Jump to content

Scoil Cheoil an Earraigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Féile Cheoil Ghaeltachta a eagraítear ar an mBuailtín, i nGaeltacht Chorca Dhuibhne í Scoil Cheoil an Earraigh. Bíonn seisiúin cheoil, ceardlanna rince seite, céilithe agus ceolchoirmeacha i gceist.

Tionóltar an Scoil Cheoil gach bliain le ceiliúradh a dhéanamh ar cheol, ar chultúr agus ar amhráin Chorca Dhuibhne. Bíonn plúr an cheoil agus na n-amhrán le cloisteáil ann thar thréimhse 5 lá, ó cheoltóirí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta, ina measc Sarah Ghriallais, Caoimhín Ó Raghallaigh, Nell Ní Chróinín, Mícheál Ó hAlmhainn, Breanndán Ó Beaglaoich agus go leor eile.

Bíonn ranganna uirlise, amhránaíochta agus damhsa, coirmeacha ceoil, siúlóidí cultúrtha, léachtaí agus réimse imeachtaí eile.