Seoirsín Bashford
Cuma
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | Contae Mhaigh Eo |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Gaillimhe - an Ghaeilge |
| Gníomhaíocht | |
| Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Is cruthaitheoir agus aisteoir Éireannach-Téalannach iad Seoirsín Bashford as Gaeltacht Mhaigh Eo.[1][2] Tá bunchéim ag Seoirsín sa Ghaeilge agus i nDrámaíocht, Amharclannaíocht agus Taibhiú in OÉG, chomh maith le Máistreacht sa Nua-Ghaeilge. Díríonn Seoirsín den chuid is mó ar obair laistigh den phobal Gaeilge agus LADTA+.
I measc a léirithe, tá an príomhról Gerda in The Crow's Way le Moonfish Theatre, áit a raibh Seoirsín bainteach freisin le forbairt agus scríbhneoireacht. Bhí Seoirsín páirteach chomh maith sa ghearrscannán dátheangach aiteach Dlúthchomhrá, a chomhscríobh agus a chomhléirigh siad, agus i mbunléiriú An Té/An Táin i Ní Liomsa an Teach Álainn Seo.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ facebook.com (5 Aibreán 2025). "Cult Collective". Dáta rochtana: 25 Aibreán 2025.
- ↑ "Moonfish Team | Moonfish Theatre" (en). moonfishtheatre.com. Dáta rochtana: 2025-04-26.[nasc briste go buan]
- ↑ RTÉ (5 Aibreán 24). "Podchraoladh - Seoirsín Bashford - Dráma úr" (as ga-IE).
| Is síol faoi dhuine Éireannach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |