déanamh imní don PSNI…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-18.
  2. 2.0 2.1 2.2 Trevor Birney agus Áine Ní Bhreisleáin (2024-11-27). "Iriseoir a d’íoc praghas ard as aird a tharraingt ar an éagóir" (ga-IE). www.independent.ie. Dáta rochtana: 2025-04-06.
  3. "CAIN: Sutton Index of Deaths 1994". cain.ulster.ac.uk. Dáta rochtana: 2023-04-10.
  4. 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2024-11-25). "Tús le cás sibhialta faoi chlaonpháirteachas na Breataine" (as ga-IE). 
  5. Youtube. ""No Stone Unturned" (tréiléar den scannán0". Dáta rochtana: 2020.
  6. Alex Gibney (2017). "No stone unturned" (en). ar Vimeo. Dáta rochtana: 2020-06-18.
  7. IMDB (2017). "No Stone Unturned".