Jump to content

Seansailéir na Gearmáine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de càrrec políticSeansailéir na Gearmáine
SealbhóirFriedrich Merz
ó 6 Bealtaine 2025
Onóracha Oirircis
CónaitheGerman Chancellery in Berlin (en) Aistrigh
Ceaptha aguachtarán na Gearmáine
Dlínsean Ghearmáin
Stáitan Ghearmáin
Cruthú1949
IonadaíLeas-Seansailéir na Gearmáine
Suíomhbundeskanzler.de…

Is é Seansailéir na Gearmáine (Bundeskanzler der Bundesrepublik Deutschland)[1] ceann rialtais na Gearmáine, cosúil le Príomhaire i dtíortha eile. Ní ceann stáit é; is é Uachtarán na Gearmáine (Bundespräsident) an Ceann Stáit oifigiúil.[2]

Konrad Adenauer, an chéad Seansailéir, D’imir sé níos mó tionchair ná aon duine eile ar stair iarchogaidh na Gearmáine agus na hEorpa.
  • Stiúrann sé/sí an Rialtas Feidearálach.
  • Ceapann sé/sí na hAirí agus bíonn smacht aige/aici ar a gcuid réimsí.
  • Socraíonn sé/sí príomhlínte na beartais rialtais (Richtlinienkompetenz).
  • Freagrach don Bundestag (parlaimint na Gearmáine) – ní mór dó muinín na parlaiminte a choinneáil.

Ceaptar Seansailéir na Gearmáine de réir an Grundgesetz (Bunreacht na Gearmáine), Airteagal 63. Tar éis olltoghcháin, tagann an Bundestag le chéile. Molann Uachtarán na Gearmáine duine mar iarrthóir don oifig don Bundestag. De ghnáth is ceannaire an pháirtí is mó sa chomhghuaillíocht é/ nó í.

Tá 14 lá ag an Bundestag seansailéir nua a roghnú. Faoi bhunreacht na Gearmáine níl aon teorann le líon na mbabhtaí vótála is féidir a reáchtáil chun seansailéir a thoghadh. Mura mbíonn móramh ann sa deireadh is féidir duine a thoghadh gan aon mhóramh a bheith aige.

De ghnáth ní bhíonn i bhfaomhadh an tSeansailéara nua ach rud oifigiúil. Ach jn 2025, theip ar Friedrich Merz le móramh dóthain vótaí a fháil chun go dtoghfaí é sa chéad bhabhta.[3] Ba é seo an chéad uair riamh sa tréimhse iarchogaidh sa Ghearmáin a tharla a leithéid.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Chancellor of the Federal Republic of Germany
  2. Feidhmeanna siombalacha (cosúil le Uachtarán na hÉireann)
  3. "Merz le bheith ina sheansailéir agus dóthain vótaí faighte aige ar an dara hiarracht" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-05-06). Dáta rochtana: 2025-05-06.