Sgt. Pepper's Lonely Hearts Club Band

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AlbamSgt. Pepper's Lonely Hearts Club Band
Cineálalbam stiúideo
EalaíontóirThe Beatles
Eisithe26 Bealtaine 1967 (UK)
2 Meitheamh 1967 (USA)
TaifeadtaAbbey Road Studios
Seánrarac sícideileach, rac-ealaine, pop barócach, rac siansach agus halla ceoil
Fad2,383
TeangaBéarla
LipéadParlophone
Capitol Records
ClúdachPeter Blake (en) Aistrigh, Jann Haworth agus Michael Cooper (en) Aistrigh
LéiritheoirGeorge Martin
Formáidfadcheirnín, téip 8-rian, closchaiséad, dlúthdhiosca, ceol sruthaithe agus íoslódáil ceoil
Seasamh sna cairteacha
Croineolaíocht
albaim de chuid The Beatles in ord croineolaíoch
The Beatles
(1968)

The Beatles UK albums discography (en) Aistrigh
The Beatles
(1968)

The Beatles US albums discography (en) Aistrigh
Revolver
(1966)
Magical Mystery Tour (en) Aistrigh
(1967)

Rolling Stone's 500 Greatest Albums of All Time (en) Aistrigh
Spotify: 6QaVfG1pHYl1z15ZxkvVDW Discogs: 23934 Allmusic: mw0000649874 Cuir in eagar ar Wikidata

Is albam ón bhanna The Beatles é Sgt. Pepper's Lonely Hearts Club Band, a bhí eisithe ar an 26 Bealtaine 1967. Albam tábhachtach ab ea é, agus bhí tionchar mór aige ar an 'pop' cheol sna 1960idí.

Taifeadadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag taisteal ar eitleán idir an Chéinia agus Londain i Samhain 1966 a bhí McCartney nuair a bheartaigh sé gur chóir don bhanna albam a  dhéanamh agus iad i mbréagriocht[1].

Caitheadh ceithre mhí agus 700 uair a chloig ar a thaifeadadh. Ba iad na chéad amhráin a cumadh don albam ná Strawberry Fields Forever agus Penny Lane, ar cuireadh amach astu féin iad mar shingil ‘double A-side’ i mí Feabhra 1967.

Tá Paul ina phríomhamhránaí ar chúig cinn de na hamhráin ar an albam agus ar John atá an cúram sin ar thrí cinn. Tá siad beirt mar phríomhamhránaithe ar dhá amhrán agus is iad John, Paul agus George na príomhamhránaithe ar cheann eile. Tá Ringo ina phríomhamhránaí ar amhrán amháin.

Meastar gur £25,000 ar fad a chosain sé an t-albam a dhéanamh. Dúirt Ringo Starr gur chaith sé an oiread sin ama díomhaoin agus an t-albam á thaifeadadh gur fhoghlaim sé conas ficheall a imirt.

Rinneadh an t-albam a mheascadh go cáiréiseach mar albam mono agus níor caitheadh mórán dua in aon chor leis an meascadh stereo, an leagan is coitianta den albam.

An Clúdach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an-dealramh ag clúdach an albaim le clúdach albam ómóis do na Beatles a chuir Mercblecket, banna práis as an Iorua, amach roinnt blianta roimhe sin.

Tá 57 grianghraf agus naoi gcéirshamhail sa cholláis cháiliúil ar an gclúdach. Bhí John Lennon ag iarraidh go mbeadh Íosa Chríost, Hitler agus Gandhi le feiceáil ar an gclúdach ach diúltaíodh dó.

Íomhá:Sgt. Pepper's Lonely Hearts Club Band (50th Anniversary Super Deluxe Edition).jpg
Comóradh 50 bliain, cóip "Super Deluxe"

Dúirt Paul McCartney nár cuireadh Elvis Presley ar an gclúdach mar gurbh é ‘Elvis the King’ é agus toisc go raibh sé “ró-thabharthach” dá bharr.

Ba í an chéad uair a foilsíodh na liricí ar fad ar chúl albaim.

Istigh leis an albam, bhí gearrthóga páipéir de chroiméil agus de stríoca chultacha Sgt. Pepper’s mar aon le cárta poist de dhealbh a bhí ag Lennon ina theach.

Costas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chosain clúdach an albaim £3,000 tráth (arbh é an gnáthchostas a bhain lena leithéid ná £50). Ba iad Peter Blake agus Jann Haworth a rinne an clúdach a dhearadh bunaithe ar phictiúr a tharraing Paul McCartney. Níor íocadh ach £200 riamh le Peter Blake agus Jann Haworth.

Culaith John Lennon, Rock and Roll Hall of Fame, Cleveland, Ohio

In 2008 díoladh ar €670,000 ar ceant an craiceann dord-druma atá le feiceáil ar an gclúdach.

