Seachtain Faisin Nua-Eabhrac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSeachtain Faisin Nua-Eabhrac
Íomhá
Cineálimeacht féiltiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht1943 - 
Tréimhse1943 - 
Bunaitheoir(í)Eleanor Lambert Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhNua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
EagraíIMG (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinnyfw.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: nyfw Twitter: nyfw Instagram: nyfw Cuir in eagar ar Wikidata


Siúlann an sármhainicín Liu Wen, an t-ardán taispeána agus í ag mainicíneacht dearaí ón dearthóir Diane von Fürstenberg ag Seachtain Faisin Nua-Eabhrac 2013.

Is sraith leathbhliantúil d'imeachtaí i Manhattan í Seachtain Faisin Nua-Eabhrac (SFNE), a reáchtáiltear i mí Feabhra agus mí Mheán Fómhair gach bliain, a mhairfidh 7-9 lá de ghnáth nuair a thaispeántar bailiúcháin faisin idirnáisiúnta do cheannaitheoirí, don phreas agus don phobal i gcoitinne. Is ceann de na ceithre seachtaine faisin mhóra é a bhfuil ar fud an domhain, tugtar na "4 Mhór" orthu, in éineacht leo súid i bPáras, Londain, agus Milano.[1][2] Chruthaigh Comhairle Dearthóirí Faisin Mheiriceá (CDFM) an coincheap nua-aimseartha láraithe de "Seachtain Faisin Nua-Eabhrac" i 1993, cé go raibh cathracha cosúil le Londain ag baint úsáide as ainm a gcathair cheana féin in éineacht leis na focail seachtain faisin sna 1980í. Bunaíodh SFNE ar shraith imeachtaí i bhfad níos sine ar a dtugtar "Seachtain an Phreasa", a bunaíodh i 1943.[3] Ar scála domhanda, bíonn an chuid is mó den taispeántas gnó agus díolacháin-dhírithe agus roinnt taispeántas couture ar siúl i gCathair Nua-Eabhrac.

Coimeádann an CDFM féilire láraithe d'imeachtaí ar fud na cathrach (lena n-áirítear iad siúd atá cleamhnaithe le WME/IMG),[4] agus fuarthas é ó bhunaitheoir an fhéilire Ruth Finley.[5] Measadh go raibh tionchar eacnamaíoch bliantúil Sheachtain Faisin Nua-Eabhrac ar Chathair Nua-Eabhrac ag SAM$887 milliún i 2016.[6]

Príomhábhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lá Oscailte do thaispeántas faisin i Nua-Eabhrac, a fheictear san iris Harpers Bazaar ó thús an 20ú haois, réamhtheachtaí Sheachtain Faisin Nua-Eabhrac an lae inniu

Chruthaigh Eleanor Lambert an chéad Sheachtain Faisin Nua-Eabhrac i 1943. Bhí sí ina stiúrthóir preasa ar an gcéad eagraíocht chur chun cinn de chuid thionscal faisin Mheiriceá, an New York Dress Institute.[7]

Tugadh "Seachtain an Preas" ar an ócáid, an chéad seachtain faisin eagraithe ar domhan, agus cruthaíodh é chun aird a tharraingt ar shiúl ó fhaisean na Fraince le linn an Dara Cogadh Domhanda, nuair nach raibh an dream ó thaobh istigh na tionscail faisin in ann taisteal go Páras chun taispeántas faisin na Fraince a fheiceáil.[8] Bhí sé i gceist freisin dearthóirí Mheiriceá a thaispeáint d' iriseoirí faisin, a thug neamhaird ar nuálaíocht faisin na Stáit Aontaithe.

D’éirigh go han-mhaith le Seachtain an Preas i Nua-Eabhrac, agus bhí faisin Mheiriceá le feiceáil níos minice in irisí faisin mar Vogue, a bhí líonta de ghnáth le dearaí Francacha.[8]

Faoi lár na 1950í, tugadh "Seachtain Phreasa Nua-Eabhrac" ar an imeacht. Ba é Earrach 1951 (a tionóladh Feabhra 1951) an 16ú Seachtain Preasa Bhliantúil i Nua-Eabhrac.[9]

