Jump to content

Seosamh Ó Braonáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeosamh Ó Braonáin
Gníomhaíocht
Gairmcraoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirRTÉ Raidió na Gaeltachta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Craoltóir agus colúnaí as Indreabhán ba ea Seosamh (Joe) Ó Braonáin (timpeall 1953 - 16 Deireadh Fómhair 2025).[1] [2]

Rugadh agus tógadh Seosamh Ó Braonáin i gCor na Rón in Indreabhán agus is ann a thóg sé a chlann féin 30 bliain níos déanaí lena bhean Eilín. D’fhreastail sé ar Scoil Shailearna agus bhuaigh sé scoláireacht go Coláiste Muire i nGaillimh. Bhain sé BA amach in Ollscoil na Gaillimhe i dtús na seachtóidí. Chuaigh sé ag obair leis an teach foilsitheoireachta a bhí ag Comharchumann Chois Fharraige – Cló Chois Fharraige. Is ag plé le leabhair scoile i nGaeilge a bhíodh sé den chuid is mó agus an obair sin ar bun aige.[2]

D’fhág sé an Cló Chois Fharraige sna 1980idí agus chuaigh sé go Raidió na Gaeltachta. D'éirigh sé ina Eagarthóir Stiúrtha na gClár. Chaith sé tréimhsí ina chlár-reachtaire sa seomra nuachta i gCasla agus ba é a léirigh an clár iomráiteach Leagan Cainte. Bhí sé i RnaG ar feadh isteach is amach le scór blianta.

Rásaí na Gaillimhe, 2007

Ba shaineolaí é Seosamh Ó Braonáin ar chúrsaí capall agus ba mhinic é ag trácht ar an rásaíocht capall ar Raidió na Gaeltachta agus TG4. Bhí sé ar dhuine den fhoireann bhunaidh a bhí ag plé le cúrsaí capall nuair a thosaigh TG4 ag craoladh ó na rásaí móra, Rásaí na Gaillimhe ina measc.[2]

Bhí sé ina cholúnaí ag roinnt foilseachán Gaeilge agus Béarla i gcaitheamh na mblianta, Amárach agus Foinse ina measc. Is faoi chúrsaí capall agus faoi chairr a bhíodh sé ag scríobh den chuid is mó. Dhéanadh sé léirmheasanna ar chairr nua.[3]

Nuair a d’éirigh sé as an gcraoltóireacht, dhírigh sé ar chúrsaí aistriúcháin, obair a d’fheil go maith dó mar gheall ar a spéis sa Ghaeilge féin agus i gcruinnscríobh na teanga. In 2004 ceapadh ina chathaoirleach ar an gCoimisiún Logainmneacha, ról a bhí aige ar feadh trí bliana.[2]

Chaith sé tamall ina eagarthóir ar an irisleabhar Biseach a fhoilsítear go bliantúil i gCois Fharraige. Dhéanadh sé obair phrofléitheoireachta d’fhoilseacháin Ghaeilge eile freisin. Ceoltóir ab ea Seosamh Ó Braonáin freisin, agus chasadh sé ag seisiúin cheoil agus i mbannaí ceoil ar an mbainseó.[2]

Bhuail an galar néarón luadrach é sna 2010idí. Bhásaigh sé i gcomhluadar a mhuintire in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh ar an 16ú Deireadh Fómhair 2025. Maireann a bhean chéile Eilín, a mhac Mícheál agus a iníon Síle. Cuireadh é i Reilig an Chnoic.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 "Death Notice of Seosamh Ó Braonáin (Joe Brennan) (Inverin, Galway) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2025-10-16.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 "An craoltóir agus colúnaí aitheanta Seosamh Ó Braonáin ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-10-16). Dáta rochtana: 2025-10-16.
  3. Raidió na Gaeltachta (2015-09-03). "Carranna le Seosamh Ó Braonáin" (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-10-16.