Seán Ó Sé (amhránaí)
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 16 Eanáir 1936 Corcaigh, Éire |
| Bás | 13 Eanáir 2026 89 bliana d'aois |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | amhránaí, múinteoir |
| Ball de | |
| Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Amhránaí agus múinteoir as Corcaigh ba ea Seán Ó Sé (16 Eanáir 1936 - 13 Eanáir 2026). Bhí an-aithne ar fad ar Sheán mar gheall ar an amhrán An Poc ar Buile[1] a thaifead sé in 1962.[2][3][4][5] Tugadh ‘An Pocar’ air mar leasainm i gCorcaigh.

Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Seán Ó Sé i mBéal Átha Leice,[6] láimh le Beanntraí, , áit a raibh a bheirt tuismitheoirí ina múinteoirí sa scoil náisiúnta. Fuair Seán Ó Sé a chuid scolaíochta i gColáiste Íosagáin i mBaile Bhuirne, áit a chuala an t-amhrán "An Poc ar Buile" den chéad uair agus é ina scoláire.[7] Cháiligh sé mar mhúinteoir i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach.
Bhí sé ina mhúinteoir bunscoile i nDroichead na Banndan agus ceapadh ina phríomhoide é ar Scoil Naisiúnta Mhuire ar an gCnoc i gCorcaigh sa bhliain 1980. Faoin am ar chuaigh sé ar scor in 1993, bhí breis is 900 dalta ag freastal ar an scoil agus b’é ceann des na bunscoileanna ba mhó sa tír é.
Amhránaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhuaigh Seán Ó Sé an comórtas amhránaíochta ag Feis na Mumhan in 1959 agus é 23 bliain d’aois agus cuireadh tús lena a shaol mar amhránaí traidisiúnta.
Bhí cáil air mar amhránaí sna seascaidí le grúpa Sheáin Uí Riada – Ceoltóirí Chualann – agus thaistil sé ar fud na cruinne go minic le Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus le Gael Linn. Agus é ag canadh le Ceoltóirí Chualainn sna 1960idí, d’eisigh sé féin agus Seán Ó Riada an amhrán is iomráití Gaeilge, b’fhéidir, An Poc Ar Buile, mar shingil agus bhí sé ar bharr na gcairteacha in Éirinn i 1962, an chéad amhrán as Gaeilge chun barr na gcairteacha a shroichint, amhrán a d’eisigh Gael Linn. Is iomaí ócáid Ghaelach ó shin ar chan Ó Sé ann agus is minic a chan sé an t-amhrán céanna ar fud na cruinne.[8][9]
Bhí Ó Sé ar an ardán ag ceann de na ceolchoirmeacha b’iomráití riamh i stair an cheoil traidisiúnta, Ó Riada sa Gaiety, in 1969. Reáchtáladh an ócáid sin chun ómós a thabhairt don bhfile Ultach, Peadar Ó Doirnín. Is ag an gceolchoirm chéanna sin a chan Ó Sé ‘Tá Bean in Éirinn’ don gcéad uair, dán de chuid Uí Dhoirnín ar chuir an Riadach ceol as an nua leis agus is iomaí amhránaí eile a rinne iarracht an t-amhrán céanna a chanadh ach nár éirigh leo barr-nótaí Uí Shé a bhaint amach.[10]
D’eisigh sé albam d’amhráin as Gaeilge, ‘Dir Cúm Thola agus Cúil Aodha, in éineacht le Peadar Ó Riada, agus sna sála air sin, d’eisigh siad albam d’amhráin as Gaeilge agus Béarla, Through Banks of Mist.[11][12]
Ba mhinic é ar chláir theilifíse agus raidió RTÉ, idir Ghaeilge agus Bhéarla, agus ar TG4 nuair a bunaíodh an stáisiún sin sna 1990idí.
