Jump to content

Seó-bhanna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Seóbhanna)

Seóbhanna a thugtar ar fhoireann cheoil de chineál ar leith a bhí faiseanta sna hallaí damhsa in Éirinn ó lár na gcaogaidí go dtí deireadh na seachtóidí. Go bunúsach, bannaí ceoil ab ea na seó-bhannaí a bhí ag déanamh aithris ar bhannaí móra Dixieland. Go tipiciúil, bhí timpeall deichniúr ceoltóirí, nó uimhir éigin idir a sé agus a dó déag, ar sheóbhanna, agus duine nó beirt ag déanamh amhránaíochta. Bhí an-éagsúlacht cheoil á seinm ag na seó-bhannaí. Go prionsabálta, bhí siad ag seinm an chineál ceoil a raibh ráchairt air ag an lucht éisteachta - idir shnagcheol, rac-cheol, cheol Gaelach, agus ceol tíre (country and western).

Roimh thréimhse na seó-bhannaí, bhíodh ceoltóirí na hallaí damhsa ina suí ar chathaoireacha agus iad ag léamh a gcuid cheoil ón mbileog. Nuair a thosaigh siad féin ag damhsa nó ag bogadh i rithim an cheoil ar an stáitse, tháinig an seóbhanna ar an bhfód mar choincheap. Ní fhéadfadh na ceoltóirí a gcuid nótaí a léamh ón mbileog agus iad ag gluaiseacht ar an stáitse, rud a d'fhág blas áirithe tobchumtha nó spontáineach ar an gceol.

B'é Clipper Carlton an chéad seóbhanna a bhí ann, ach dealraíonn sé gurbh é an t-amhrán mór-ratha The Hucklebuck le Brendan Bowyer agus an Royal Showband ba mhó a tharraing súil na ndaoine ar na seó-bhannaí mar fheiniméan. Bhíodh Dickie Rock ag canadh amhrán de chuid Elvis Presley agus é ag cur an chineál únfairte de a shamhlaítí le fear mór an pheilbhis féin. Bhí Dickie ina bhall den Miami Showband, tráth (mar shampla sa Chomórtas Amhránaíochta na hEoraifíse, 1966).[1] Ní ba deireanaí, rinne na sceimhlitheoirí Protastúnacha ródach uafásach ar an mbanna sin, toisc go raibh idir Phrotastúnaigh agus Chaitlicigh ag freastal ar ghigeanna an bhanna, rud nár thaitin leis na dearg-Dhílseoirí.

Na hallaí rince ina mbíodh na seó-bhannaí ag seinm, ní bhíodh iontu ach sciobóil ar imeall an bhaile, go bunúsach. Bhí siad péinteáilte i ndathanna geala, áfach, agus ainmneacha ar nós "Fairyland", "Dreamland", nó "Wonderland" orthu. Gnóthadóirí áitiúla a thóg iad agus a choinnigh ag obair iad.

Ní bhíodh ceadúnas ag na hallaí rince biotáille a dhíol. Thar aon rud eile, ní bhíodh aon halla rince in úsáid ach uair amháin in aghaidh cúpla seachtain, agus níorbh fhiú ceadúnas a lorg d'aon áit a bhíodh díomhaoin an chuid ba mhó den am. Thairis sin, bhí na sagairt an-bhuartha faoin gcaidreamh collaí a thiocfadh sna sálaí ag an mbiotáille in áiteanna a rabhthas ag damhsa. Ba mhinic a thagadh sagart an pharóiste ag coinneáil súile ar na daoine óga, ar eagla go mbeidís ag spallaíocht go ródhána i dtimpeallacht áit an damhsa. In imeacht na mblianta, chuaigh an tsaoirse chollaí i bhfairsinge, ach níor ceadaíodh an biotáille sna hallaí rince riamh, go hoifigiúil ar a laghad.

Is iomaí ceoltóir clúiteach in Éirinn a chuir tosach lena chaithréim ag seinm i gceann de na seó-bhannaí. Iar-cheoltóirí seó-bhannaí is ea Brendan Bowyer, Van Morrison, agus Ruairí Ó Gallchóir.

Ós rud é nach raibh an chuid ba mhó de na seó-bhannaí ach ag seinm popcheol idirnáisiúnta nó ceol siamsaíochta de chineál éigin, is iomaí duine a fuair locht orthu nuair a tháinig ré nua. Is é an bhreith a thug Bob Geldof ar thréimhse na seó-bhannaí ná "fásach na ceoltóireachta", agus é den tuairim nach raibh maith ar bith sna bannaí seo. Mar sin féin, leis na blianta beaga anuas, tá na hÉireannaigh ag cur suim nua sna seó-bhannaí agus i ré na seó-bhannaí. Tuigtear anois gur ceardscoil thábhachtach a bhí sna bannaí seo dóibh siúd a bhí ag dul le ceoltóireacht sna caogaidí agus sna seascaidí.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ESC Stuff (2024-06-04). "1966 Ireland: Dickie Rock - Come Back to Stay (4th place at Eurovision Song Contest in Luxembourg)". 
  2. Póilín Ní Chiaráin (3 Lúnasa 2025). "Sléacht an Miami – bíodh cearta d’íobartaigh mar chuimhne air" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-03.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]