Jump to content

Seactách

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Grúpa DaonnaSeactách

Cineáltreibh
TeangaSeactáis
CreideamhProtastúnachas Shoiscéalach, Caitliceachas agus an Protastúnachas
Suíomh Gréasáinchoctawnation.com

Is náisiún aitheanta iad muintir na Seactách,[1] dream a thug cúnamh do na hÉireannaigh aimsir an Ghorta. Tá a gceannceathrú suite i Durant, Oklahoma inniu.

Bratach an Náisiúin Seactách Oklahoma
Bratach an Dreama Jena na hIndiaigh Seactách
Bratach an Dreama Mississippi na hIndiaigh Seactách
Críocha in Oklahoma

Bhí orthu aistriú ó thalamh a sinsear sa Deisceart sna 1830idí mar chuid de ‘Bealach na nDeor’ - imeacht tubaisteach faoi Indian Removal Act 1830.[2]

Buaileadh na Seactách go dona, Meastar go bhfuair 4,000 acu sin bás ar an mbealach siar. Deirtear gur bhrúigh Rialtas na Stát Aontaithe conradh ‘síochána’ bréagach orthu agus gur brúdh amach iad i rith geimhreadh a bhí thar a bheith crua. Bhíodar in ainm is a bheith beathaithe agus bia tugtha dóibh don turas ach ba chosúil nár tharla sé sin.[3][4]

Bhí breis is 200,000 ball cláraithe ag an Náisiún Seactách sa bhliain 2024, rud a fhágann gurb é ceann de na náisiúin dhúchasacha is mó sna Stáit Aontaithe é. Tá an chuid is mó díobh ina gcónaí i Oklahoma fós.

Tá rialtas féin-rialachais ag an Náisiún Seactách, le taoiseach tofa, comhairle, agus córas cúirte. Tá a gcuid seirbhísí sláinte, oideachais agus cúraim shóisialta acu féin.

Bhí tionchar mór ag an bpobal Seactách ar chultúr agus ar stair Oklahoma. Bhí ról lárnach acu i bhforbairt an stáit agus tá a n-oidhreacht le feiceáil fós sna hainmneacha áite, sna traidisiúin, agus sa phobal áitiúil.[5]

Tá nasc ar leith ag muintir na hÉireann leis an bpobal Seactách mar gheall ar an tabhartas flaithiúil a thug an pobal sin don tír seo le linn an Ghorta Mhóir.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Choctaw Nation
  2. "Indian Removal Act" (as en) (2026-04-27). Wikipedia.
  3. Mairéad Ní Nuadháin (22 Bealtaine 2026). "LITIR Ó WASHINGTON: An ‘Glanadh Mór‘ go dtí ‘Bealach na nDeor’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-05-22.
  4. "Trail of Tears, Indian Removal Act, Andrew Jackson, Native American displacement, Cherokee, forced migration, 1830s, U.S. government policy" (en). National Leader in Civic Education Resources | Bill of Rights Institute. Dáta rochtana: 2026-05-22.
  5. 1 2 Maitiú Ó Coimín (12 Deireadh Fómhair 2025). "Comharthaí sráide Seactáise crochta i Meiriceá den chéad uair riamh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-10-12.