Comhdhlúthú mar "7ú ar an Séú"[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1993, chomhdhlúthaigh an CDFM, faoi stiúir an t-uachtarán Stan Herman agus an stiúrthóir feidhmiúcháin Fern Mallis,[10] na himeachtaí ar fud na cathrach ar a dtugtar "Seachtain Faisin Nua-Eabhrac" trí iad a chur ar stáitse i gcnuasaigh de phubaill bhána i bPáirc Bryant.[11][12][13] Rinneadh an t-imeacht a bhrandáil leis an trádmharc "7th on Sixth".[14]

21ú haois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go hidirnáisiúnta, tá an chuid is mó den taispeántas gnó agus díolacháin-dhírithe agus roinnt taispeántas couture ar siúl i gCathair Nua-Eabhrac ó 2010. Tá an bhéim, áfach, ar bhonn leanúnach airgeadais. Cuireann an pobal dearadh faisin LADT go mór le treochtaí faisin a fhógairt, agus tá tionchar mór ag daoine cáiliúla draig ar Sheachtain Faisin Nua-Eabhrac.[15]

  • Sa bhliain 2001, díoladh "7ú ar an Séú" le IMG.[16] Cuireadh an taispeántas ar ceal i mí Mheán Fómhair 2001 de bharr ionsaithe 11 Meán Fómhair. Tharla na hionsaithe sceimhlitheoireachta 9/11 ar an gceathrú lá de SFNE ba cheart a bheith ann. Cuireadh an taispeántas a bhí acu le dearthóir máithreachais ar ceal chomh maith leis na himeachtaí ar fad a bhí fágtha.
  • Sa bhliain 2007,[17] rinneadh Mercedes-Benz mar urraitheoir teidil ar imeachtaí arna dtáirgeadh ag an IMG, ag cur Nua-Eabhrac lena uainchlár idirnáisiúnta "seachtaine faisin Mercedes-Benz",[18] agus tugadh "Seachtain Faisin Nua-Eabhrac MB" air.[19]
  • Sa bhliain 2010, d’fhág Seachtain Faisin IMG/Mercedes-Benz Nua Eabhrac pubaill Pháirc Bryant, ag athlonnú go dtí an Lincoln Centre for the Performing Arts.[20][21]
  • I mí Mheán Fómhair 2011, chuir dearthóirí Nua-Eabhrac tús le na hardán taispeána a beoshruthú, chun lucht féachana níos mó a bhaint amach. An Londain ina ndiaidh, a thosaigh i mí Feabhra 2010.[22][23] Cuireadh sruthanna ar fáil ar YouTube ar dtús, agus ar shuíomhanna eile níos déanaí.
  • Sa bhliain 2013, díoladh IMG agus a himeachtaí Seachtain Faisin Nua-Eabhrac le William Morris Endeavour (WME) agus Silver Lake Partners ar $2.3 billiún.[24][25]
  • Sa bhliain 2014, fuair an CDFM FashionCalendar.com ó Ruth Finley. Bhí sé á bhainistiú ag an gcuideachta (ar dtús sa pháipéar, ansin i bhformáid dhigiteach) ar feadh níos mó ná 60 bliain.[26][27]
  • I mí Eanáir 2015, d’fhógair Mercedes-Benz go raibh sé ag imeacht mar urraitheoir teidil ó imeachtaí WME/IMG.[28] D'fhógair an léiritheoir Kanye West go mbeadh sé sásta urraíocht a ghlacadh ar an imeacht.[29]
  • I mí an Mhárta 2015, d'fhógair WME/IMG go raibh Seachtain Faisin MADE faighte aige, a bhíonn ar siúl le linn imeachtaí WME/IMG.[30][31]
  • Sa bhliain 2015, aistríodh imeachtaí IMG ó Lincoln Center go Spring Studios.[20] [32][33]

Suíomh reatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an príomhshuíomh do Sheachtain Faisin Nua-Eabhrac ná Stiúideonna an Earraigh ag 50 Sráid Varick i Manhattan Íochtarach.[34] I measc na láithreacha tá carnabhail cois na farraige, críochfoirt athchóirithe iarnróid agus iar-oifig an phoist.[35]

Imeachtaí suntasacha eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bealach isteach lasmuigh, 2009

2014[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Feabhra 2014, rinneadh an Dr. Danielle Sheypuk an chéad mhainicín i gcathaoir rothaí a bhí i dtaispeántas do Sheachtain Faisin Nua-Eabhrac; bhí sí ag mainicíneacht don dearthóir Carrie Hammer.[36][37]

I mí Mheán Fómhair 2014, ba í Karen Crespo an chéad ampúití ceithre huaire le siúl ag Seachtain Faisin Nua-Eabhrac, do Carrie Hammer freisin.[37][38]

Ar an 12 Nollaig, 2014, d’fhormheas cúirt stáit i Nua-Eabhrac socrú i ndlí dlí a rinne gníomhaithe pobail maidir le cibé an sárú ar fhoirceadal iontaobhais an phobail é pubaill Sheachtain Faisin Mercedes-Benz a cheadú i bPáirc Damrosch. De réir an tsocraithe, d'aontaigh Cathair Nua-Eabhrac, Roinn Páirceanna agus Áineasa Chathair Nua-Eabhrac, agus Lincoln Centre for the Performing Arts gan a gconradh le IMG a athnuachan. Mar thoradh air sin, ba é Seachtain Faisin Mercedes-Benz Feabhra 2015 an ceann deireanach a bhí ar siúl i bPáirc Damrosch.[39]

Sa bhliain 2014, rith Stát Nua-Eabhrac reachtaíocht ag ainmniú mainicíní faoi 18 mbliana d'aois mar thaibheoirí leanaí, rinne seo teorannú ar na tréimhsí oibre gur féidir leo obair agus bhí breis cáipéisí ag teastáil.[40]

Sa bhliain 2014, rinne Gigi Hadid a céad taispeántas linn (Seachtain Faisin Nua-Eabhrac).

2015[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í an t-aisteoir Jamie Brewer an chéad bhean le siondróm Down a shúil an cairpéid dearg ag Seachtain Faisin Nua-Eabharc, rinne sí é seo don dearthóir Carrie Hammer.[41]

I mí na Nollag 2015, d'fhógair an CDFM gur fhostaigh siad an Grúpa Comhairleach Bostún chun athbhreithniú a dhéanamh ar leagan amach Seachtain Faisin Nua-Eabhrac ionas gur féidir leo téigh in oiriúint leis na hathruithe ar fad ó na meáin shóisialta. Rogha amháin atá á iniúchadh is ea an t-imeacht a chur ar leataobh, agus ceapacháin seomra taispeána príobháideach de dhearaí an tséasúir seo chugainn do cheannaitheoirí agus taispeántas faisin phoiblí ag taispeáint marsantas sa séasúr do thomhaltóirí.[42][43][44]

Táirgeadh na chéad taispeántas éadaí fir tiomanta do Sheachtain Faisin Nua-Eabhrac, ar a dtugtar "Seachtain Faisin Nua-Eabhrac: na bhFear".[45]

2016[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chríochnaigh an séasúr le roinnt dearthóirí ag triail le, nó ag beartú glacadh leis an sampla de "féach anois, ceannaigh anois", le hearraí ar fáil ón ardán taispeántais láithreach ón taispeántais (nó fiú i rith), in ionad sé mhí ina dhiaidh. Ba iad brandaí ar nós Burberry,[46] a bhí i gceannas ar an athrú seo cé gur féidir turgnaimh san fhormáid a rianú siar go dtí taispeántais níos luaithe ag dearthóirí ar nós Diane von Furstenberg

Tinreamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go hiondúil is i bhfoirm creidiúnaithe a thugtar cead isteach chuig seónna ag Seachtain Faisin Nua-Eabhrac, le himeachtaí sonracha trí chuireadh amháin. Is dearthóirí eile, daoine cáiliúla agus daoine a bhfuil tionchar acu ar na meáin shóisialta iad an chuid is mó den lucht freastail ama.[47]

Gan "oifigiúil" Seachtain Faisin Nua-Eabhrac[cuir in eagar | athraigh foinse]

In ainneoin éileamh CDFM an féilire “oifigiúil” do Sheachtain Faisin Nua-Eabhrac a cur ar siúl,[48] agus de réir mar a mhaíodh i bhfoilseacháin mar Women's Wear Daily,[49] tá sé curtha in iúl i bhfoilseacháin mar The Fashion Law go bhfuil "beagán, in aon cheann, cearta dlíthiúla in ainm SFNE" ag CDFM.[50] Mar sin, tá cearta trádmhairc fós doiléir, fiú sa chás is fearr.

Dlíthíocht trádmharc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2013, chláraigh Fashion Week Inc., a bhunaigh feidhmeannach gnó Trisha Paravas, na trádmharcanna "New York Fashion Week", "NYFW", agus "NYFW The Runway Shows" le húsáid i gcomhar le táirgeadh de na taispeántas faisin do thomhaltóirí tar éis an scláta reatha de Thaispeántas Faisin Nua-Eabhrac a aithint ach le cuireadh agus dearadh é do ghairmithe tionscail agus do na meáin.

Sheol Trisha Paravas taispeántais leathbhliantúil i mí na Nollag 2013 agus tugadh "Taispeántais Sheachtain Faisin Nua-Eabhrac". Tar di spéis mór a tharraingt isteach ar a céad cúpla taispeántais, réitigh sí chun athbhrandáil a dhéanamh. Ag an am, deir Paravas nach raibh aon trádmharc comhdaithe do "New York Fashion Week", in éineacht leis an ngiorrúcháin "NYFW".[51]

Bhí easpa clárúcháin ag Comhairle Dearthóirí Faisin Mheiriceá (CDFM) do na trádmharcanna "New York Fashion Week", agus rinne siad iarracht clárúcháin Fashion Week Inc a chur ar ceal. Mar sin féin, níor éirigh leis an CDFM ina iarracht chun trádmharc "Seachtain Faisin Nua-Eabhrac" de chuid Fashion Week, Inc. a chur ar ceal.[52][53]

Ar 28 Meitheamh, 2016, chomhdaigh Fashion Week Inc. agus a POF Trisha Paravas cas dlí ar feadh $ 10 milliún i gcoinne CDFM agus WME-IMG le haghaidh góchumadh trádmharc, sárú trádmharc, ainmniú bréagach tionscnaimh, caolú, agus iomaíocht éagórach.[54][55][56][57]

Ar 12 Lúnasa, 2016, shéan an chúirt tairiscint Paravas and Fashion Week Inc. le haghaidh réamh-urghaire.[58] Dúirt an Breitheamh Koeltl, cé go bhfuil cearta ag Fashion Week Inc. i dtrádmharc Sheachtain Faisin Nua-Eabhrac, go bhfuil na cearta sin "teoranta" do "díolacháin ghníomhaireachtaí ticéad siamsaíochta ar líne". Ar an láimh eile, deir an chúirt go bhfuil cearta sa marc ag CDFM agus WME IMG maidir le “raon leathan taispeántas faisin a eagrú agus a tháirgeadh”.[59]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

 

  • Seachtain Faisean
  • Liosta imeachtaí faisin

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Bradford (2014). "Fashion Journalism". Routledge. ISBN 9781136475368. Dáta rochtana: November 20, 2015. 
  2. Dillon (2011). "The Fundamentals of Fashion Management". A&C Black. ISBN 9782940411580. Dáta rochtana: November 20, 2015. 
  3. History of New York Fashion Week – New York Fashion Week”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar May 5, 2017. Dáta rochtana: April 11, 2016.
  4. CFDA. “CFDA + Fashion Calendar”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar July 3, 2015. Dáta rochtana: July 2, 2015.
  5. The CFDA Purchases The Fashion Calendar With The Promise To Streamline Fashion Week”. fashionweekdaily.com (July 25, 2014). Cartlannaíodh an bunleathanach ar July 3, 2015. Dáta rochtana: July 3, 2015.
  6. NYFW Memo from the CFDA”. cfda.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar March 5, 2016. Dáta rochtana: February 26, 2016.
  7. History”. cfda.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar March 7, 2016. Dáta rochtana: August 3, 2015.
  8. 8.0 8.1 Fortini (2006-02-08). “A brief history of the fashion show”. Slate.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar October 10, 2020. Dáta rochtana: 2014-04-21.
  9. Indian Valley Record February 1, 1951 Page 10”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar October 10, 2020. Dáta rochtana: August 3, 2015.
  10. Chunovic (April 16, 2014). "The People's Designer – Stan Herman". Loews Magazine. Cartlannaíodh an bunleathanach ar November 22, 2016. Dáta rochtana: November 22, 2016.
  11. Mell (2011). "New York Fashion Week: The Designers, the Models, the Fashions of the Bryant Park Era". Running Press. ISBN 978-0762441914. 
  12. Pitching a Few New Tents of Her Own”. The New York Times (February 9, 2012). Cartlannaíodh an bunleathanach ar February 2, 2017. Dáta rochtana: February 17, 2017.
  13. Spindler (October 31, 1993). "Designers Turn New York Into a Fashion Big Top". The New York Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar February 19, 2015. Dáta rochtana: December 19, 2014.
  14. Lieber (January 22, 2015). “The Glamorous Past, Troubled Present, and Uncertain Future of NYFW”. racked.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar July 3, 2015. Dáta rochtana: July 2, 2015.
  15. Tyler McCall (September 15, 2022). “Drag Queens Are the New VIPs of Fashion Week”. The CUT, New York magazine. Dáta rochtana: September 19, 2022.
  16. Horyn (February 6, 2001). "Front Row: Designers council sells sponsorship of New York Fashion Week to IMG, the sports management and marketing company". The New York Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar January 8, 2015. Dáta rochtana: December 19, 2014.
  17. EventsPartnerships”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar July 3, 2015. Dáta rochtana: July 2, 2015.
  18. Mercedes-Benz Fashion Week”. mbfashionweek.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar May 5, 2014. Dáta rochtana: May 9, 2014.
  19. Mercedes Threatens to Bail on New York Fashion Week”. hollywoodreporter.com (November 12, 2014). Cartlannaíodh an bunleathanach ar August 4, 2020. Dáta rochtana: February 18, 2020.
  20. 20.0 20.1 It's Official: New York Fashion Week Is Leaving Lincoln Center”. The Hollywood Reporter (December 18, 2014). Cartlannaíodh an bunleathanach ar November 13, 2015. Dáta rochtana: February 18, 2020.
  21. A New Home for New York Fashion Week”. The New York Times (February 3, 2009). Cartlannaíodh an bunleathanach ar April 1, 2017. Dáta rochtana: February 17, 2017.
  22. London Fashion Week to be streamed live”. Independent.co.uk (February 19, 2010). Cartlannaíodh an bunleathanach ar October 29, 2017. Dáta rochtana: September 6, 2017.
  23. Way Off the Runway: Live Streaming of Fashion Week”. The New York Times (September 8, 2011). Cartlannaíodh an bunleathanach ar May 2, 2015. Dáta rochtana: February 17, 2017.
  24. Cohan (February 13, 2015). “Ari Emanuel's Risky and Possibly Catastrophic WME-IMG Merger”. vanityfair.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar February 14, 2015. Dáta rochtana: February 18, 2020.
  25. IMG WORLDWIDE TO BE ACQUIRED BY SILVER LAKE PARTNERS AND WILLIAM MORRIS ENDEAVOR”. IMG. Cartlannaíodh an bunleathanach ar July 4, 2015.
  26. Archived copy”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar December 12, 2020. Dáta rochtana: July 2, 2015.
  27. Fashion Calendar”. fashioncalendar.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar July 3, 2015. Dáta rochtana: July 2, 2015.
  28. IMG Loses Mercedes as New York Fashion Week Sponsor”. hollywoodreporter.com (January 5, 2015). Cartlannaíodh an bunleathanach ar August 3, 2018. Dáta rochtana: February 18, 2020.
  29. staff (2015-02-04). “Kanye West Will Debut Adidas Collab at New York Fashion Week (Report)” (en-US). The Hollywood Reporter. Dáta rochtana: 2021-05-17.
  30. Zumberge (March 23, 2015). “IMG Acquires MADE Fashion Week”. IMG. Cartlannaíodh an bunleathanach ar August 16, 2018. Dáta rochtana: December 10, 2017.
