Seán Ó Riada

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Ó Riada

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Lúnasa 1931
Áth Dara, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás3 Deireadh Fómhair 1971
40 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ciorróis)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh
St Munchin's College (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcumadóir, ceoleolaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1954 –
SeánraCeol traidisiúnta na hÉireann
UirlisVeidhlín
Lipéad ceoilShanachie Records Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteLiadh Ní Riada, Peadar Ó Riada Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0642498 IBDB: 491699
Musicbrainz: 59cf1529-6013-4606-802e-908581a5154a Discogs: 1781084 Cuir in eagar ar Wikidata

Cumadóir ab ea Seán Ó Riada (1 Lúnasa, 19313 Deireadh Fómhair, 1971), nó John Reidy mar a baisteadh air.[1] Is dóigh gurb é an duine ba mhó a raibh tionchar aige ar athnuachan an cheoil thraidisiúnta in Éirinn ó na 1960í i leith. Rinne sé é sin trína rannpháirtíocht i gCeoltóirí Chualann, trína shaothar ceoil, a chuid scríbhinní agus a chuid craolachán ar an ábhar. Ní amháin ceoltóir ab ea Seán Ó Riada, ach freisin treoraí ar bhanna ceoil, ealaíontóir, scoláire, scannánóir agus Gaeilgeoir. D’fhág a chuid ceoil ach go háirithe a rian go láidir ar an náisiún Gaelach. Bhain Seán Ó Riada stádas agus tábhacht amach i saol na hÉireann agus chuir sé aithne ar mhóruaisle na tíre.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh John Reidy mar ab ainm dó ar dtús i gCathair Chorcaí[2], agus d'aistrigh an teaghlach go hÁth Dara i gContae Luimnigh go gairid ina dhiaidh sin. Fuair sé a chuid meánscolaíochta i gColáiste Naomh Fionnbarra, Fearann Phiarais. Sheinneadh sé an veidhlín, an pianó agus an t-orgán agus rinne sé staidéar ar na clasaicí i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Sa choláiste dó bhí sé ina reachtaire ar an gcumann fealsúnachta. Bronnadh céim air i 1952.

Sa bhliain chéanna deineadh stiúrthóir cúnta de i Raidió Éireann. Phós sé Ruth Coughlan i 1953. Sna tráthnónta bhíodh sé ag seinm le bannaí rince. I 1955 d’éirigh an Riadach as a phost gradamúil, agus chaith sé seal beag sa Fhrainc[3]. Agus é i mbun staidéir faoi Aloys Fleischman chum sé ceol avant-garde.

Chaith Seán cúig bliana ina dhiaidh sin ina stiúrthóir ceoil in Amharclann na Mainistreach. Taca an ama sin, i ndiaidh dó mórán machnaimh a dhéanamh ar an ábhar, d’athraigh sé a ainm ó John Reidy go Seán Ó Riada[4]. Le linn na bliana ina dhiaidh sin, chum an Riadach iliomad píosaí ceoil don cheolfhoireann dar teideal “Nomos”. Fágadh an tríú ceann gan a bheith críochnaithe agus thóg cuid de na cinn eile blianta le cur i gcrích.

Mise Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar chumadóir clasaiceach ba é cumas an Riadaigh ceol a chumadh don amharclann agus don scannán. I 1959, scríobh sé an scór le haghaidh scannán faisnéise a bhí á chur le chéile ag George Morrison dar teideal “Mise Éire”. Tá cur síos sa scannán ar Éirí Amach na Cásca 1916.

Ceol an scannáin le Seán Ó Riada, Ceolfhoireann Shiansach Radio Éireann a sheinn. Ceirnín Ghael-Linn, Luas 45, GL12.

Baineadh leas as an scór i go leor scannán eile agus tá sé le fáil i bhfoirm dlúthdhiosca faoi mar atá ceol scannán eile, “Saoirse” (1960) agus “An Tine Bheo”. Ó Riada féin a bhí ina stiúrthóir ar thaifeadadh cheol na scannán úd. Sna saothair seo, déantar foinn thraidisiúnta Ghaelacha agus amhráin ar an sean-nós a chomhcheangal le cóiriú ceolfhoirneach. Bhí a leithéid sin déanta cheana féin ag Ralph Vaughan Williams le ceol traidisiúnta Shasana. Ach sna 1950í ba bheag meas a bhí ag daoine ar an gCeol traidisiúnta na hÉireann. Rinne an Riadach a chéad iarracht ar amhrán Gaelach a chomhcheangal le ceol clasaiceach i 1958 nuair a rinne stáisiún raidió i gCorcaigh coimisiúnú ar shaothar gairid dá chuid. Bhain sé cáil náisiúnta amach le “Mise Éire” agus thug sin an deis dó tús a chur le sraith chlár raidió faoin teideal “Our Musical Heritage”. Mhol sé do dhaoine éisteacht le hamhrán sean-nóis faoi mar a d’éistfeadh páiste leis. .

