Sealbhú teanga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaSealbhú teanga

Aicmiú teangeolaíoch
aonán
collective entity (en) Aistrigh
aicme
sraith
próiseas
próiseas nádúrtha
próiseas bitheolaíoch
morphogenesis (en) Aistrigh
animal development (en) Aistrigh
development of the human body (en) Aistrigh
language development (en) Aistrigh

Is éard is sealbhú teanga ann ná an próiseas trína bhfaigheann daoine an cumas teanga a bhrath agus a thuiscint (is é sin le rá, a bheith feasach ó thaobh na teanga de agus í a thuiscint), chomh maith le focail agus abairtí a tháirgeadh agus a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh le duine.

Bíonn struchtúir, rialacha, agus léiriú i gceist le sealbhú teanga. Teastaíonn an duine raon uirlisí a shealbhú le cumas teanga a úsáid go rathúil lena n-áirítear foghareolaíocht, moirfeolaíocht, comhréir, séimeantaic, agus foclóir fairsing. Is féidir teanga a ghuthú mar atá sa chaint, nó de láimh mar atá sa teanga chomharthaíochta.[1] Léirítear cumas teanga an duine san inchinn. Cé go bhfuil cumas teanga an duine finideach nó teoranta, is féidir le duine líon gan teorainn abairtí a rá agus a thuiscint, atá bunaithe ar phrionsabal comhréire ar a dtugtar athchúrsáil. Tugann fianaise le fios go bhfuil trí mheicníocht athchúrsacha ag gach duine aonair a ligeann d'abairtí dul ar aghaidh gan teorainn. Is iad na trí mheicníocht seo ná: coibhneasú, comhlánú agus comhordú.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Language Learning through the Eye and Ear Webcast". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 20 Meán Fómhair 2022. Dáta rochtana: 18 Samhain 2023.
  2. "Language acquisition and language change" (2010). Wiley Interdisciplinary Reviews: Cognitive Science 1 (5): 677–684. doi:10.1002/wcs.39. ISSN 1939-5078. PMID 26271652.