2020idí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2011, fuair Ó Sé an drochscéala go raibh ailse ina dhrólann. Tháinig sé slán as an ngalar sin, áfach, agus choinnigh sé air ag canadh go poiblí. Sa bhliain 2015 scríobh sé scéal a shaoil, in éineacht leis an scríbhneoir Patricia Ahern, sa leabhar An Poc Ar Buile – The Life and Times of Seán Ó Sé.[3][7]
Bronnadh Gradam Saoil TG4 ar Sheán Ó Sé in 2021.[13] [14] I mí Dheireadh Fómhair 2025, bronnadh céim dochtúireachta oinigh ar Ó Sé i gColáiste Ollscoile Chorcaí.[15] I mí Eanáir 2026 bhronn Féile Tradfest Bhaile Átha Cliath gradam saoil air.[16]
Bhí Ó Sé ag canadh go gairmiúil go dtí deireadh a shaoil nach mór. I mí Lúnasa 2025, ghlac sé páirt i bhFéile na Laoch, féile a eagraítear i gCúil Aodha in iarthar Chorcaí uair gach seacht mbliana chun ómós a thabhairt don Riadach agus laochra eile an chultúir Ghaelaigh, agus bhí sé le bheith páirteach i gceolchoirm speisialta sa Cheoláras Náisiúnta i mí an Mhárta 2026 chun baill Cheoltóirí Chualann agus a sliocht a thabhairt le chéile.[17][8]
Fuair Seán Ó Sé bás trí lá sula raibh na 90 bliain slánaithe aige.[5] Cailleadh a bhean chéile Eileen in 2025. Bhí triúr clainne acu; Áine, Con agus Íde.[8]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ceoltóirí Chualann
- Seán Ó Sé, peileadóir CLG
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ó Sé, Seán; Ahern, Patricia (2015). Poc Ar Buile: The Life and Times of Seán Ó Sé. Cork: Collins Press. ISBN 978-1-84889-253-8.[3]
- “An Pocar“, Clár faisnéis de chuid TG4, 2013
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ amhrán a chum Dómhnall Ó Mulláin, feirmeoir le feith na filíochta a raibh cónaí air i Screathan na nGamhan, taobh thiar de Chúil Aodha.
- ↑ Eoin English (2013-12-27). "Singing legend Ó Sé says routine visit to doctor found cancer and saved his life" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2026-01-13.
- 1 2 3 RnaG (2015-12-21). "Seán Ó Sé" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2026-01-13.
- ↑ FleadhTV (2019-08-16). "Séan Ó Sé - Poc Ar Buille".
- 1 2 Nuacht RTÉ (2026-01-13). "An t-amhránaí as Corcaigh Seán Ó Sé tar éis bháis" (as ga-IE).
- ↑ Cúm Thóla nó Com Sheola
- 1 2 "Seán Ó Sé, laoch de chuid an cheoil a raibh an ‘an chéad hit Gaeilge aige’, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-01-15). Dáta rochtana: 2026-01-15.
- 1 2 3 Concubhar Ó Liatháin (2026-01-13). "'Deireadh ré' arsa an Taoiseach in omós d'amhránaí bhinn Chorcaí, Seán Ó Sé atá tar éis bháis" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2026-01-13.
- ↑ Labhair an t-amhránaí clúiteach, Seán Ó Sé faoi Sheán Ó Riada atá ar ghearrliosta do Laoch na nGael (2025-08-05). "Ceannródaí an Cheoil" (as ga-IE).
- ↑ RTÉ 1 (1988). "‘Súil Thart’ le Seán Ó Sé" (en). RTÉ Archives. Dáta rochtana: 2026-01-13.
- ↑ Sunday with Miriam (2020-01-20). "Miriam meets Peadar Ó Riada and Seán Ó Sé" (as en-IE).
- ↑ "Through Banks of Mist" (en-GB). Peadar Ó Riada (2014-05-08). Dáta rochtana: 2026-01-13.
- ↑ "TG4 | Lifetime Achievement | Previous Winners | Gradam Ceoil TG4 | Other Brands | Irish Television Channel, Súil Eile" (en-ie). TG4. Dáta rochtana: 2026-01-13.
- ↑ PRAK14 (2015-09-25). "COMPILATION including Seán Ó Sé - The Largest Céilí Band in the World, - Cork City Hall, 13.10.13".
- ↑ RnaG (2025-11-21). "agallamh le Seán Ó Sé / céim dochtúireachta oinigh" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2026-01-13.
- ↑ Office of the President of Ireland. "Media Library | Speeches | President of Ireland" (en). president.ie. Dáta rochtana: 2026-01-13.
- ↑ RnaG : Mairéad Uí Lionaird, Peadar Ó Riada agus Seán Ó Sé (2025-05-01). "An triúir ag caint faoin oidhreacht a bhaineann leis an bhFéile agus ceol mar chlabhsúr ar an gclár i Seipéal Chúil Aodha" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2026-01-13.