Jump to content

Slánfhearann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa matamaitic, go háirithe san ailgéabar teibí, is éard is slánfhearann[1] (Béarla: integral domain) ann ná fáinne cómhalartach ina bhfuil iolrach ball neamhnialasach fós neamhnialasach; is é sin le rá, má tá xy=0, ansin tá x=0 nó y=0. Is féidir “cealúchán” a dhéanamh i slánfhearann: má tá ab=ac agus a≠0, ansin b=c. Is é fáinne na slánuimhreacha ℤ an sampla is tábhachtaí de shlánfhearann.

  1. ↑ ““slánfhearann” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-13.