Jump to content

Seán Fitzgerald

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Fitzgerald

B'imreoir lánchúlaí é Seán Fitzgerald le foireann CLG na Gaillimhe agus Bearna, agus páirteach i Love Island na bliana 2026 (rugadh é ar 14 Meán Fómhair 2000).[1]

Bhí Fitzgerald fostaithe mar mhúinteoir bunscoile i mBaile Átha Cliath go dtí 2026.

Bhí Fitzgerald ina imreoir rialta ar fhoireann na Gaillimhe faoi Phádraic Joyce 2022-2026.D'imir sé mar chúl báire i gcoinne Ard Mhacha i gcluiche ceannais na hÉireann in 2024. Ní raibh aon leisce air riamh aghaidh a thabhairt ar aon imreoir eile ar an bpáirc,.[2][3][4]Bhí cáil mhór bainte amach ag Fitzgerald ar na meáin shóisialta roimh 2026, go háirithe ar TikTok, áit a raibh beagnach 100,000 leantóir aige in 2025, agus é sínithe ag gníomhaireacht tionchaire. Ní bhíonn eagla air a thuairimí féin a roinnt ar ábhair reatha, rud atá feicthe go rialta ar a chuid físeáin ar líne.[5] Tá sé ar dhuine de shliocht nua fear agus ban CLG a thuig cé chomh tábhachtach is atá siad mar ‘bhranda’ – agus conas an leas is fearr a bhaint as an deis a thug a tóir dóibh.

Bhí Fitzgerald le feiceáil in 2025 ar chlár TG4, Glúin Z, sraith cláir faisnéise a dhíríonn ar shaol agus ar dhearcadh Ghlúin Z in Éirinn. (Lean an clár rannpháirtithe óga éagsúla ar fud na tíre agus iad ag plé ceisteanna móra cosúil leis an ngéarchéim tithíochta, costas maireachtála, cúrsaí polaitíochta agus an comhshaol).[6]

I bhfíseán iarratais a chuir Fitzgerald suas ar TikTok i dtús 2026, dúirt Fitzgerald, “Love Island, please have me,” agus rinne sé magadh faoi iomaitheoirí a scanrú agus iad “getting active”.

I mí na Bealtaine bhí sé deimhnithe go mbeadh Fitzgerald mar chuid den tsraith 2026 de Love Island. N’fheadar an raibh Gaeilgeoir ar Love Island riamh.[7]

Taifeadadh Love Island 2026 i Mallorca na Spáinne agus bhí Maya Jama ann mar láithreoir.

De réir a phróifíle don chlár, is mór ag Fitzgerald taisteal, ceol, spórt agus faisean. Mhaígh Fitzgerald go raibh sé “anseo don ghrá ach freisin anseo don dráma”. Dúirt sé nach mbeadh sé féin “ag tosú aon dráma” ach go bhféadfadh sé “a bheith ag meascadh ann”.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ ndependent.ie (2026). "Seachtain / Dáithí Ó Sé".
  2. ↑ "‘Bhí seans againn ach níor bhuamar cluiche ceannais na hÉireann, tá muid ag iarraidh é sin a chur ina cheart’ – Seán Kelly" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-24). Dáta rochtana: 2026-06-01.
  3. ↑ "Ciarraí ag súil le filleadh na nGael, lánchúlaithe na Gaillimhe ar an ionsaí, an bhearna idir uasal is íseal ag dúnadh" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-02-01). Dáta rochtana: 2026-06-01.
  4. ↑ "Oiread na fríde eatarthu agus Gaillimh agus Ard Mhacha sa tóir ar Sam" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-07-28). Dáta rochtana: 2026-06-01.
  5. ↑ Cóilín Duffy (2026-05-29). "Fear ó Na Forbarcha le feiceáil ar Love Island i mbliana" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-06-01.
  6. ↑ Sandra Mallon (2026-05-29). "'Chuaigh mé amach ar choinne le Seán Fitzgerald'; Cad is féidir le mná Love Island a bheith ag súil leis ón pheileadóir as Conamara / Lauren Gray" (en-GB). Dáta rochtana: 2026-06-01.
  7. ↑ extrag.ie (2026-05-27). "Réalta TG4 agus CLG Seán Fitzgerald ar Love Island" (en-GB). Dáta rochtana: 2026-06-01.