Jump to content

Seán Pléimeann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Pléimeann
Beathaisnéis
Breith1814
Contae Phort Láirge Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Eanáir 1896
81/82 bliana d'aois
Áit adhlacthaGlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmscríobhaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Foclóirí, scríobhaí, agus eagarthóir ab ea Seán Pléimeann, a rugadh i mBaile Uí Néill, Maothail, Carraig na Siúire, Co. Phort Láirge sa bhliain 1814, áit a raibh a athair ag obair ar eastát mhuintir Barron.


Saol agus gairmréim

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhreastail sé ar Kill National School (Scoil Náisiúnta na Cille anois) ar feadh tamaill, ceann de na chéad scoileanna a ghlac an National Board of Education faoina chúram. Toisc an scoil a bheith ocht míle ó Bhaile Uí Néill, d'fhan sé le gaolta. Le linn dó a bheith ann, rinne sé dul chun cinn tapa agus d'fhoghlaim sé Laidin agus Béarla.

Thug Aindrias Ó Loinsigh, fear a raibh aithne aige ar Dhonncha Rua agus ar Thadhg Gaelach, eolas dó ar litríocht na Gaeilge. Deir Pádraig Ó Macháin, scoláire, gurbh é Andrew English a mhúin léamh agus scríobh na Gaeilge dó. D'inis sé do Dubhghlas de hÍde níos déanaí, gur fhoghlaim sé léamh ar lámhscríbhinní Gaeilge idir deich mbliana d'aois agus dhá bhliain déag.

Ina dhiaidh sin fuair sé oiliúint mar mhúinteoir agus mhúin sé ranganna oíche i dteach feirmeora áitiúil i gCorr Dhubh, i bparóiste na Carraige Bige, Co. Phort Láirge, in aice láimhe. Ceapadh ansin é chuig an scoil náisiúnta i Ráth Chormaic nuair a bunaíodh í sa bhliain 1849. Shiúil sé na ceithre mhíle gach lá óna theach féin i gCluain Fhia, agus de réir an tseanchais, léadh sé agus é ag dul go dtí an scoil agus ag teacht ar ais aisti. Bhí léitheoireacht fhorleathan aige i nGaeilge, i mBéarla agus i Laidin agus fostaíodh é mar chléireach paróiste i Ráth Chormaic. Le linn an ama sin, chuir sé ceachtanna Gaeilge ar fáil do roinnt nuachtán agus irisí seachtainiúla, ar a n-áirítear an Teacher's Journal agus Young Ireland, ar a chostas féin. Bhí comhfhreagras fairsing aige le scoláirí Gaeilge eile, agus is minic a thug sé cúnamh nach raibh aitheantas tugtha dó i gcónaí. In Irisleabhar na Gaeilge luaigh sé gur thosaigh sé ag déanamh staidéir chriticiúil ar an teanga sa bhliain 1862, nuair a sheol Liam Williams ó Dhún Garbhán lámhscríbhinn 'Teagasg Críostaidhe' an athar Uí Mhaonaigh chuige le ceartú.

I gcomhar le Liam Williams agus leis an tUrramach Pádraig Ó Maonaigh, sagart cúnta Mhaothla, bhunaigh sé 'Cumann Chéitinn' timpeall na bliana 1860, agus é mar aidhm aige saothair reiligiúnacha a fhoilsiú i nGaeilge. D'fhoilsigh an cumann leabhar theagasc Críostaí sa bhliain 1863, rud a ghlac formhór easpag na Mumhan, agus d’ullmhaigh siad eagrán d'Eochair-Sgiath an Aifrinn le Seathrún Céitinn lena fhoilsiú. Theip ar an bhfiontar, áfach, de bharr easpa airgid.

D'fhulaing Seán ón bhroincíteas ainsealach agus sa deireadh chuir sé a chuid múinteoireachta i Ráth Chormaic de i 1881, tar éis dó dhá bhliain is tríocha a chaitheamh ag teagasc ann. Tháinig a mhac, Seán, i gcomharbacht air sa phost, ach fuair sé bás agus é fós ina fhear óg. Ar scor dó, roghnaigh sé cnapshuim in ionad pinsin, ach níorbh fhada go raibh sin ídithe. Bhog sé go Baile Átha Cliath i mí na Nollag 1881, áit ar fhostaigh Acadamh Ríoga na hÉireann é ar thuarastal bliantúil £80, agus bhí sé ag cabhrú leis an Dr Robert Atkinson le foclóir Gaeilge a ullmhú agus le heagrán de 'Trí bior-ghaoithe an bháis' (The three shafts of death) le Seathrún Céitinn a chur in eagar. D'oibrigh sé san ARÉ ó 10 a.m. go 4 p.m., agus ansin lean sé dá chuid oibre ar son athbheochana na Gaeilge go dtí déanach san oíche.

Saol pearsanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós sé faoi dhó. Ba í Catherine Smallman as An Sráidbhaile, Contae Laoise a chéad bhanchéile. Fuair sí bás go gairid i ndiaidh breith a mac Tomás. Ba í Catherine Nunan ó Mhainistir Fhear Maí an dara bean. Phós sé Catherine Nunan as Mainistir Fhear Maí ina dhiaidh sin, agus rugadh beirt iníonacha (a tháinig chun bheith ina múinteoirí) agus mac amháin Seán óg, a d’éag den ailse in aois 33 um Shamhain 1891. Cé gur díograiseoir Gaeilge ab ea Pléimeann, de réir mhianta a dhara bhean, níor labhair sé Gaeilge riamh lena chlann.

Is beag a d’fhág sé ina dhiaidh, aistí san Irisleabhar agus cuntas ar bheatha Dhonncha Rua (le fáil in eagrán Thomáis Uí Fhlannghaile de Eachtra Ghiolla an Amaráin a foilsíodh in 1897). D’éag sé ar 28 Eanáir 1896 i mBaile Atha Cliath. Thóg Coiste Cuimhneacháin an Phléimeannaigh crois Cheilteach ar a uaigh i nGlas Naíon agus nocht an Canónach Pádraig Ó Fiannachta í ar 30 Lúnasa 1996. In ‘Clár an Lae’ sin tá cuntas mion ag Pádraig Ó Macháin air. Deir Pádraig gur ar 27 Eanáir 1896 a d’éag sé.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]