Seán Ó Morónaigh
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1940 Úlla, Éire |
| Bás | 24 Aibreán 2023 82/83 bliana d'aois |
| Áit adhlactha | An Chill Bhuí |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | stiúrthóir, foilsitheoir, gníomhaí teanga |
| Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Bhí baint mhór ag Seán Ó Morónaigh, as Úlla i gContae Luimnigh (timpeall 1940 - 24 Aibreán 2023),[1] le cur chun cinn na drámaíochta Gaeilge ar fud na tíre go dtí na 2020idí.[2] Fear mór drámaíocht phobail a bhí ann, fear a chaith a shaol le cur chun cinn dhrámaíocht na Gaeilge.
Oifigeach de chuid na cúirte ba ea é roimh dul ar scor.
Stiúrthóir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faoi stiúir Sheáin Uí Mhorónaigh a chuir an Comhlachas borradh mór sna 1990idí faoi dhrámaíocht na Gaeilge in ollscoileanna na tíre. Ba í sin ré órga na drámaíochta Gaeilge i measc na mac léinn agus í faoi bhláth in áiteanna amhail Ollscoil na hÉireann, Corcaigh, Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, Ollscoil Chúil Raithin agus Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Bhí borradh faoi dhrámaíocht na Gaeilge sa tréimhse sin, go háirithe in ollscoil na Gaillimhe. Ba as Cumann Drámaíochta an choláiste sin a d’eascair an compántas Na Fánaithe agus is iomaí duine atá ag plé le saol na drámaíochta, na teilifíse agus na meán inniu arbh iad Seán Ó Morónaigh agus an Comhlachas a thug ardán ar dtús dóibh.
Saothair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Seán Ó Morónaigh obair mhór freisin i dtaobh athfhoilsiú agus léiriú drámaí agus agallaimh mhuintir na Gaeltachta. Ar an saothar is mó a luaitear leis tá Agallamh na hÉigse, Cíoradh agus Cnuasach, (2002),[3] mór-chnuasach d’agallaimh bheirte, lúibíní, ceapóga agus amhráin saothair, agus físeáin ag gabháil leo.[4]
Chuir Ó Morónaigh roinnt saothar in eagar chomh maith
- Drámaíocht ó dhúchas – ó Bhéalaithris Thaidhg Uí Chonchubhair, (2005), ina bhfuil dánta agus agallamh leis an fhile Ciarraíoch as Lios Tuathail,
- Drámaí ó Thobar Mhúscraí le Conchubhar Ó Deasmhumhna (2013), curtha in eagar ag Áine Uí Chuill agus Seán Ó Morónaigh agus
- Eachtra an Ghobáin Saoir, dráma le Risteard de Hindeberg atá bunaithe ar léiriú a rinne Aisteoirí an tSean-Phobail ar an dráma in 2008.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Seán Ó Morónaigh ar Raidió na Gaeltachta, Iris Aniar 2016
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 2023. "Death Notice of Seán Ó Morónaigh (Nenagh, Tipperary) | rip.ie" (ga--IE). rip.ie. Dáta rochtana: 2025-12-27.
- ↑ Méabh Ní Thuathaláin (27 Aibreán 2023). "Seán Ó Morónaigh, iarstiúrthóir an Chomhlachais Náisiúnta Drámaíochta, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-27.
- ↑ Seán Ó Morónaigh; Internet Archive (2010). "Agallaimh na hÉigse : cíoradh agus cnuasach". Camus, Conamara, Co. na Gailllimhe : An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta.
- ↑ "Ó Morónaighs trad verse book launched" (en). Irish Independent (2002-03-30). Dáta rochtana: 2025-12-28.