Jump to content

Siolla gaoithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

San amhránaíocht is éard atá i gceist le siolla gaoithe ná na focail bheaga gan chiall a chantar, amhail 'Seó hú leó, seó hú leó', ‘pilliliú pilliliú’ nó ‘ím bím babaró. Tá sé an-choitianta san amhránaíocht sean-nóis agus go speisialta in amhráin Ghaeilge na hAlban.

"Tá úsáid na siollaí gaoithe an-choitianta sna seánraí seo go léir (suantraithe, na caointe, agus na lúibíní); iad ina loinneog ag deireadh gach líne, b’fhéidir, nó ag deireadh gach dreasa nó gach véarsa — leithéidí ‘seoithín seó’ sna suantraithe; ‘pilliliú pilliliú’ sa chaointeoireacht; ‘ím bím babaró’ sna lúibíní. Bhí an tobchumadóireacht an-choitianta i gcás na gcaointe agus na lúibíní: tobchumadóireacht a bhí ag brath, roinnt mhaith, ar théamaí foirmlitheacha agus ar fhriotal aitheanta."[1]

"Tá plé ar fheidhm chosanta na suantraithe déanta ag Breandán Ó Madagáin, agus is fiú a chuid tuiscintí ar an seánra seo a lua, mar tá fianaise an-tábhachtach bailithe ó bhéal aige maidir le feidhm na siollaí gaoithe ar nós ‘seoithín seo’. Is é atá ráite ag cúpla faisnéiseoir ná gur fheidhmigh na siollaí gaoithe féin mar ortha chosanta in éadan na sióg, ‘agus dá dheise is dá bhinne is dá uaigní is dá bhrónaí a chanfaí [an loinneog] is mó an buaí a bheadh inti mar chosaint’. Is tuiscint í seo atá ag teacht le feidhm na sleachta thuas gan amhras."[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]