Eisiúint[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sular cuireadh an t-albam amach, chuir an banna ar siúl i dteach a gcarad, Cass Elliot, príomhamhránaí The Mamas and the Papas. Ag 6am osclaíodh na fuinneoga san árasán ar an King’s Road agus casadh chomh hard agus ab fhéidir an saothar nua.  Tuairiscíodh gur thuig na comharsana gur shaothar nua de chuid The Beatles a bhí chucu agus ní dhearna aon duine gearán faoin torann.

Ba é Sgt. Peppers an chéad albam a cuireadh amach ag an am céanna ar fud an domhain.  Díoladh 250,000 cóip de sa chéad seachtain agus 2.5 milliún taobh istigh de thrí mhí. Sna Stáit Aontaithe, $2.86 a bhí ar chóip den albam nuair a tháinig sé amach.

Díoladh os cionn 32 milliún cóip den albam ó seoladh é (ar feadh 50 bliain, go dtí 2017).

Deireadh Fómhair, 1967, an DJ Jim Stagg agus na Beatles.

Léirmheasanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

27 seachtain a thug an t-albam ar bharr na gcairteacha sa Ríocht Aontaithe. Ceithre mhí i ndiaidh sheoladh an albaim, bhí The Beatles ar chlúdach Time, an chéad uair do bhanna rac a bheith ar chlúdach na hirise sin.

Dúirt The New York Times Book Review gur “golden Renaissance of Song” a bhí i gceist leis an albam.

Bhí Sgt. Peppers ag uimhir a haon ar liosta den 500 albam is fearr riamh a d’fhoilsigh an iris Rolling Stone in 2012.

Stiúideo 2, bóthar Abbey, áit a rinneadh an taifeadh

I bpobalbhreith a rinne Rolling Stone i measc a léitheoirí, tháinig Sgt. Pepper’s sa cheathrú háit ar liosta de na halbaim is fearr ag The Beatles: bhí Revolver, Abbey Road agus ‘The White Album’ chun tosaigh air.

Dúirt George Martin nach mbeadh ann in aon chor do Sgt. Pepper’s murach gur chuala siad Pet Sounds. Dúirt Brian Wilson nach mbeadh ann do Pet Sounds murach gur chuala The Beach Boys Rubber Soul.

In Dallas in 2013, díoladh cóip den albam, a bhí sínithe ag ceathrar ball an bhanna, ar $290,500.

Na hAmhráin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Studer J37 ag an am

Ba é an chéad albam de chuid The Beatles a raibh na hamhráin chéanna san ord céanna ar an leagan a tháinig amach sa Ríocht Aontaithe agus an leagan a tháinig amach i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Sa leagan den albam a cuireadh amach i dtíortha áirithe sa Chianoirthear, fágadh ar lár na hamhráin chonspóideacha ar cuireadh cosc orthu. Dúirt George Martin gur “cinneadh uafásach” a bhí ann gan Strawberry Fields Forever agus Penny Lane a chur ar an albam féin.

