Scéim Aistriúcháin an Ghúim

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Árda Wuthering, ceann de na haistriúcháin a rinneadh faoin scéim.

Scéim aistriúcháin ab ea scéim aistriúcháin an Ghúim arbh aidhm di lear mór leabhar Gaeilge a chur ar fáil don phobal. Cuireadh tús leis an scéim ag deireadh na 1920idí agus tháinig deireadh léi sna 1940idí. Is é an beartas aistriúcháin leabhar is tábhachtaí é ar tugadh riamh faoi sa Ghaeilge.

An Scéim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a bunaíodh Saorstát Éireann, bhí roinnt mhaith daoine ann a d’fhoghlaim léamh agus scríobh na Gaeilge ó Chonradh na Gaeilge. San am sin, áfach, ní raibh mórán leabhar Gaeilge i gcló, rud a bhí ag déanamh an-mhoille leis an athbheochan.

Chuaigh rialtas an tSaorstáit i ngleic leis an bhfadhb sin sna fichidí nuair a chinn an Gúm, rannóg foilseacháin na Roinne Oideachais ar leabhair a aistriú go Gaeilge. Trí chuspóir a bhí ag an scéim aistriúcháin: líon mór leabhar Gaeilge a chur ar fáil laistigh d’achar gearr; an Ghaeilge a chur in oiriúint do sheánraí nua trí chineálacha éagsúla leabhar a aistriú; an bealach a réiteach roimh ghlúin nua scríbhneoirí cruthaitheacha (na haistritheoirí féin san áireamh).

Iarradh airgead ar an Roinn Airgeadais sa bhliain 1926 chun tús a chur leis an obair agus reáchtáladh comórtas aistriúcháin dhá bhliain ina dhiaidh sin. Bhí an obair faoi lánseol go luath ina dhiaidh sin. Faoi cheann na bliana 1937, bhí 169 aistriúchán foilsithe (as measc 362 téacs san iomlán a tháinig i gcló ón nGúm). Is ón mBéarla a aistríodh a fhormhór sin, ach cuireadh Gaeilge ar bhuntéacsanna Fraincise, Gearmáinise, Spáinnise, Iodáilise agus Sean-Ghréigise, chomh maith le dornán teangacha eile.

Roinnt mhaith scríbhneoirí a thuill clú dóibh féin i réimse na Gaeilge ina dhiaidh sin, rinne siad aistriúcháin faoin scéim, leithéidí Mháirtín Uí Chadhain, Sheosaimh Mhic Ghrianna, Néill Uí Dhomhnaill agus Sheáin Uí Ruadháin.

Sa bhliain 1939, rinneadh cinneadh gan tuilleadh aistriúchán a choimisiúnú. Chinn an Gúm tosaíocht a thabhairt do bhunsaothair as sin amach (ach bhí aistriúcháin fós á gcur i gcló go dtí deireadh na ndaichidí). Tuairim is 250 saothar san iomlán a aistríodh faoin scéim[1].

Fiúntas na Scéime[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a cuireadh tús leis an scéim bhíothas den tuairim gur sheift áisiúil a bheadh san aistriúchán chun fadhb na heaspa leabhar Gaeilge a shárú. Bhí scéimeanna aistriúcháin den chineál chéanna curtha i gcrích i bhFlóndras agus sa Bhreatain Bheag ag deireadh na naoú haoise déag le leabhair a sholáthar as Pléimeannais agus as Breatnais, agus an chuma ar an scéal go bhféadfaí torthaí maithe a bhaint amach ar an dóigh seo. De réir mar a cuireadh dlús faoin scéim, áfach, thosaigh a lán daoine á cáineadh.

Ba é an locht ba mhó a fuarthas uirthi ná go rabhthas ag aistriú an iomarca leabhar Béarla in áit a bheith ag díriú ar theangacha eile. Na daoine a bhí in ann Gaeilge a léamh san am sin, ní raibh aon duine acu dall ar an mBéarla, agus mar sin, bheidís in ann na bunsaothair a léamh pé scéal é - ní raibh aon ghéar-riachtanas acu leis na haistriúcháin.

Anuas air sin, níor roghnaíodh ar bhonn córasach na leabhair a bhí le tiontú – rogha phearsanta an eagarthóra nó an aistritheora féin seachas mian an ghnáthléitheora ba bhunús le cuid de na leabhar a roghnaíodh. D’fhág an dá ní sin gur tháinig laghdú ar mhargadh a bhí beag an chéad lá riamh. Maítear freisin go raibh roinnt mhaith de na daoine a rinne aistriúcháin thar ceann an Ghúim ábalta bunsaothair a scríobh agus sásta é sin a dhéanamh agus gurbh fhearr an mhaise don Ghaeilge é dá nglacfadh an Gúm leis na saothair sin seachas a bheith meáite ar aistriúcháin a fhoilsiú.

