Searbhán muc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda bliantúil nó débhliantúil a fhásann 1.2 m ar airde, dúchasach do dheisceart na hEorpa. Na bunduilleoga maothánach, na duilleoga uachtaracha lansa-chruthach, ag fáisceadh an ghais ag a mbun. Na bláthchinn gorm, i gcrobhaingí de 2-3 cinn. Garghaol aige leis an siocaire. Fástar go forleathan mar phlanda sailéid é, agus bíonn foirmeacha briosca i nduilleoga na gcineálacha saothraithe.