Sláine mac Dela

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, ba chéad Ard-Rí na hÉireann é Sláine (Sean-Ghaeilge Sláinge, Slánga) mac Dela, sliocht de na Fir Bholg, agus ar deireadh de shliocht Neimhidh. Ghlan sé an fhoraois as ceantar Bhrú na Bóinne.[1] Deirtear gur tháinig sé i dtír ag Cuan Loch Garman ag béal Na Sláine. Ba í Fuad a bhean chéile.

Tháinig na Fir Bholg go hÉirinn le cúig mhíle fear. Roinn Sláine agus a cheathrar deartháireacha an tír eatarthu. Thóg Sláine, an té is óige, cúige Laighin; thóg Gann tuaisceart na Mumhan; thóg Sengann deisceart na Mumhan; thóg Genann cúige Chonnacht; agus thóg Rudraige cúige Uladh. Thogh siad Sláine mar ard-rí.

Thugtaí na Fir Gailióin (leagan eile: Gaileanga) ar a chuid de mhuintir na bhFear Bolg, ainmnithe as a sleánna (Sean-Ghaeilge gáe; ga).

Bhí Sláine i gceannas ar feadh ach aon bhliain amháin, sula bhfuair sé bás ag Dionn Rí i gContae Cheatharlach. Curadh faoi san uaigh é ag Baile Shláine, Contae na Mí. Tháinig a dheartháir Rudraige i gcomharbacht air.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhfhoinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Sláine ar mythicalireland.com


Roimh
none
Ard-Rí na hÉireann
ACM 1934–1933 RC
FFE 1514–1513 RC
Tar Éis
Rudraige