Seasmhacht amhairc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Braitheann éifeacht gach uile caighdeán a chuireann pictiúir ag bogadh ar feiniméan ar a dtugtar seasmhacht amhairc (nó amanna seasmhacht físe; persistence of vision, i mBéarla) – tréimhse moille i bhfreagairt na súile do radharcanna, rud a fhágann íomhánna breise ar an tsúil. Má léirítear seicheamh d’íomhánna socra ag ráta sách scioptha, thar teorainn ar a dtugtar an mhinicíocht chónasctha, airítear radharc leanúnach seachas na híomhánna aonaracha.