Taobh 1[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Sgt. Pepper's Lonely Hearts Club Band. Rinne George Martin an slua atá le cloisteáil a thaifeadadh ag ceolchoirm de chuid an bhanna sa Hollywood Bowl.
  2. póstaer Mr Kite, 19ú céad
    With a Little Help from My Friends. Ba é an chéad leagan den chéad líne  ná ‘What would you do if I sang out of tune? ..’. Dhiúltaigh Starr an líne a rá ar eagla go gcaithfeadh lucht tacaíochta an bhanna trátaí leis le teann ceana.
  3. Lucy in the Sky with Diamonds. Chuir an BBC cosc ar ‘Lucy in the Sky with Diamonds’ mar measadh gur ag tagairt don druga LSD a bhí sé. Ach mhaígh Lennon go raibh an t-amhrán bunaithe ar phictiúr a tharraing a mhac Julian a bhí ceithre bliana d’aois.
  4. Getting Better
  5. Fixing a Hole. Deir Paul McCartney gurb ionann na daoine ‘standing there who disagree, and never win’ i ‘Fixing A Hole’ agus na daoine a bhíodh ag fanacht timpeall lasmuigh dá thigh de agus d’oíche, dream a chuir isteach go mór air. Chas George Martin an chruitchlár ar ‘Fixing a Hole’ a taifeadadh i Regent Sound Studio ag 164-166 Tottenham Court Road, seachas in Abbey Road.
  6. She's Leaving Home. Tá an t-amhrán ‘She’s Leaving Home’ bunaithe ar alt sa Daily Mail faoi Melanie Coe, cailín óg a d’éalaigh ón mbaile. Le rácadóir seachas ‘a man from the Motortrade’ a d’éalaigh Coe. Cé nár thuig sé é agus an t-amhrán á chumadh aige, casadh Cole ar Paul McCartney cúpla bliain roimhe sin nuair a bhronn sé duais uirthi ar chlár teilifíse.
  7. Being for the Benefit of Mr. Kite! Tá liricí John Lennon do ‘Being for the Benefit of Mr. Kite!’ bunaithe ar phóstaer do shorcas Pablo Fanque ó 1843. Chuir an BBC cosc ar ‘Being for the Benefit of Mr. Kite!’ toisc go luaitear ‘Henry the Horse’ ann agus gur téarmaí sa chaint iad ‘Henry’ agus ‘Horse’ araon don hearóin.
(1) Sri Yukteswar Giri (Hindu guru) (2) Aleister Crowley (occultist) (3) Mae West (actress) (4) Lenny Bruce (comedian) (5) Karlheinz Stockhausen (composer) (6) W. C. Fields (comedian) (7) Carl Gustav Jung (psychiatrist) (8) Edgar Allan Poe (writer) (9) Fred Astaire (actor/dancer) (10) Richard Merkin (artist) (11) The Vargas Girl (by artist Alberto Vargas) (12) Leo Gorcey (actor) (13) Huntz Hall (actor) (14) Simon Rodia (designer and builder of the Watts Towers) (15) Bob Dylan (singer/songwriter) (16) Aubrey Beardsley (illustrator) (17) Robert Peel (19th century British Prime Minister) (18) Aldous Huxley (writer) (19) Dylan Thomas (poet) (20) Terry Southern (writer) (21) Dion DiMucci (singer/songwriter) (22) Tony Curtis (actor) (23) Wallace Berman (artist) (24) Tommy Handley (comedian) (25) Marilyn Monroe (actress) (26) William S. Burroughs (writer) (27) Sri Mahavatar Babaji (Hindu guru) (28) Stan Laurel (actor) (29) Richard Lindner (actor comedian) (30) Oliver Hardy (actor) (31) Karl Marx (political philosopher) (32) H.G. Wells (writer) (33) Sri Paramahansa Yogananda (Hindu guru) (34A) James Joyce (34) Hairdresser's wax dummy (35) Stuart Sutcliffe (artist/former Beatle) (36) Hairdresser's wax dummy (37) Max Miller (comedian) (39) Marlon Brando (actor) (40) Tom Mix (actor) (41) Oscar Wilde (writer) (42) Tyrone Power (actor) (43) Larry Bell (artist) (44) David Livingstone (missionary/explorer) (45) Johnny Weissmuller (Olympic swimmer/Tarzan actor) (46) Stephen Crane (writer) (47) Issy Bonn (comédian) (48) George Bernard Shaw (writer) (49) H.C. Westermann (en) (sculptor) (50) Albert Stubbins (English footballer) (51) Sri Lahiri Mahasaya (Hindu guru) (52) Lewis Carroll (writer) (53) T.E. Lawrence ("Lawrence of Arabia") (54) Sonny Liston (54A) Unidentified (55) A "Petty Girl" (by George Petty) (56A) Sophia Loren (actress) (58A) Marcello Mastroianni (actor) (61) Albert Einstein (physicist) (65A) Bette Davis (actress) (65B) Timothy Carey (actor) (66) Bobby Breen (singer) (67) Marlene Dietrich (actress/singer) (68) Gandhi (Indian leader) (69) An American legionnaire (70) Diana Dors (actress) (71) Shirley Temple (C) Adolf Hitler (has been replaced)

Taobh 2[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Within You Without You (Harrison). Le linn athmheascadh an albaim don cheiliúradh 50 bliain, thug Paul McCartney suntas do ‘Within You Without You’, port George Harrison ar an albam.
  2. When I'm Sixty-Four. Ba ag deireadh na gcaogaidí a chum Paul McCartney ‘When I’m 64’. Ba é an chéad amhrán ón albam a rinneadh taifeadadh air – ar an 6 Nollaig 1966.
  3. Lovely Rita
  4. Good Morning Good Morning. Deirtear gurbh fhógra do Kellogg’s Cornflakes a spreag an t-amhrán seo.
  5. Sgt. Pepper's Lonely Hearts Club Band (Reprise)
  6. A Day in the Life. Scéal nuachtáin faoi bhás Tara Browne, féileacán sóisialta óg a raibh aithne ag na Beatles uirthi, a spreag ‘A Day in the Life’. . Chuir an BBC cosc ar ‘A Day in the Life’ toisc an líne ‘I’d love to turn you on’ a bheith ann. Measadh go bhféadfadh a leithéid dearcadh ceadaitheach i leith úsáid drugaí a spreagadh. Tógadh fuaim na ceolfhoirne ag tiúnadh atá le cloisteáil ag tús an albaim ó thaifeadadh de na ceoltóirí ag tiúnadh roimh an seisiún do ‘A Day in the Life’ ar an 10 Feabhra 1967.

Gach amhrán le Lennon/McCartney, ach amháin iad le nótaí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]