Ceoltóirí Chualann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1961 bhunaigh Ó Riada Ceoltóirí Chualann, buíon de cheoltóirí traidisiúnta ar mhó a cosúlacht le ceolfhoireann bheag ná le banna céilí.[5] Cé go mbídís ag seinm i hallaí coirme agus iad feistithe i gcultacha dubha, léinte bána agus carbhait dhubha, is foinn agus amhráin thraidisiúnta, Gaelacha a bhíodh á seinm acu. Sheinneadh Ceoltóirí Chualann cóirithe geala, scáineacha. Shuíodh an Riadach sa tulra láir ag casadh an bhodhráin, druma fráma láimhe agus gléas ceoil a bhí beagnach tréigthe ag lucht an cheoil thraidisiúnta. D’úsáideadh bannaí céilí drumaí bhanna snagcheoil. Theastaigh ón Riadach go mbeadh cláirseach sa ghrúpa, ach toisc nach raibh teacht ar a leithéid, sheinneadh sé féin an cruitchorda ina háit – an fhuaim ba ghaire d’fhuaim na cláirsí. Ba é Cathal Gannon a rinne an cruitchorda a sheinneadh Ó Riada ar bhonn rialta.

Bhíodh ceol tíre na hÉireann á sheinm ag grúpaí i dtábhairní thar lear ag an am sin.. Ach níor chuala muintir na hÉireann ceol traidisiúnta á sheinm ag grúpa ar an nós ‘ensemble’. Bhí cuid de bhaill Cheoltóirí Chualann ina mbaill de ghrúpa nua eile darb ainm ‘Na Chieftains’, grúpa a bhain cáil idirnáisiúnta amach ina dhiaidh sin.

Rinne Ceoltóirí Chualann taifeadadh ar fhuaimrian an scannáin “Playboy of the Western World” (dráma bunaidh de chuid John Millington Synge) i 1963. Sheinn siad é den uair dheireanach i 1969 agus eisíodh taifeadadh den cheolchoirm sin faoin ainm “Ó Riada sa Gaiety”.

Blianta deiridh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dealbh Ó Riada, déanta as copar.

I 1964 bhog Ó Riada go Gaeltacht Chúil Aodha in iarthar Chorcaí. Chuir sé ina luí ar a bhean, Ruth, an Ghaeilge a fhoghlaim laistigh de thrí mhí. Bhunaigh sé cór gutha fear ar ar thug sé “Cór Chúil Aodha”.

Thosaigh sé ag cur suime i gceol córach eaglasta agus chum sé ceol don Aifreann, ar a dtugtar “Aifreann Uí Riada”. Chuaigh sé go mór i gcion ar phobal na hÉireann agus go háirithe ar lucht labhartha na Gaeilge. Saothar eile dá chuid ab ea “Five Greek Epigrams” agus Holdlerin Songs”.

Chóirigh Ó Riada leagan ceoil le haghaidh fhilíocht Thomas Kinsella agus mar chúiteamh air sin mhol an file an Riadach trí véarsaíocht. Bhi laige ae géiniteach aige agus mar sin bhuail ciorróis an ae é dá bharr.[6] Cailleadh é in Ospidéal an Rí i Londain áit ar cuireadh é ag súil lena leigheas. Cuireadh é i reilig Naomh Gobnatan, Baile Mhúirne, Contae Chorcaí. Sheinn an píobaire cáiliúil Willie Clancy ag a shochraid.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Seoda an Riadaigh / The Essential Collection (CD1 - Mise Éire, Saoirse & an Tine Bheo; CD2 – Ceoltóirí Chualann, CD3 - The playboy of the western world 1962).
  • Ó Riada sa Gaiety le Seán Ó Sé agus Ceoltóirí Cualann, 26 Bealtaine 1995 ASIN B000002VWP Gael Linn
  • Seán Ó Riada: Orchestral Works (Mise Éire, Nomos Nos. 1&4, srl). Tagairt RTELYRICCD136, RTE
  • Mise Eire (I Am Ireland) 1991 ASIN B000000DV0; ASIN B000FZERY0
  • O'Riada's Farewell, ASIN B00002R0XH, Claddagh

Feach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó RIADA, Seán (1931–1971) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. "Sean O Riada (1931-71)". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 Meitheamh 2011.
  3. ” Fuair sé roinnt oibre sa Fhrainc ach ba bheag é. Ainm
  4. .Tugtar cuntas i bhfad níos cruinne agus níos sonraithe de bhlianta luatha an Riadaigh sa bheathaisnéis a scríobh Tomás Ó Canainn.
  5. Ainm
  6. "Composer Sean O Riada died from 'genetic liver weakness'". - Irish Independent, 2 Samhain 2011

Naisc sheachtracha agus leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]