Segway PT

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aireagóir an Segways, Dean Kamen.

Is iompróir pearsanta é an Segway Personal Transporter (Segway PT). Tá dhá roth air agus coimeádann sé an duine a bhíonn ag taisteal air cothrom trí ríomhairí agus gíreascóip. Claonann daoine ar aghaidh chun gluaiseacht ar aghaidh, claonann siad siar chun taisteal siar. Castar é trí cuaille láimhe a chlaonadh clé nó deas. Tá luas 20.1 km san uair ag Segwayanna. D'airg Dean Kamen é. Nochtadh don saol mór é ar an 3ú de Nollag 2001. Díoladh don chéad uair i 2002. Táirgeann an chuideachta, Segway Inc. atá lonnaithe i mBedford, New Hampshire i Stáit Aontaithe Mheiriceá.