Jump to content

Sibrwd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sibrwd

Cineálaip shoghluaiste Cuir in eagar ar Wikidata
Saintréithe teicniúla
ArdánAndroid agus iOS
Foireann
DáileoirGoogle Play agus App Store
Tuilleadh eolais
Láithreán Gréasáintheatr.cymru… Cuir in eagar ar Wikidata

Is aip rochtana teanga é Sibrwd ("cogar" i mBreatnais;[1] Fuaimniú: /ˈsɪbrʊd/ SUIB-rud[2]), arna fhorbairt ag an gcomhlacht amharclannaíochta Theatr Cymru [cy]. Le focal ar scáileán nó le cogar i gcluasán, cabhraíonn sé le daoine sult a bhaint as léiriúchán i dteanga nach bhfuil ar a dtoil acu.[3][4][5][6]

Is féidir leis an lucht féachana an aip a íoslódáil chuig a bhfóin chun fotheidil, leideanna, nó ábhar breise a fháil. Faightear rochtain le cód QR agus nasc le wifi na hamharclainne.[4][5][6]

Tá an Taibhdhearc tar éis leas a bhaint as Sibrwd agus geamaireacht á léiriú acu.[3][4]