Seamus Deane

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeamus Deane
Beathaisnéis
Breith9 Feabhra 1940
Doire, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Bealtaine 2021
81 bliana d'aois
Ospidéal Beaumont, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste
Coláiste Pembroke Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreLéirmheastóireacht liteartha
Gairmscríbhneoir, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Notre Dame Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Saothar
Suíomh a chartlainne

IMDB: nm3549790 Cuir in eagar ar Wikidata

Údar, file, agus léirmheastóir ab ea Seamus Deane (9 Feabhra 1940 i nDoire12 Bealtaine 2021).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'as Doire Séamus Deane agus bhí sé ar scoil i gColáiste Cholm Cille sa chathair sin, mar a raibh sé in aon rang le Séamus Heaney.[1]

Bhí baint mhór ag Séamus Deane le compántas Field Day. Bhí sé ar dhuine de na hintleachtóirí a scríobh paimfléidí polaitiúla agus cultúrtha do Field Day sna 1980idí agus 1990idí in éineacht le leithéidí Declan Kiberd, Tom Paulin agus Terry Eagleton.

Ba é a bhí ina eagarthóir ginearálta ar cheithre imleabhar an Field Day Anthology of Irish Writing ina n-áirítear os cionn 4,000 leathanach agus a foilsíodh de réir a chéile ó 1990.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhásaigh Séamus Deane san ospidéal Beaumont, BÁC ar 12 Bealtaine 2021 agus in aois 81 dó. Dúirt an tUachtarán Michael D Higgins gur caillteanas domheasta é bás Shéamuis Deane don scríbhneoireacht in Éirinn.[1]

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Deane cáil idirnáisiúnta amach faoina úrscéal Reading in the Dark atá bunaithe ar bhlianta a óige i nDoire.

Tá leabhair filíochta scríofa aige, “Gradual Wars”, “Rumours”, agus “History”.

Tá saothair phróis eile déanta aige chomh maith, “Celtic Revivals”, “Essays in Modern Irish Literature 1880 – 1980” , “A Short History of Irish Literature”, “The French Enlightenment and Revolution in England 1789 – 1832” ina measc.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2021-05-13). "Údar, file, léirmheastóir Séamus Deane tar éis bháis" (as en).