Simon Adebisi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Carachtar sa dráma teilifíse Oz is ea Simon Adebisi, páirt a rinne Adewale Akinnuoye-Agbaje. HBO a thaispeáin an dráma agus é ag cur síos ar chóras trialach géibhinn in Em City, cuid d'Oz.

Is é Adebisi ceannaire na "Homeboys" sa phríosún, agus é ar dhuine de na príosúnaigh is contúirtí. Tá a chomharthaí sóirt féin ag roinnt leis ar nós an hata bhig a bhíonn sáite siar ar a chloigeann agus na cluasáin a bhíonn air. As an Nigéir dó agus tuin air dá bharr. Tá deich mbliana caite sna Stáit aige, agus sacadh sa phríosún é nuair a dhúnmharaigh sé póilín le maiseite. Ní hé sin an chéad duine a mharaigh sé: tá a lán eile criogtha aige, go háirithe Nappa, ceannaire na Sicileach, fear a mharaíonn sé le hinsteallaire a bhfuil VEID ann.

Saiid, ceannaire na Moslamach sa phríosún, a chuireann dá chois é tar éis d'Adebisi cuairt a thabhairt air de bharr ordú a fháil dul chuig an ngnáthphríosún.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]