Sléacht Charn an Bhua, 1798
Cuma
| ||||
Cineál | tarlú ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Suíomh | Carn an Bhua, Éire ![]() | |||
Líon básanna | 28 ![]() | |||

Ar an 25 Bealtaine 1798, chuir fórsaí na Breataine 28 príosúnach chun báis i gCarn an Bhua, Loch Garman. Bhí amhras ann go raibh siad sna hÉireannaigh Aontaithe.[1] Bhí siad á gcoinneáil gan triail. Lámhachadh iad go léir i gcúirt liathróid láimhe, sa phinniúr.
"Beart coisctheach' a bhí ann; bhí an t-arm ag iarraidh ceacht a mhúineadh don phobal. Tháinig an pobal ar thuairim eile ar fad, agus bhris an réabhlóid amach i Loch Garman an lá dár gcionn, ag cur iontas ar an rialtas.
An lá céanna, ar 26 Bealtaine, tharla sléacht eile i nDún Luáin, Contae Chill Mhantáin. Cuireadh 36 príosúnach chun báis.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Seán Delap (2018). "Stór Staire" (COGG).