Jump to content

Seachtain (podchraoladh)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí NuachtánSeachtain
Cineálpodchraoladh
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge
Am tosaigh23 Feabhra 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Seánrapodchraoladh nuachta agus iriseoireachta
Formáid dáiltepodchraoladh closáin

Suíomhindependent.ie… Cuir in eagar ar Wikidata

Is podchraoladh é Seachtain ó fhoireann an nuachtáin Seachtain, faoi scáth an Irish Independent agus Mediahuis. Agallaimh ar scéalta faoi leith a bhíonn i gceist leis, iad thart faoi 20 nóiméad ar fad de ghnáth.[1][2] Foilsítear eagrán amháin in aghaidh na seachtaine, gach Déardaoin.[3] Is í Tessa Fleming a léiríonn agus a chuireann an podchraoladh i láthair.[3]

Díríonn Seachtain ar chúrsaí reatha den chuid is mó,[4][1][2] ag cur nuacht agus scéalta daonspéise ar fáil chomh maith le plé ar chúrsaí cultúrtha agus polaitiúla.[3][5] Ní hiad scéalta a bhaineann leis an nGaeilge ach go háirithe a bhíonn faoi chaibidil acu ach nuacht agus scéalta i gcoitinne.[3] Deir Ciarán Dunbar go bhfuil an Irish Independent i bhfách le díriú isteach ar nuacht agus cúrsaí reatha go príomha"[6]

Is agallaimh seachas díospóireachtaí ná painéil tráchtairí a bhíonns i gceist.[6] Tugtar liostaí aistriúcháin go Béarla ag pointí airithe i rith gach eagrán.[2][7]

Uaireanta pléitear scéalta reatha, uaireanta eile scéalta ón am atá thart.[2] Cuireann Seachtain béim ar scéalta gur fiú a phlé dar leo seachas díriú ar an scéal is déanaí i gcónaí. Sa dóigh seo, is féidir leo faisnéis a phlé ar tháinig chun solais tar éis d'iomrá an scéil a dhul i laghad nuair is fiú a hinsint é. Baintear tairbhe as iriseoirí a bheith ag obair leis na foilseacháin atá faoi scáth Mediahuis a bhfuil taithí nó cur amach ar na scéalta acu go minic.[6]

Baineann lucht Seachtain feidhm as staitisticí tráchtála ag féachaint le foghlaim an oiread is féidir faoi éilimh an lucht éisteachta.[6]

Fógraíodh ag deireadh na bliana 2023 go mbeadh podchraoladh nua á lainseáil sa bhliain úr ag foireann an nuachtáin Seachtain "a dhíreoidh ar nuacht agus ar chúrsaí reatha, a chur le chéile gach seachtain." Dúirt grúpcheannasaí closábhair Mediahuis Mary Carroll gur "rud é a raibh mé ag iarraidh a dhéanamh le fada".[8] Is í a bhrú an podchraoladh chun tosaigh, i dtuairim an Dúnbarraigh.[6] Thug Carroll le fios go raibh sí ag iarraidh go mbeadh an podchraoladh nua i nGaeilge amháin "chomh hintuigthe agus is féidir don oiread is daoine agus is féidir."[8] Dúirt sí freisin "Ba mhaith linn rud éigin difriúil a dhéanamh agus an Ghaeilge a chur ar fáil do lucht éisteachta nua – daoine nach raibh sé de nós acu éisteacht leis na meáin Ghaeilge go dtí seo."[3]

Fógraíodh i Mí an Mhárta 2024 go mba í an t-iriseoir agus láithreoir Tessa Fleming a bheadh ag stiúradh agus ag léiriú an phodchraolta agus go mba é Ciarán Dunbar ón Belfast Telegraph a chuireadh i láthair é.[3][1] Cuireadh tús leis an bpodchraoladh "mar chuid de sholáthar Gaeilge an Irish Independent, in éineacht leis an nuachtán seo" .i. Seachtain.[4] Ghabh Dunbar buíochas leis an Indo as an togra "a bhrú chun tosaigh".[3] Faoi Dheireadh Fómhair 2024, bhíothas ag éisteacht leis an bpodchraoladh os cionn 4 mhíle babhta in aghaidh na míosa.[5]

In Aibreán 2025 fógraíodh go raibh An Post le bheith ina urraitheoir ag an bpodchraoladh. Faoin am sin, bhíodh Fleming ag cur an podchraoladh i láthair de gnáth agus luaigh sí go raibh "borradh tagtha ar líon ár n-éisteoirí ó thosaigh muid amach". Tráth a bhí an urraíocht seo á fógairt, bhí Mediahuis ag iarraidh iriseoir eile le Gaeilge le bheith ag obair le Seachtain.[4]

Bhí foireann Seachtain i mbun podchraoltóireachta ag Oireachtas 2025.[9]

Chuir Tuairisc fáilte roimh an bpodchraoladh nua, á rá gur "maith ann an éagsúlacht seo mar iomaire bán, geall leis, atá sa phodchraoltóireacht Ghaeilge agus géarghá lena saothrú."[1] "Go n-éirí go geal leo" an ghuí a bhí ag Áine Ní Bhreisleáin, láithreoir Bladhaire ar RnaG, ar an dtogra.[6]

Chuir sé isteach ar an léirmheastóir Emer Dowling leis an University Observer, agus í ag scríobh i nDeireadh Fómhair 2024, go n-áirítear sa ghluais Béarla a bhíonns le cloisteáil i bhformhór na n-eipeasóidí "a lán focail bhunúsacha atá ar eolas ag beagnach achan duine". Thug sí suntas don méid Béarla a bhíodh á úsáid ag lucht an phodchraolta, go háirithe in abairtí casta. "Ní hé go n-úsáideann siad níos mó Béarla ná Gaeilge – tá a mhalairt fíor, ach níl sé iontach cabhrach do na daoine a bhfuil ag iarraidh a gcuid Gaeilge a fheabhsú". Luaigh sí mar bhuntáiste an éagsúlacht canúintí a bhíonn le cloisteáil ann.[2]

Bhí an taighdeoir Rónán Ó Muirthile den tuairim go bhfuil sé an-mhaith go háirithe don duine atá ag foghlaim, agus go bhfuil snas leis mar phodchraoladh. Luaigh sé eagráin áirithe, m.sh. agallamh leis an bhfuirseoir Julie Jay atá "simplí, tá siad éadrom ach tá siad go maith, go háirithe don té atá ag foghlaim."[7][10]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]