Seosamh Ó Guairim
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 12 Nollaig 1955 Roisín na Mainiach, Éire |
| Bás | 6 Márta 2017 61 bliana d'aois |
| Áit adhlactha | Maíros |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | file, duine an phoist |
File agus ceoltóir Gaeilge ó Roisín na Mainiach, Carna, Co. na Gaillimhe, ab ea Seosamh Ó Guairim nó Josie Joe Pheadair[1] mar ab fhearr aithne air. An 6 Márta 2017 a bhásaigh Seosamh Ó Guairim gan é ach bliain le cois na dtrí scór.
"Thaitin ceol tíre, rap agus hip hap leis agus tagann a gcuid rithimí isteach ina chuid filíochta féin go rialta."[2] Micheál Ó Conghaile.
"Thug Seosamh Ó Guairim, beannacht Dé leis, rap ar cheann dosna dánta deireanacha a tháinig uaidh, ‘An iomarca Spadhar in Áras na nGadhar’, agus is píosa nótáilte é lán d’aiteas, de shamhlaíocht, de ghinias." Séamus Barra Ó Súilleabháin
Saothair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Croí na Cloiche, Seosamh Ó Guairim, Cló Iar-Chonnachta, 1995
- Trá Thaoille na nÉan (1986)
- http://46.22.129.74/items/show/367#?c=&m=&s=&cv=
- Foilsíodh dánta leis in Iris an Phléaráca, 1997, (Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh)[3]
Téann Ó Guairim i ngleic le fadhbanna iomadúla an lae inniu sa chnuasach seo. "Briseann guthanna ársa trí ghuth an Ghuairimigh agus an file i ngleic le fadhbanna iomadúla an tsaoil. An ciúnas . . . an fiántas . . . an focal a scoilteann an tost . . . an náire . . . an fhís . . . an díomá. Gearánach agus moltach. An greann . . . an leamhas . . . d’fhéadfadh sé gurb é Seosamh Ó Guairim an file is ilghlóraí i gConamara." – Gabriel Rosenstock
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Josie Joe Pheadair – file nach raibh aon teorainn lena chumas, a thug sé leis ó dhúchas".
- ↑ "Ó GUAIRIM, Seosamh (1955–2017)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2025-03-05.
- ↑ Seosamh Ó Guairim (1997). "Dánta le Seosamh Ó Guairim" (as ga).
| Is síol faoi dhuine Éireannach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |