Seán Ó Tuathaláin
| Ainm sa teanga dhúchais | (en) John Toland |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 30 Samhain 1670 Ardagh (Ríoghacht Éireann) |
| Bás | 11 Márta 1722 51 bliana d'aois Putney (Ríocht na Breataine Móire) |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Dhún Éideann Ollscoil Ghlaschú Ollscoil Leiden |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | fealsamh, diagaire, scríbhneoir |
| Tréimhse ama | Glúin an 17ú aois |
| Teangacha | Béarla |
B'fhealsamh réasúnaíochta agus saorsmaointeoir é Seán Ó Tuathaláin nó John Toland (30 Samhain 1670 - 11 Márta 1722) agus uaireanta ina aorthóir, a scríobh leabhair iomadúla agus paimfléid ar an bhfealsúnacht pholaitiúil agus reiligiúnach.[1] Cainteoir dúchais Gaeilge a bhí ann as Inis Eoghain, a bhí spéis aige ar feadh a shaoil sa teanga céanna.[2]
Diasaí conspóideach a bhí ann.[2] Luath-nochtaigh sé fealsúnacht Ré na hEagnaíochta.
Fuair sé oideachas sna hollscoileanna seo a leanas; Ollscoil Ghlascú, Ollscoil Dhún Éideann, Ollscoil Leiden agus Ollscoil Oxford, agus bhí tionchar ag fealsúnacht John Locke air.
In Eanáir 1694 luaigh Edward Lhuyd i litir chuig John Aubrey go raibh "One Mr Tholonne" tar éis bheith i láthair in Oxford le déanaí, cé nach raibh an Laoideach féin tar éis castáil leis go n-uige sin, agus rún aige foclóir Gaeilge a scríobh maille le tráchtas le cruthú gur coilíneacht de chuid na nGallach a bhí i muintir na hÉireann, más fíor. Bhí Ó Tuathaláin gafa le conspóidí sna tithe caifé in Oxford.[2]
D'fhoilsigh sé an leabhar Christianity not Mysterious sa bhliain 1696. Leabhar conspóideach a bhí ann lena linn – cuireadh an ruaig ar an dTuathalánach agus dódh an leabhar go poiblí.[2]
Foilsíodh leabhar dá chuid scríbhneoireachta, The History of the Druids sa bhliain 1726, a bhí gluais Briotáinis–Gaeilge–Laidin mar chuid de mar aon le smaointeoireacht an Tuathalánaigh ar i dtaobh na dteangacha Ceilteacha.[2]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Harrison, Alan (1986). "Nótaí faoi Ghraiméir agus Foclóirí Scuitbhéarla i mBaile Átha Cliath 1700–1740". I Watson, Seosamh (eag.) Féilscríbhinn Thomáis de Bhaldraithe. BÁC: Coiste Fhéilscríbhinn Thomáis de Bhaldraithe, COBÁC. lgh 48–69.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “TOLAND, John (1670–1722) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
- 1 2 3 4 5 Harrison (1986), lgh 53–54.
Léitheoireacht bhreise
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Harrison, Alan. (1994). John Toland (1670-1722). Binn Éadair: Coiscéim.
- Daoine a rugadh i 1670
- Básanna i 1722
- Paindiaigh
- Fealsúna Éireannacha
- Fealsúna
- Gaeilgeoirí
- Teangeolaithe na Gaeilge
- Scríbhneoirí Éireannacha
- Staraithe Éireannacha ón 17ú haois
- Staraithe Éireannacha ón 18ú haois
- Scríbhneoirí neamhfhicsin Éireannacha
- Foclóirithe Gaeilge
- Foclóirithe Éireannacha
- Aoir
- Baill Eaglais na hÉireann
- Daoine as Contae Dhún na nGall
- Alumni Ollscoil Ghlaschú
- Alumni Ollscoil Dhún Éideann
- Alumni Ollscoil Leiden
- Alumni Ollscoil Oxford