Maíonn roinnt criticeoirí gur mhúch an obair thuirsiúil aistriúcháin a rinne roinnt de na haistritheoirí aon fhuinneamh cruthaitheach a bhí iontu, agus i gcás Sheosaimh Mhic Ghrianna maítear go raibh an tsíoraistritheoireacht a rinne sé sna triochaidí ar ceann de na cúiseanna leis an drochshláinte intinne a tháinig air[2].

Ar an taobh eile de, meastar go bhfuil fiúntas mór sna haistriúcháin i ngeall ar an gcaighdeán ard Gaeilge iontu, gur eiseamláir den dea-aistriúchán iad, agus gur stóras canúintí iad (rud a chuaigh chun sochar na teanga nuair a bhí Foclóir de Bhaldraithe á thiomsú[3]). Meastar, leis, gur léirigh éagsúlacht na leabhair a aistríodh go raibh an Ghaeilge in ann ag an uile chineál seánra nua-aimseartha (beatháisnéis, stair, litríocht, dráma, réalteolaíocht, scéalta bleachtaireachta, reiligiún srl.) fiú sular tháinig an caighdeán oifigiúil ar an bhfód.

Measúnú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bbhí scríbhneoirí Gaeltachta míshásta le gnéithe áirithe d'obair an Ghúim agus den scéim aistriúcháin. Thug Máirtín Ó Cadhain "róbó aistriúcháin an Stáit" ar an nGúm agus mhaígh sé nach raibh i gcuid mhaith de na leabhair a aistríodh ach saothair den tríú nó den cheathrú grád [4]. Sa bhliain 1949, thug an Cadhnach léacht uaidh faoi chúrsaí litríocht na Gaeilge a foilsíodh ina dhiaidh sin ar Feasta, míosachán Chonradh na Gaeilge, faoin teideal Tuige nach bhfuil litríocht na Gaeilge ag fás? Is é an breithiúnas a thug sé ar obair an Ghúim ná:

Ní gnách labhairt ar litríocht na Gaeilge gan an Gúm a ionsaí. Is beag milleán a cuireadh ariamh air nár thuill sé. Ar láthair na huaire is mó a dhochar ná a shochar. [5]

Go bunúsach, bhí an Cadhnach barúlach go raibh córas neamhoifigiúil cinsireachta i bhfeidhm ag an nGúm agus é níos déine ná an chinsireacht oscailte a bhí á déanamh ar na leabhair Bhéarla in Éirinn san am chéanna. Cháin sé an rud ar thug sé tíorántacht na bpáistí scoile agus na mban rialta air, is é sin, go raibh an Gúm drogallach aon leabhar Gaeilge a fhoilsiú a bhainfeadh geit as an dá dhream seo, ó bhí an priacal ann i dtólamh go mbainfí úsáid as an leabhar mar lón léitheoireachta is mar áis teagaisc ar scoil (agus ba iad na hoird reiligiúnacha a bhí i gceann fhormhór mór na scoileanna in Éirinn sa linn sin).

Roinnt Mórshaothar Litríochta a Aistríodh faoin Scéim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teideal an bhunsaothair Údar an bhunsaothair Teideal an aistriúcháin Aistritheoir Bliain
Colomba Prosper Mérimée Colomba Cormac Ó Cadhlaigh 1929 (athfhoilsiú 2007)
Dr Jekyll and Mr Hyde Robert Louis Stevenson An Dr Jekyll agus Mr Hyde Conall Cearnach 1930
Call of the Wild Jack London Sgairt an Dúthchais Niall Ó Domhnaill 1932
Sally Kavanagh Charles J. Kickham Saile Chaomhánach, nó: Na hUaigheanna Folmha Máirtín Ó Cadhain 1932 (athfhoilsiú 1986)
Three Men in a Boat Jerome K. Jerome Triúr fear i mBád Leon Ó Broin 1932
Dracula Bram Stoker Dracula Seán Ó Cuirrín 1933 (athfhoilsiú 1997)
The Nigger of ‘Narcissus’ Joseph Conrad An Mairnéalach Dubh Seosamh Mac Grianna 1933
A Tale of Two Cities Charles Dickens Scéal Fá Dhá Chathair Seán Mac Maoláin 1934
Almayer's Folly Joseph Conrad Díth Chéille Almayer Seosamh Mac Grianna 1934
Lost on Du-Corrig, or: 'Twixt Earth and Ocean Standish O'Grady Eadar Muir is Tír Niall Ó Dónaill ("Niall Johnny Shéamaisín Ó Domhnaill") 1935 (athfhoilsiú 1997)
The Hound of the Baskervilles Arthur Conan Doyle Cú na mBaskerville Nioclás Tóibín 1935 (athfhoilsiú ar na bacáin)
The War of the Worlds H. G. Wells Cogadh na Reann Leon Ó Broin 1935
Ivanhoe Sir Walter Scott Ivanhoe Seosamh Mac Grianna 1937
Adrigoole Peadar O'Donnell Eadarbhaile Seosamh Mac Grianna 1938 (athfhoilsiú 1998)
Islanders Peadar O'Donnell Muinntir an Oileáin Seosamh Mac Grianna 1938 (athfhoilsiú 1989)
Le Tour du Monde en Quatre-Vingts Jours Jules Verne Cuaird an Domhain i gCeithre Fichid Lá “Torna” (Tadhg Ó Donnchadha) 1938 (athfhoilsiú 2008)
Silas Marner George Eliot Silas Marner Aindrias Ó Baoighill 1938
The Innocence of Fr Brown G. K. Chesterton Saontacht an Athar de Brún Seán Ó Liatháin 1938

