Semni Karusou
Ainm sa teanga dhúchais | (el) Σέμνη Καρούζου ![]() |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 1898 Trípoli, An Ghréig ![]() |
Bás | 8 Nollaig 1994 95/96 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na hAithne ![]() |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Classical archaeology (en) ![]() |
Gairm | seandálaí clasaiceach, staraí na healaíne, coimeádaí ![]() |
Fostóir | Músaem Náisiúnta Seandálaíochta na hAithne (1921–) ![]() |
Mac/iníon léinn de chuid | Christos Tsountas |
Teangacha | An Nua-Ghréigis |
Teaghlach | |
Céile | Christos Karusos ![]() |
Gradam a fuarthas
|
Seandálaí clasaiceach Gréagach ab ea Semni Papaspyridi-Karouzou (An tSean-Ghréig: Σέμνη Παπασπυρίδη–Καρούξου; 1897 – 8 Nollaig 1994). Rinne sí speisialtóireacht i staidéar na potaireachta ón tSean-Ghréig. Ba í an chéad bhean í a chuaigh isteach i 'Seirbhís Seandálaíochta na Gréige'(Gréigís: Αρχαιολογική Υπηρεσία); thochail sí sa Chréit, Euboea, anTeasáil, agus Argólida.[1]
Luathshaol agus saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Polysemni Papaspyridi, ar a dtugtaí Semni freisin, sa bhliain 1897 i dTrípoli, an Ghréig. Oifigeach airm ba ea a hathair, agus b'iníon breitheamh a fuair oideachas sa Fhrainc í a máthair; d’aistrigh a teaghlach go minic mar gheall ar ghairm bheatha a hathar, ag socrú síos san Aithin ar deireadh. [1] [2] Ghlac sí an sloinne Papaspyridi-Karouzou nuair a phós sí sa bhliain 1930 le Christos Karouzos, seandálaí freisin. [2]
Oideachas agus gairmréim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Karouzou staidéar ar an tseandálaíocht in Ollscoil na hAithne, áit ar mhúin an seandálaí Christos Tsountas í. [1] [3] Thosaigh sí le Seirbhís Seandálaíochta na Gréige i 1921 mar choimeádaí seaniarsmaí ag Ard-Mhúsaem Seandálaíochta na hAithne, agus í ar an gcéad bhean a rinne amhlaidh. [1] [4] D'oibrigh Karouzou ansin ar thochailtí ag láithreacha ón gCré-umhaois ag Herakleion, sa Chréit, agus ar shuíomh clasaiceach Eretria, ar Euboea . [1] [5] Sa bhliain1928, bronnadh Comhaltacht Humboldt uirthi (mar aon le Christos Karouzos) chun staidéar a dhéanamh in ollscoileanna München agus Bheirlín ; nuair a d’fhill sí ar an nGréig sa bhliain 1930 tugadh ardú céime di go post 'Ceann Ephorate' , ceantar riaracháin seandálaíochta, éacht ar thug an gníomhaí Avra Theodoropoulou “bua feimineach” air. [1] Bhí an post ag Karouzou i Thessaly agus ansin san Argolid, áit ar thochail sí tuamaí ó ó thréimhse Mhicéine agus ón tréimhse chlasaiceach; [6] d'oibrigh sí san Eipeadáras ársa ; agus d’oibrigh sí chun foirgnimh stairiúla i mbaile Nafplio a chaomhnú, áit ar fhoilsigh sí treoirleabhar ina dhiaidh sin. [1]
D'oibrigh Papaspyridi mar Choimeádaí ar bhailiúcháin cheirmeacha, ag an Ard-Mhúsaem Seandálaíochta san Aithin ar feadh breis agus tríocha bliain. D’fhulaing sí géarleanúint pholaitiúil faoi ghiunta míleata na Gréige 1967–1974 . Chuir na seandálaithe Marianna Nikolaidou agus Dimitra Kokkinidou síos uirthi mar "perhaps the most important woman in Greek archaeology", agus ag an nuachtán To Vima mar "ionadaí deiridh ghlúin na seandálaithe iontacha".[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 1.6 1.7 Marianna Nikolaidou & Dimitra Kokkinidou (1998), 'Greek women in archaeology: an untold story', in Margarita Díaz-Andreu & Marie Louise Stig Sorensen (eds), Excavating Women: A History of Women in European Archaeology (London/New York: Routledge), pp.235-265. ISBN 9780203981511 doi:10.4324/9780203981511 [Donate book to Archive.org] Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; name ":3" defined multiple times with different content - ↑ 2.0 2.1 “Καρούζου – Παπασπυρίδη Σέμνη (1889 – 8 Δεκεμβρίου 1994)” (el). ΑΡΓΟΛΙΚΗ ΑΡΧΕΙΑΚΗ ΒΙΒΛΙΟΘΗΚΗ ΙΣΤΟΡΙΑΣ ΚΑΙ ΠΟΛΙΤΙΣΜΟΥ (30 September 2010). Dáta rochtana: 22 November 2019.
- ↑ “Semni Karouzou”. Archaeological Society at Athens.
- ↑ Rolley (1995). "Semni Karouzou (1898-1994)" (as fr). Revue Archéologique (2): 333–335. JSTOR 41737827.
- ↑ Hardy (8 May 2014). “Semni Karouzou: Visible Resistance”. TrowelBlazers.
- ↑ Karouzou (1933–1935). "Anaskafi tafon tou Argous (Excavation of tombs at Argos)". Archaiologikon Deltion 15: 16–53.