Jump to content

Sléacht Chluanaí-na Carraige Gile

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSléacht Chluanaí-na Carraige Gile
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54° 35′ 51″ N, 5° 58′ 47″ O / 54.5975°N,5.9796°W / 54.5975; -5.9796
Cineáloll-lámhach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana9 Iúil 1972 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBéal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
TírTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna5 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe2 Cuir in eagar ar Wikidata

Tharla Sléacht Chluanaí - Na Carraige Gile,[1] in eastát Chnoc na Foinse in iarthar Bhéal Feirste, ar an 9 Iúil 1972, maraíodh Margaret Gargan (13 bliain d'aois), an tAthair Noel Fitzpatrick, sagart paróiste, Patrick Butler (38 bliain d'aois agus seisear clainne air), John Dougal (16 bliain d'aois), agus David McCafferty (15 bliain d'aois). Lámhachadh agus gortaíodh daoine eile.

Bhí an saol léanmhar i 1972, an bhliain ba mheasa de na Trioblóidí, agus ba í Iúil an mhí ba mheasa den bhliain anróiteach sin.

Ar an 9 Iúil 1972, bhí réabadh agus eachtraí lámhaigh in áiteacha i mBéal Feirste. Thug breitheamh le fios in 2026 gur scaoileadh piléir i gceantar Chluanaí agus gur mharaigh an tIRA Sealadach beirt ó Reisimint an Rí i gceantar eile níos túisce tráthnóna. Dúirt sé go mb'fhéidir go raibh baint aige sin le mire na saighdiúirí.[2] Chinn sé go raibh roinnt trioblóide i gCnoc na Foinse roimh an sléacht a tharla idir 9.30 agus a 10.00 san oíche. (Bhí sos comhraic fógartha ag an IRA Oifigiúil cúig seachtaine roimh an sléacht).

Bóthar Whiterock, Béal Feirste

Bhí an Reisimint Pharaisiúit agus / nó Reisimint 1st King’s ann ag an am, is cosúil. Fiú sna 202oidí luath, ní raibh a fhios againn cé a bhí ann, cén t-am a bhí siad ann, agus cá raibh na saighdiúirí suite. Mhaígh Arm na Breataine ag an am go raibh na híospartaigh gafa i lár an achrainn leis an IRA.[3]

Mhair na heachtraí lámhaigh b'fhéidir 90 nóiméad in iomlán.

Is cosúil go raibh John Dougal agus a chairde ag spraoithiomáint.[4] Stop an carr agus rith na gasúir leo ach scaoileadh orthu agus iad ag éalú.

Bhí Patrick Butler agus an tAthair Noel Fitzpatrick ag iarraidh cóireála gharchabhrach a chur ar Dougal, is cosúil. Bhí ciarsúr bán ina lámh ag Fitzpatrick nuair a scaoileadh é. Is soiléir nach raibh airm ar bith ag na híospartaigh ag an am.[5]

Ionchoisne ach fiosrúchán ar bith in 1972

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí coiste cróinéara ann i 1972 ach bhí sé easnamhach; rinneadh 'fíorasc oscailte’ ar na maruithe uilig. Ní raibh scrúdú balaistíochta ann fiú. "There are no records that there was any significant inquiry into the circumstances [of Margaret Gargan's death]" agus "no ballistics or forensic evidence was recovered".[6] Bhí daoine ann ag iarraidh ceart agus cóir dá ngaolta ó shin.[7][8][9]

Cuimhneachan

Ar an 30 Aibreán 2024, tugadh ionchoisne chun críche díreach sular chuir Acht Oidhreachta na dTóraithe bac ar fhiosruithe, ionchoisní agus cásanna sibhialta faoi eachtraí le linn na dTrioblóidí.

Ar an 30 Aibreán 2026 i gCúirt Chróinéara Bhéal Feirste, dúirt breitheamh go ndeachaigh saighdiúirí ó Arm na Breataine thar cailc, ní raibh siad i gcontúirt agus d’imigh beirt acu ó smacht.

