Jump to content

Seumas MacManus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeumas MacManus

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith31 Nollaig 1868
Tamhnach an tSalainn, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Deireadh Fómhair 1960
91 bliana d'aois
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaNa Frosa Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileEthna Carbery (en) Aistrigh (1901–1902), bás a c(h)éile
luach anaithnid (1911–) Cuir in eagar ar Wikidata

Goodreads author: 245089

Údar, drámadóir agus file Éireannach ab ea Seumas MacManus (31 Nollaig 1867 – 23 Deireadh Fómhair 1960) a raibh cáil air as a chumas scéalta béaloidis na hÉireann a athléiriú do lucht féachana an lae inniu. [1] [2]

"Bhí cáil ar fud an domhain le fada ar na scéalta a d'inis Seumas. I nGaeilge a chuala sé an chéad lá iad ina cheantar dúchas, ach ní raibh léamh ná scríobh na teanga á múineadh i scoileanna na linne. D'fhág sin gurbh éigean dó iad a scríobh i mBéarla nuair a chuaigh sé go Meiriceá-rud a shábháil cuid díobh ón bhás. [3]

Rugadh Seamas ar an 31 Nollaig 1867 i Maolán an tSalainn, Contae Dhún na nGall, agus ba mhac é le Patrick McManus, ceannaí, agus Mary Molloy.

Rinneadh múinteoir de, agus sna 1890idí thosaigh sé ag scríobh alt agus scéalta do nuachtáin sna Stáit Aontaithe.

Ar an 22 Lúnasa 1901 phós sé an file, an bailéadaí agus an foilsitheoir ó Chontae Aontroma, Ethna Carbery, iníon Fhínín agus duine de bhunaitheoirí na heagraíochta náisiúnaí feimineach Inghinidhe na hÉireann, agus bhog siad isteach le chéile i dTeach Revlin i nDún na nGall . Fuair Carbery bás an bhliain dár gcionn de bharr gastritis, agus í 37 bliain d'aois. D'fhoilsigh MacManus a saothar thar a bheith rathúil ar feadh blianta fada i ndiaidh a báis.

Ar an 9 Márta 1911 i Manhattan, Nua-Eabhrac, phós sé Catalina Violante Paez (a fuair bás i 1962), gariníon iar-uachtarán Veiniséala, an Ginearál José Antonio Páez . [4] Bhí beirt iníonacha ag an lánúin: Mariquita Paez MacManus (1912–2011) [5] agus Patricia MacManus (1914–2005). [6]

Fuair MacManus bás ar an 23 Deireadh Fómhair 1960 tar éis dó titim ó fhuinneog ar an seachtú hurlár de thithe altranais Mary Manning Walsh i gCathair Nua-Eabhrac. [7] Bhí sé 92 bliain d'aois.

Meastóireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meastar ag go leor gurb é SEamus MacManus an seanchaí mór deireanach, nó an scéalaí den sean-traidisiún béil. Scríobh sé síos agus léirmhínigh sé scéalta traidisiúnta ionas nach gcaillfí iad do na glúnta atá le teacht. I leabhar amháin, spreagann sé an léitheoir na scéalta a léamh os ard agus do dhaoine eile. "These tales were made not for reading, but for telling. They were made and told for the passing of long nights, for the shortening of weary journeys, for entertaining of traveler-guests, for brightening of cabin hearths. Be not content with reading them ... And grateful be to the shanachies who passed these tales to me, for you – Sean O'Hegarty, Mairghid Burns, Eoghain O'Cuinn, and the Bacach Ruadh. May God grant their souls rest."

Tá taifeadtaí cartlainne de MacManus ag léamh a scéalta i Notre Dame agus i Halla Seton, agus tá cuid dá leabhair ar fáil le híoslódáil ar Chartlann an Idirlín.

 

  • The Bend of the Road (Dublin: M. H. Gill and Son, Ltd, 1898); 2nd ed, 1906
  • Through the Turf Smoke: The Love, Lore, and Laughter of Old Ireland (New York: Doubleday & McClure Co, 1899)
  • In Chimney Corners: Merry Tales of Irish Folk‐lore (1899)
  • The Bewitched Fiddle and Other Irish Tales (1900)
  • Donegal Fairy Stories (NY: McClure, Phillips & Co, 1900)
  • A Lad of the O'Friels (1903;[8] 1945)
  • The Red Poocher (1903)
  • Ballads of a Country Boy (1905)
  • Lo, and Behold Ye (1905)
  • Doctor Kilgannon (M. H. Gill and Son, 1907)
  • Yourself and the Neighbors (1915)
  • Top o' the Mornin' (1920)
  • Tales that Were Told (1920)
  • The Story of the Irish Race: A Popular History of Ireland (1921); 4th revised ed, 1944
  • The Donegal Wonder Book (1926)
  • The Well o' the World's End (1939)
  • Dark Patrick (NY: Macmillan, 1939)
  • The Rocky Road to Dublin (1947)
  • Tales from Ireland (1949)
  • We Sang for Ireland (1950)
  • Heavy Hangs the Golden Grain (1950)
  • The Bold Heroes of Hungry Hill, and Other Irish Folk Tales (1951)
  • The Little Mistress of the Eskar Mor (1960)
  • Hibernian Nights (1963)
Gearrscéalta Teimpléad:Clarify

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ Meehan. “Macmanus, Seumas Dictionary of Irish Biography”.
  2. ↑ Jack Zipes. “Oxford Companion to Fairy Tales: Seumas MacManus”. Answers Corporation. Dáta rochtana: 11 August 2011.
  3. ↑ Scéalta as Tír Chonaill; cnuasach a ceathair le Séumas MacManus, a thiontaigh Micheál Mac Giolla Easbuig go Gaeilge.. Foilsithe ag Coiscéim ,2016
  4. ↑ “A Lad of the O'Friels – Seumas MacManus | Book Lives” (en). booklives.ca. Dáta rochtana: 2017-04-21.
  5. ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "". The Washington Post.
  6. ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "". The Washington Post. Contains "Patricia McManus Writer, Editor, Critic".
  7. ↑ Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. "".
  8. ↑ "Review of A Lad of the O'Friels by Seamus MacManus" (May 2, 1903). The Athenaeum (3940): 559–560.
  9. ↑ Seumas MacManus, "Sinn Fein". Seumas MacManus. The North American Review. Vol. 185, No. 621, pp. 825–36. JSTOR (jstor.org).