Sfumato
Appearance
Teicníc i réimse na péintéireachta is ea sfumato, ag déanamh imlínte na bpictiúr doiléir le scáthanna doiléire. Mar shampla, tá an teicnic seo le feiceáil timpeall na súl agus an bhéil sa Mona Lisa nó Naomh Anne de chuid Léonardo de Vinci.[1]
Ba dhul ar aghaidh teicniúil é seo ar na himlínte géara i bpéintéireacht an 15ú céad (mar shampla, i gcás Botticelli, Correggio is Mantegna), agus chabhraigh sé le sármháistrí an 16ú céad nádúrachas feabhsaithe a bhaint amach.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ COGG. "An Athbheochan". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Sfumato". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 594.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |