Jump to content

Seán Rocks

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Rocks
Beathaisnéis
Breith1961
Bás2025
63/64 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0734305 TMDB.org: 2314960 Cuir in eagar ar Wikidata

Craoltóir RTÉ, aisteoir agus Gaeilgeoir ba ea Seán RocksSeán Mac Concharraige (8 Meitheamh 1961 - 30 Iúil 2025), ar dhuine de na craoltóirí ba cháiliúla in Éirinn sna 2010-2020idí.[1] Bhí clú air as a chuid eolais ar cheol, litríocht, dhrámaíocht, agus ealaíona eile. Bhí stíl chairdiúil, ghreannmhar aige ar an aer.

Chuir an pobal aithne mhór ar Sheán Rocks a bhuíochas don chlár ealaíona,'Arena' a láithrigh sé i rith na seachtaine ar RTÉ Raidió 1 ó 2009 go 2025.

Ó bhaile Mhuineachán ó dhúchas, bhí siopa grósaera ag a mhuintir. Bhain Rocks cáilíocht amach mar mhúinteoir bunscoile. D’oibrigh sé mar mhúinteoir ar feadh seacht mbliana sna 1980idí, Bhí sé an-ghafa leis an drámaíocht amaitéarach agus chuaigh sí ina cheann go gairmiúil timpeall 1990. Níorbh annamh é ar stáitse in Amharclann na Mainistreach agus in Amharclann an Gheata i measc eile sna 1990idí, ach bhíodh sé os cionn a bhuille leis ar an scáileán idir bheag agus mhór, rólanna aige i leithéidí The Bill, agus Fair City agus Glenroe ar RTÉ 1.[1]

D'éirigh sé ina láithreoir ar chláracha RTÉ Lyric FM sna 2000idí (cláir mar The Lyric Breakfast, Lunchtime Choice, agus Seán Rocks on Sunday). Chuir sé i láthair 'Soul of Ireland', clár faisnéis ar BBC Radio 4, a bhuaigh duais ag Féile Raidió Nua-Eabhrac [2] Ba mhinic é i láthair mar fhear an tí ag ócáidí stáit mar chuid dá chuid oibre (mar a shampla nuair a thur Éilis II cuairt ar Éirinn in 2012).

Chuir an pobal aithne mhór ar Sheán Rocks a bhuíochas don chlár ealaíona, 'Arena' a láithrigh sé i rith na seachtaine ar RTÉ Raidió 1 ó 2009 go dtrí mí Iúil 2025 (bhí Arena á chraoladh ó Luan go hAoine ó 7 i.n. go 8 i.n.), agus é i mbun comhrá le scríbhneoirí cáiliúla – mar shampla Salman Rushdie, Edna O'Brien, John Banville, Roddy Doyle; agus aisteoirí cosúil le Brendan Gleeson, Martin Sheen agus Rupert Everett.

Gaeilgeoir ab ea é agus léirigh sé a mheas go minic don teanga ina chuid craoltóireachta; d'úsáid sé go minic í agus é ag craoladh.[3]

Bhuail tinneas gairid Rocks agus fuair sé bás anabaí. Craoladh a chlár deireanach ar an 25 Iúil 2025 agus mhaígh sé “I’ll see you on Monday” . Cailleadh é roimh am cúig lá níos déanaí, ar an 30 Iúil 2025 in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath, in aois 64 bliain dó. Maireann a bhean Catherine agus a bheirt mhac, Morgan agus Christian.[1]

Cuireadh Rocks i gcré na cille i Reilig Leacht Lorcáin.[4]

  1. 1 2 3 Nuacht RTÉ (2025-07-31). "Ómós as cuimse á léiriú do Sheán Rocks a bhásaigh inné" (as ga-IE).
  2. "Seán Rocks, presenter of RTÉ radio’s culture show Arena, dies aged 64" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-07-31.
  3. Evelyn O'Rourke (2025-07-31). "President leads tributes to 'iconic voice' Seán Rocks" (as en).
  4. Nuacht RTÉ (2025-08-04). "Seán Rocks curtha i gcré na cille i Muineachán" (as ga-IE).