Seán Gallagher

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Gallagher

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Iúil 1962
61 bliana d'aois
Muineachán, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na hÉireann, Má Nuad
Ollscoil na hÉireann
Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan
Ollscoil Uladh
Coláiste Naomh Padraig, Contae an Chabháin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmduine den lucht gnó, rannpháirtí i gclár teilifíse réaltachta Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinseangallagher.com Cuir in eagar ar Wikidata

Is fear gnó Éireannach é Seán Gallagher (rugadh é ar an 7 Meitheamh 1962) a bhí mar mholtóir ar chlár RTÉ Dragons' Den. Rith sé i dtoghchán uachtaránachta na hÉireann sa bhliain 2011 mar iarrthóir neamhspleách agus bhí sé chun cinn sa rás céanna ag pointe amháin i nDeireadh Fómhair 2011 ar 39% den vóta dar le pobalbhreith. Is iarbhall de Ard-Chomhairle Fhianna Fáil atá ann.

Thit an tóin as a iarrthóireacht le linn na díospóireachta teilifíse deiridh, áfach, nuair a chuir a chomh-iomaitheoir Máirtín Mag Aonghusa (Sinn Féin) ina leith go raibh airgead bailithe aige ó fhir gnó áirithe ar son Fhianna Fáil. Shéan Gallagher na líomhaintí seo ar fad, ach ní raibh sé in ann an bhaint idir eisean agus a shean-pháirtí a bhriseadh i meon an phobail in am don toghchán. Chríochnaigh Gallagher le 28.5 % den vóta, sa dara háit tar éis an bhuaiteora Mícheál D. Ó hUigín.

Sheas Gallagher don Toghchán Uachtaránachta na hÉireann 2018. Fuair sé ainmniúcháin ó na comhairlí: Ros Comáin, Maigh Eo, Liatroim, Loch Garman agus An Cabhán. Tháinig sé sa tríú háit sa toghchán le 94,514 vótaí agus 6.4% de na vótaí céad rogha.