Jump to content

Siondróm an phasadóra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is ionann siondróm an phasadóra[1] agus patrún síceolaíoch ina mbíonn duine in amhras faoina chuid éachtaí agus ina mbíonn eagla inmheánaithe sheasmhach ar an duine go bhfeicfidh daoine eile gur “caimiléir” é. In ainneoin cumas na ndaoine sin a bheith soiléir do chách, bíonn siad siúd a bhfuil an siondróm seo orthu fós siúráilte gur caimiléirí iad, agus nach bhfuil an méid atá bainte amach acu tuillte acu.[2]

Ceapann daoine a bhfuil siondróm an phasadóra orthu gur éirigh leo díreach mar go raibh an t-ádh leo. Ceapann siad uaireanta freisin gur éirigh leo mar gur chuir siad i gcéill do dhaoine eile go bhfuil siad níos cliste ná mar a airíonn siad féin. Tá dul amú ar dhaoine ar a bhfuil siondróm an phasadóra nuair a chreideann siad gur ádh is cúis lena gcuid rathúlachta, nó go bhfuil dallamullóg curtha acu ar dhaoine eile.

Tá mothú ag duine b'fhéidir go bhfuil sé uireasach agus ceapann an duine b'fhéidir nach bhfuil na scileanna atá riachtanach don jab aige. Ach tá mothú seo atá go hiomlán as compás leis an bhfírinne. Is duine neamhdhaingean é b'fhéidir.

Déantar cur síos ar shiondróm an phasadóra mar “phatrún síceolaíoch”, agus ní mar mheabhairghalar. Cé gur díríodh i dtaighde luath ar a choitianta is atá an feiniméan seo i measc mná rathúla, aithnítear go gcuireann siondróm an phasadóra isteach ar fhir agus ar mhná araon.

Mar shampla, buaileann siondróm an phasadóra gach scríbhneoir ó am go chéile, a deir an scríbhneoir Áine Ní Ghlinn.[3]

Phléigh Jordana Confino bealaí do dhlíodóirí mná luathghairme, go háirithe, chun siondróm an phasadóra a shárú.[4]

Cás na Gaeilge

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuail an siondróm Aodhán Ó Baoill, agus scríobhann sé "Oibrím sna meáin Ghaeilge, agus is breá liom mo phost. ... Ach mothaím – uaireanta – nach bhfuil na rudaí seo uilig tuillte agam. D’fhoghlaim mé an Ghaeilge ar scoil, ar an ollscoil agus sa Ghaeltacht. ... Ach go fóill féin bímse neirbhíseach anois is arís nuair atá Gaeilge á labhairt agam. Labhraím an teanga gach aon lá le daoine éagsúla ó gach cearn den oileán seo, ach bímse do mo cheistiú féin go minic faoi chúrsaí gramadaí, struchtúir srl."[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, impostor syndrome agus uaireanta, inferiority complex (coimpléasc ísleachta)
  2. acadamh.ie. "Tástáil Réasúnaíochta Briathartha". Dáta rochtana: 2025.
  3. childrensbooksireland.ie (Iúil 2020, Iml 60). "Bainimis dínn an clóca dofheictheachta / Áine Ní Ghlinn". Dáta rochtana: 2025.
  4. Jordana Confino (2023). "Lawyers who learn". Dáta rochtana: 2025.
  5. Aodhán Ó Baoill (28 Iúil 2025). "Siondróm an Phasadóra < Meon Eile" (ga-IE). www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2025-07-29.