Sinéad Burke
Sinéad Burke | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | 1990(30/31 bliain d’aois) |
Náisiúntacht | Éire |
Oideachas | |
Alma mater | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath |
Gairm | |
Gairm | gníomhaí, blagálaí agus dearthóir faisin |
Airde | 1.05 m |
Duais |
liosta iomláin BBC 100 Women (2019)
|
Is scríbhneoir agus scoláire í Sinéad Burke a rugadh i mBaile Átha Cliath.
Fuair sí a céim mar mhúinteoir bunscoile as an hInstitiúid Oideachais Marino. Bhuaigh si an bonn Vere Foster mar bhí sí ar bharr an ranga. Rinne sí PhD i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar an oideachas i gcearta daonna, go háirithe ag féachaint ar conas a thugann scoileanna glór do pháiste. Tá díocas uirthi chun guth a thabhairt dóibh sin a bhí gan ghlór. D'oibrigh sí le Foras na Gaeilge chun focal nua a cuir síos ar "duine nach sroicheann gnáthairde an duine fásta mar gheall ar riocht sláinte ar nós abhcachta": duine beag.[1][2] I mí an Mhárta 2017, thug Burke léacht TED faoina saol mar dhuine beag agus na dúshláin a tá le sárú aici i rith a saol laethúil.[3]
Tá an dúshuim aici i gcúrsaí faisin ó a bhí sí óg agus cruthaíonn sí ilchineálacht sa tionscal an fhaisin go gníomhach ar na meáin shóisialta. Úsáideann sí na deiseanna seo chun a dteachtaireacht a scaipeadh díreach chuig tithe an fhaisin.
Is ambasadóir í ag Gasóga na hÉireann agus 'Irish Society for Prevention of Cruelty to Children' (ISPCC).
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ ""little person"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-11-02.
- ↑ https://www.irishtimes.com/culture/heritage/the-irish-words-for-selfie-brexit-and-spam-1.3160155
- ↑ Sinéad Burke. "Why design should include everyone" (in en).