  31. IIMG ACQUIRES MADE FASHION WEEK”. IMG. Cartlannaíodh an bunleathanach ar July 4, 2015.
  32. For Fashion Week This Fall: Location, Location, Location”. The New York Times (January 8, 2015). Cartlannaíodh an bunleathanach ar September 6, 2015. Dáta rochtana: February 17, 2017.
  33. Lockwood (April 13, 2015). “New York Fashion Week Leaves Lincoln Center”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar September 4, 2015. Dáta rochtana: July 2, 2015.
  34. Venue - NYFW: The Shows” (en). nyfw.com. Dáta rochtana: 2021-08-02.
  35. New York Fashion Week: When, where, what to wear | am New York”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar October 27, 2017. Dáta rochtana: October 27, 2017.
  36. "Model Danielle Sheypuk: 'People with disabilities are consumers of fashion'". The Guardian (2014-02-14). Cartlannaíodh an bunleathanach ar September 15, 2019. Dáta rochtana: 2020-08-25.
  37. 37.0 37.1 "Karen Crespo's Triumphant Walk". ABC News (2014-09-08). Cartlannaíodh an bunleathanach ar September 18, 2020. Dáta rochtana: 2020-08-25.
  38. Jessica Probus (2015-03-07). “A Quadruple Amputee Walked The Runway At New York Fashion Week”. Buzzfeed.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar April 27, 2017. Dáta rochtana: 2015-03-12.
  39. "New York Fashion Week Booted Out of Lincoln Center". The New York Times (December 18, 2014). Cartlannaíodh an bunleathanach ar December 20, 2014. Dáta rochtana: December 19, 2014.
  40. Koblin (9 February 2014). "New York Law Adds Maturity to Runways". The New York Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar September 11, 2016. Dáta rochtana: 16 March 2019.
  41. Jessica Probus, Stephanie McNeal. “Meet The First Woman With Down Syndrome To Walk At Fashion Week”. BuzzFeed. Cartlannaíodh an bunleathanach ar September 2, 2017. Dáta rochtana: September 6, 2017.
  42. Lockwood (December 15, 2015). “NYFW Going Consumer? CFDA Studies Idea”. Women's Wear Daily. Cartlannaíodh an bunleathanach ar December 16, 2015. Dáta rochtana: December 16, 2015.
  43. CFDA. “The Results are in: Examining the Future of New York Fashion Week”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar March 7, 2016. Dáta rochtana: March 7, 2016.
  44. Archived copy”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar December 11, 2020. Dáta rochtana: March 7, 2016.
  45. CFDA. “Full Coverage of NYFW: Men's S/S 2017”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar February 29, 2016. Dáta rochtana: February 24, 2016.
  46. Burberry Announces a See Now/Buy Now System for New Collections”. The New York Times (February 6, 2016). Cartlannaíodh an bunleathanach ar January 18, 2017. Dáta rochtana: February 17, 2017.
  47. Chan (September 6, 2007). “Fashion Week: Not Open to the Public”. The New York Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar October 26, 2015. Dáta rochtana: December 18, 2014.
  48. Fashion Calendar | CFDA”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar November 7, 2017. Dáta rochtana: November 7, 2017.
  49. The Tentative Official NYFW Calendar is Here – WWD” (July 28, 2017). Cartlannaíodh an bunleathanach ar November 7, 2017. Dáta rochtana: November 7, 2017.
  50. The CFDA Has Little - if Any - Legal Rights in the NYFW Name — the Fashion Law”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar April 5, 2016.
  51. The Behind-the-Scenes Battle for the "New York Fashion Week" Name”. The Fashion Law (September 17, 2018). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-10-14. Dáta rochtana: October 14, 2019.
  52. The CFDA Has Little – If Any – Legal Rights in the NYFW Name”. The Fashion Law. Cartlannaíodh an bunleathanach ar April 5, 2016. Dáta rochtana: August 3, 2016.
  53. Cullins (September 20, 2018). “Hollywood Docket: $25M Tickbox Settlement; Manson Movie Dispute; Red Gold Trademark Fight”. The Hollywood Reporter. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-10-14. Dáta rochtana: October 14, 2019.
  54. Cullins (July 6, 2016). “WME-IMG and CFDA Facing $10M Lawsuit for "Usurping" New York Fashion Week Trademark.”. The Hollywood Reporter. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-08. Dáta rochtana: August 3, 2016.
  55. Hoshikawa. “The CFDA is being sued over 'NYFW' trademark”. Fashionista. Cartlannaíodh an bunleathanach ar December 11, 2020. Dáta rochtana: August 3, 2016.
  56. Drain. “New York Fashion Week Logo Lawsuit: CFDA, WME-IMG Sued”. Fashion Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-11-10. Dáta rochtana: August 3, 2016.
  57. UPDATED: CFDA, WME-IMG Sued for Using New York Fashion Week Trademark”. The Fashion Law. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-10-14. Dáta rochtana: August 3, 2016.
  58. FASHION WEEK, INC., Plaintiff, v. COUNCIL OF FASHION DESIGNERS OF AMERICA, INC., CFDA FOUNDATION INC., and WME IMG LLC” (August 12, 2016). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-11-11.
  59. Fashion Week Inc. Presents a Zang Toi Collection at Fashion Week New York”. The Free Library (September 9, 2014). Cartlannaíodh an bunleathanach ar October 14, 2019. Dáta rochtana: October 14, 2019.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]