Sionrac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ábhar saorga ceirmeach a úsáidtear chun dramhaíl radaighníomhach ardleibhéil a stóráil ann. Measctar an dramhaíl le hocsaídí miotalacha i bhfoirm púdair, agus déantar an t-ábhar ceirmeach as sin trí théamh faoi bhrú. Díláithríonn na hadaimh radaighníomhacha sa dramhaíl cuid de na hadaimh óstacha, agus nasctar iad go ceimiceach i struchtúr an tsionraic mar a bheadh in ábhar ceirmeach nádúrtha. Tá sé i gceist sionrac a úsáid in ionad gloine mar mheán stórála fadtréimhsí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Sionrac". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 603.