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cronin, Michael, Translating Ireland: Translation, Languages and Culture (Cork University Press, 1996).
  • Greene, David, Writing in Irish Today (Mercier Press, 1972).
  • Mac Congáil, Nollaig, 'Scríbhneoireacht Ghaeilge Dhún na nGall agus Scéim Aistriúcháin an Ghúim', Móreagrán Feasta , Iml. 55, Uimh. 5.
  • Mac Corraidh, Seán, Seosamh Mac Grianna, Aistritheoir (An Clóchomhar, 2004).
  • Mac Niocláis, Máirtín, Seán Ó Ruadháin: Saol agus Saothar (An Clóchomhar, 1991).
  • Ní Bhrádaigh, Eilís, 'An tOllamh s'Againne', Tomás de Bhaldraithe: Cuimhní Cairde, Proinsias Mac Aonghusa a chuir in eagar (An Clóchomhar, 1997).
  • Ó Cadhain, Máirtín, Ó Cadhain i bhFeasta. Eag. Seán Ó Laighin. (Clódhanna Teoranta, 1990).
  • Ó Cathasaigh, Aindrias, Ag Samhlú Troda: Máirtín Ó Cadhain 1905-1970 (Coiscéim, 2002).
  • O' Leary, Philip, Prose Literature of the Gaelic Revival: Ideology and Innovation 1881-1921 (Pennsylvania State University Press,1994)
  • Ó Ruairc, Maolmhaodhóg 'Seosamh Mac Grianna: Aistritheoir', Comhar, Eanáir 1988.
  • Ó Ruairc, Maolmhaodhóg Aistrigh Leat, (Cois Life, 2007).
  • Titley, Alan, An tÚrscéal Gaeilge (An Clóchomhar, 1991).
  • Titley, Alan, 'Turning Inside and Out: Translating and Irish 1950–2000', The Yearbook of English Studies, Volume 35, Number 1, 2005.
  • Uí Laighléis, Gearóidín, Seán Mac Maoláin agus Ceart na Gaeilge (Cois Life, 2003)
  • Uí Laighléis, Gearóidín, 'An Gúm: The Early Years', Celtic Literatures in the Twentieth Century, Séamus Mac Mathúna agus Ailbhe Ó Corráin a chuir in eagar (Languages of Slavonic Culture, 2007).

Aistriúcháin Athfhoilsithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Colomba, Nicholas Williams a chóirigh an t-eagrán nua (Coiscéim, 2007).
  • Cuairt na Cruinne in Ochtó Lá, Nicholas Williams a chóirigh (Evertype, 2008) ISBN 978-1-904808-15-2.
  • Dracula, Maolmhaodhóg Ó Ruairc a chóirigh an t-eagrán nua (An Gúm, 1997) ISBN 1-85791-259-4.
  • Eadarbhaile (Adrigoole), Anraí Mac Giolla Chomhaill a chóirigh an t-eagrán nua (An Gúm, 1998) ISBN 1-85791-268-3.
  • Eadar Muir is Tír, Micheál Grae a chóirigh an t-eagrán nua (An Gúm, 1997) ISBN 1-85791-235-7.
  • Muintir an Oileáin, Liam Ó Laoire a chóirigh an t-eagrán nua (An Gúm, 1989).
  • Saile Chaomhánach, nó: Na hUaigheanna Folmha, an Dr Tomás de Bhaldraithe a chóirigh an t-eagrán nua (An Gúm, 1986) (Gan ISBN).

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Comhfhreagras leis an nGúm.
  2. Féach, mar shampla Grenne 1969, lch 33.
  3. Féach Ní Bhrádaigh 1997, lch 66.
  4. Luaite ar Ó Cathasaigh 2002, lch 23.
  5. Ó Cadhain 1990, lch 86