Skeealaght
| Cárta innéacs | |
|---|---|
| Teanga | Gaeilge Mhanann |
| Foilseachán | Manainn, 1976 |
| Foilsitheoir | Yn Cheshaght Ghailckagh [gv] |
Is bailiúchán é Skeealaght (Gaeilge: Scéalaíocht[1]) de ghearrscéalta agus béaloidis ó Oileán Mhanainn.[2][3] Bailiúchán ilchineálach atá ann, lena n-áirítear scéalta grinn, scéalta taibhsí, scéalta faoin “mooinjer-veggey” (na daoine beaga), agus eolas faoi stair agus faoi chultúr an oileáin. Yn Cheshaght Ghailckagh [gv] a d'fhoilsigh.[3]
Bailíodh na scéalta ó na cainteoirí Manainnise Lewis y Crellin, Juan y Crellin, Colin y Jerree agus Shorus u Creayrie sna seachtóidí. Tá breis agus 70 mír san iomlán ann.[2][3]
A aistriúchán go Gaeilge na hÉireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir an tOllamh Caoimhín Ó Scanaill an bailiúchán ar líne mar aon le haistriúchán Gaeilge faoi thrí rogha de leagan amach. Tá an suíomh dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge na hÉireann ar a dtoil acu ionas go mbeidís in ann an Mhanainnis a fhoghlaim gan dul i muinín an Bhéarla.[2][3]
Bhain Ó Scanaill feidhm as an inneall aistriúcháin Intergaelic leis na téacsanna a aistriú ón Manainnis go Gaeilge agus ghlan sé toradh an phróisis sin de láimh leis na botúin a cheartú.[2]
Shíl léirmheastóir amháin go bhfuil "cuma aisteach ar chuid de na habairtí Gaeilge sa leabhar, atá beagán mínádúrtha ó thaobh struchtúir de". Deir Ó Scanaill go mbaineann sé sin le bunsprioc an tsuímh cabhrú do chainteoirí Ghaeilge na hÉireann dul i dtaithí ar ghnás Ghaeilge Mhanann. Ní dhearna sé "iarracht Gaeilge ‘líofa’ a chur ar an téacs; chloígh mé go dlúth le foclaíocht agus le struchtúr na Manainnise. Is d’aon turas a rinne mé seo, mar áis d’fhoghlaimeoirí."[2]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ar líne: cadhan.com/skeealaght
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Kevin P. Scannell (2016). "skeealaght". Foclóir Manainnis-Gaeilge.
- 1 2 3 4 5 Maitiú Ó Coimín (2016-07-27). "Béaloideas na Manainnise ar fáil anois i nGaeilge". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-29.
- 1 2 3 4 Kevin Scannell (Iúil 2016). "Skeealaght: Brollach". cadhan.com. Dáta rochtana: 2026-01-29.
- Ailt le téacs sa Ghaeilge
- Béaloideas
- Cultúr Oileán Mhanann
- Gaeilge Mhanann
- Litríocht Ghaeilge Mhanainn
- Litríocht Oileán Mhanainn
- Saothair Ghaeilge Mhanann
- Foghlaim Ghaeilge Mhanann
- Aistriúcháin idircheilteacha
- Tograí idirghaelacha
- Bunachair shonraí
- Bunachair ar líne
- Bunachair shonraí ar líne
- Corpais na Gaeilge
- Corpais téacsanna
- Láithreáin gréasáin na Gaeilge
- Láithreáin gréasáin
- Bunaithe sa bhliain 2016
- Bunaithe sna 2010í
- Leabhair a foilsíodh in 1976
- Leabhair a foilsíodh sna 1970idí