Jump to content

Siobhán Peoples

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSiobhán Peoples
Beathaisnéis
BreithInis Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmceoltóir, fidléir, léachtóir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCeol na hÉireann agus ceol traidisiúnta na hÉireann
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
UirlisVeidhlín
Teaghlach
AthairTommy Peoples

Veidhleadóir í Siobhán Peoples as Inis i gContae an Chláir atá báite sa cheol Gaelach ó bhí sí aon bhliain déag. Tá cumasc d’oidhreacht Thír Chonaill agus d’oidhreacht an Chláir ag rith le dúchas an cheoil aici; b’fhidléir iomráiteach as Dún na nGall Tommy Peoples, a hathair agus bhíodh Kitty Linnane, a seanmháthair, ag casadh pianó le Banna Céilí Chill Fhionnúrach.

Tá Siobhán ina teagascóir dúthrachtach in Ollscoil Luimnigh le fiche bliain agus níos faide agus taitníonn léi a bheith ag múineadh ar fud na hÉireann agus na hEorpa. Is iomaí ceoltóir, go logánta, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta arb é díograis Shiobháin i mbun teagaisc an spreagadh is mó a bhí acu.

Chomh maith lena cuid múinteoireachta, is mór an tairbhe atá déanta ag Siobhán i saol an cheoil i mbaile Inse. Bhí páirt shuntasach aici in athbheochan Fhéile Cheol Traidisiúnta Inse agus rinne sí fónamh ar feadh na mblianta ar an gcoiste.

Le teann measa ar a cuid saothair, bronnadh gradam MÓRglór na bliana 2023 ar Shiobhán, mar chomóradh ar an dua a chaitheann sí leis an gceol traidisiúnta a chur chun cinn agus a bhfuil bainte amach aici mar a bheadh sí ina hambasadóir maidir leis an ealaín thraidisiúnta i gContae an Chláir.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]