Jump to content

Seactáis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaSeactáis
Chahta anumpa agus Chahta
Cineálteanga nádúrtha agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais9,200
Dúchasach doLouisiana, Mississippi agus Tennessee
StáitStáit Aontaithe Mheiriceá
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teanga bhundúchasach
teangacha bundúchasacha de chuid Mheiriceá Thuaidh
Muskogean (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Leibhéal leochaileachta2 leochaileach
Cóid
ISO 639-2cho
ISO 639-3cho
Glottologchoc1276
Ethnologuecho
UNESCO896
IETFcho
Endangered languages1692

Teanga dhúchais de chuid Mheiriceá Thuaidh is ea Seactáis[1] a bhaineann le teaghlaigh teangacha Muskogean. Tá gaol gairid dlúthghaol aici le Chickasaw chomh maith. Bhíodh an teanga á labhairt go forleathan sa Deisceart den mhór-roinn roimh theacht na nEorpach, go háirithe i Mississippi, Alabama, Louisiana agus Florida.

"Conas atá tú"?
Aibítir
Gramadach, 1870
Léarscáil
Foclóir le Ben Watkins, 1892

Is náisiún aitheanta iad muintir na Seactách[2] agus tá a gceannceathrú i Durant, Oklahoma inniu. Bhí orthu aistriú ó thalamh a sinsear sa Deisceart sna 1830idí mar chuid de "Trail of Tears" - imeacht tubaisteach faoi Indian Removal Act. Fuair na mílte bás ar an mbealach go Oklahoma.

Tá breis is 200,000 ball cláraithe ag an Náisiún Seactách faoi láthair, rud a fhágann gurb é ceann de na náisiúin dhúchasacha is mó sna Stáit Aontaithe é. Tá an chuid is mó díobh ina gcónaí i Oklahoma fós.

Tá rialtas féin-rialachais ag an Náisiún Seactách, le taoiseach tofa, comhairle, agus córas cúirte. Tá a gcuid seirbhísí sláinte, oideachais agus cúraim shóisialta acu féin.

Bhí tionchar mór ag an bpobal Seactách ar chultúr agus ar stair Oklahoma. Bhí ról lárnach acu i bhforbairt an stáit agus tá a n-oidhreacht le feiceáil fós sna hainmneacha áite, sna traidisiúin, agus sa phobal áitiúil.

Staid na Teanga

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an tSeactáis i mbaol. Meastar nach bhfuil ach timpeall 9,000-10,000 cainteoirí fágtha, agus tá an chuid is mó acu sin os cionn 60 bliain d'aois. Tá sí liostaithe mar theanga atá "i mbaol tromchúiseach" ag UNESCO.

Tá an Náisiún Seactách gníomhach maidir le cur chun cinn na teanga:

  • Ranganna teanga do dhaoine fásta agus do pháistí
  • Clár tumtha teanga do pháistí óga
  • Acmhainní ar líne, lena n-áirítear foclóir agus ábhair foghlama
  • Craoltaí agus físeáin sa teanga
  • Togra comharthaí sráide; crochadh na chéad chomharthaí Seactáise ar Choctaw Avenue i lár chathair McAlester sa bhliain 2025, chun ómós a léiriú don tSeactáis agus d’oidhreacht na Seactách. Ba é seo an chéad uair i stair na Stát Aontaithe a raibh an Béarla agus an tSeactáis taobh le chéile ar chomharthaí sráide.[3]

Tá nasc ar leith ag muintir na hÉireann leis an bpobal Seactách mar gheall ar an tabhartas flaithiúil a thug an pobal sin don tír seo le linn an Ghorta Mhóir.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Choctaw
  2. i mBéarla, Choctaw Nation
  3. Maitiú Ó Coimín (12 Deireadh Fómhair 2025). "Comharthaí sráide Seactáise crochta i Meiriceá den chéad uair riamh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-10-12.