Shirley-Anne Somerville
Is polaiteoir Albanach í Shirley-Anne Somerville (rugadh 2 Meán Fómhair 1974) atá ina Rúnaí Comh-Aireachta ar Cheartas Sóisialta i rialtas cineachta na hAlban ó 2023 i leith.
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Luathbhlianta agus oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Shirley-Anne Somerville i gCair Chaladain sa bhliain 1974. [1] Cuireadh oideachas uirthi in Kirkcaldy High School, sular fhreastail sí ar Oilthigh Shrath Chluaidh ó 1992 go 1996, agus bhain sí [[Baitsiléir Ealaíon|BA] (Onóracha) amach san Eacnamaíocht agus sa Pholaitíocht. Ó 1997 go 1999, d'fhreastail Somerville ar an Oilthigh Shruighlea, áit ar ghnóthaigh sí Dioplóma i Staidéar Tithíochta. Sular toghadh í chun Pharlaimint na hAlban i dtoghchán Pharlaimint na hAlban 2007, d'fhreastail sí ar Oilthigh na Banríona Margaret, áit a ndearna sí Dioplóma sa Chaidreamh Poiblí.
Gairm pholaitiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis do Stefan Tymkewycz éirí as, tháinig Somerville i gcomharbacht air mar Bhall de Pharlaimint na hAlban ar son Lodainn. Chaill sí a suíochán i dtoghchán 2011 agus sa bhliain 2012 fógraíodh í mar stiúrthóir ar Yes Scotland. Tar éis fothoghchán Dhùn Phàrlain 2013 a chailleadh, sheas sí síos mar stiúrthóir pobal.
I dtoghchán Pharlaimint na hAlban 2016, toghadh Somerville le feidhmiú mar BhPA do thoghcheantar Dhùn Phàrlain. Bhí sí ina hAire Breisoideachais, Ardoideachais agus Eolaíochta ó 2016 go 2018, sular ceapadh í chuig Comh-Aireachta na hAlban mar Rúnaí Comh-Aireachta um Shlándáil Shóisialta agus Daoine Scothaosta in atheagrú comh-aireachta Nicola Sturgeon sa bhliain 2018. Atoghadh Somerville chuig Parlaimint na hAlban i dtoghchán 2021, agus i dtríú rialtas Sturgeon, ceapadh í ina Rúnaí Comh-Aireachta um Oideachas agus Scileanna. Tar éis a ceapacháin, d'fhógair sí go ndéanfaí leasú ar Ùghdarras Teisteanasan na h-Alba agus Foghlam Alba, tar éis cáineadh forleathan.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Parlaimint na hAlban: Shirley-Anne Somerville MSP
- Oibríonn Siad Duit: Shirley-Anne Somerville BPA