Jump to content

Signalgate

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSignalgate
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálinformation leakage (en) Aistrigh
scannal polaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deالحملة الأمريكية على اليمن (مارس – مايو 2025) agus Dara téarma Donald Trump Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na blianaMárta 2025 Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí

I dtús mhí an Mhárta 2025, d'iarr na Stáit Aontaithe ar na Hútaithe stop a chur le hionsaithe ar na longa tráchtála' a úsáideann an stráice farraige sin mar aicearra idir an tAigéan Indiach agus Atlantach, an Mhuir Rua. Ar an 15 Márta, scaoil fórsaí Mheiriceá diúracáin i dtreo na Hutaithe.[1]

Cúpla lá níos déanaí, tháinig sceitheadh comhrá grúpa rialtais na Stát Aontaithe ar Signal chun solais. Roimh na hionsaithe, tugadh cuireadh de thaisme don eagarthóir ón iris Atlantic chun dul isteach sa comhrá. Baineadh úsáid as Signal chun oibríochtaí míleata na Stát Aontaithe san Éimin a phlé Tugadh "Signalgate" ar an scannal.[2][3]

Ní raibh rúnaí cosanta na Stát Aontaithe, Pete Hegseth, córas cumarsáide an Pheinteagáin a úsáid, córas ró-chasta dó. Roinn Hegseth sonraí faoi ionsaí na Stát Aontaithe ar na Hutaithe, lena n-áirítear sceidil eitilte, srl.

Ar an 21 Aibreán, tháinig sé chun solais go raibh dara seomra comhrá Signal ann, a úsáideadh chun oibríochtaí míleata na Stát Aontaithe a phlé. I measc an chomhrá seo, bhí Hegseth, a bhean chéile, a dheartháir agus timpeall dosaen duine eile.

Cuireadh brú ar Hegseth éirí as. Chosain Trump Hegseth ag ócáid "chaitheamh Uibheacha na Cásca" sa Teach Bán, ag rá go raibh jab iontach á dhéanamh aige.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Nuacht RTÉ (2025-03-17). "Leantar le hionsaithe san Éimín" (as ga-IE). 
  2. 2.0 2.1 Peter Beaumont (2025-03-26). "Signal leak revelations expose US officials’ lies about what was shared" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-03-29.
  3. "United States government group chat leak" (as en) (2025-03-29). Wikipedia. 
  4. Conradh na Gaeilge, Londain (26 Aibreán 2025). "Nuacht Mhall (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-04-27.