Ina rialú, dúirt an Cróinéir, an Breitheamh David Scoffield "nach raibh aon duine i mbaol" ó thriúr den chúigear a lámhach na saighdiúirí ó bhuíon dá ngaireadh Reisimint an Rí. Is é an saighdiúir céanna a mharaigh an triúr sin – David McCafferty, cúig bliana déag d'aois; Paddy Butler, 38 bliain; agus sagart, an tAthair Noel Fitzpatrick, 42 bliain. Bhí McCafferty, ag iarraidh a theacht i gcabhair ar an Athair Fitzpatrick nuair a scaoileadh sa dhroim é. Bhí McCafferty neamharmtha. Comhalta d'Fhianna Éireann ar thaobh an IRA Oifigiúil ab ea David McCafferty.[2]

Chuaigh an tAthair Noel Fitzpatrick, sagart paróiste an cheantair go dtí an láthair chun an ola dhéanach a chur ar dhaoine a gortaíodh; d’iarr sé ar Patrick Butler, fear pósta le seisear clainne dul leis. Bhíodar ag iarraidh dul i gcabhair ar dhaoine nuair a bhuail an piléar céanna an bheirt. Obair dhaonnachta a bhí ar siúl acu, arsa an Cróinéir, ní raibh siad armtha agus níor chontúirt d’éinne iad.[10]

Mar leis an gceathrú duine, cailín trí bliana déag, Margaret Gargan, ar mharaigh saighdiúir eile í, dúirt an Breitheamh Scoffield "nach raibh aon duine i mbaol uaithi ar chor ar bith". Bhí Gargan ar an duine ab óige den chúigear a maraíodh. Fuair a deartháir óg a corp sínte ar leathán miotail rocaigh.

I dtaobh an chúigiú duine, John Dougal, a bhí sé bliana déag, dúirt an breitheamh nach raibh sé réasúnta ag an saighdiúir a mharaigh an buachaill a ghunna a scaoileadh leis. Comhalta d'Fhianna Éireann ar thaobh an IRA Shealadaigh ab ea John Dougal. Dúirt an breitheamh gur dhóichí go raibh sé ag teitheadh ó na saighdiúirí nuair a lámhachadh é sa droim. Sháraigh an saighdiúir na rialacha sa ‘chárta buí’. Dúirt sé freisin nach bhféadfadh sé a rá an raibh an t-ógánach armtha nó nach raibh.[2] Gortaíodh beirt eile in aice le Dougal a mhair.

Fuair lBreitheamh Scoffield bualadh bos ó na teaghlaigh sular fhág sé an chúirt tar éis a bhreithiúnas a nochtadh.[10]

Ar an 3 Meitheamh 2026, ghabh Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer leithscéal thar ceann Rialtas na Breataine le teaghlaigh. Dúirt sé gur ghlac Rialtas na Breataine lenar chinn an breitheamh agus le tromchúis an chinnidh, agus dúirt go mb'údar mór aiféala don rialtas an scéal. Ina theannta sin, dúirt sé, cé go raibh na cúinsí a bhain leis na maruithe "dúshlánacha [do na saighdiúirí]", go raibh dualgas ar an stát cloí leis an gcaighdeán ab airde agus freagracht a ghlacadh as sin.[11]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Springhill - Westrock, Belfast
  2. 1 2 3 Nuacht RTÉ (2026-04-30). "Sléacht Chluanaí-na Carraige Gile: 'd'imigh saighdiúirí ó smacht'" (as ga-IE).
  3. Marie Louise McConville (2021-05-15). "New evidence proves British army 'were active in area' where girl (13) was shot and killed in 1972" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2021-07-09.
  4. "Springhill: The Forgotten Massacre" (en-GB). tribunemag.co.uk. Dáta rochtana: 2021-07-09.
  5. "Looking Back on the Unsolved Case of Northern Ireland's Springhill Massacre" (en). www.vice.com. Dáta rochtana: 2021-07-09.
  6. Freya McClements (2020). "New evidence emerges in shooting dead of teenager in Belfast in 1972" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-07-09.
  7. Robert McMillen (2018). "Seo bróga a bhí á gcaitheamh ag daoine a maraíodh le linn na dTrioblóidí…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-09.
  8. "New inquests to be held into the Springhill deaths" (as en) (2014-12-24).
  9. Extramural Activity (2020-06-30). "Keep On Praying" (en-GB). Extramural Activity. Dáta rochtana: 2021-07-09.
  10. 1 2 Póilín Ní Chiaráin (3 Bealtaine 2026). "An fhírinne faighte tar éis 54 bliain ag ionchoisne a léirigh gur féidir freagraí a fháil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-05-03.
  11. Nuacht RTÉ (2026-06-03). "Leithscéal gafa ag Starmer faoi ár Chluanaí-na Carraige Gile" (as ga-IE).

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]