Jump to content

Scléip (comórtas)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtScléip
Cineálcomórtas bliantúil ceoil Cuir in eagar ar Wikidata
Eatramh imeachtBliantúil
EagraíGael Linn Cuir in eagar ar Wikidata
Limistéar oibriúcháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Is comórtas tallainne é Scléip atá dírithe ar an gceol comhaimseartha agus ar an rince. Tugtar deis do dhéagóirí a gcuid ceoil a chur i láthair ar an stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí. Bíonn idir chatagóirí do ghrúpaí agus d'iomaitheoirí aonair ann. Is iad Gael Linn lucht a eagraithe.[1][2][3]

Cuirtear réamhbhabhtaí ar siúl sna ceithre chúige i mí na Samhna agus bíonn Craobh na hÉireann ar siúl i mí Feabhra san athbhliain. Bíonn duais faoi leith, Gradam NÓS, ag dul don amhrán nuachumtha is fearr sa chomórtas.[3]

Bíonn rannóga sóisir agus sinsir ann i ngach comórtas ach amháin sa Slua-Amhránaíocht. Seo a leanas na catagóirí:[3]

  1. Amhránaíocht Aonair sa Stíl Pop/Rac/Rap, le Féintionlacan
  2. Amhránaíocht Aonair sa Stíl Pop/Rac/Rap, le Tionlacan ó Fhuaimrian Taca
  3. Popghrúpa/Racghrúpa, le Féintionlacan
  4. Ceol Uirlise Aonair sa Stíl Pop/Rac/Snagcheol
  5. Slua-Amhránaíocht

Glactar le ceol nua-chumtha, le hathleaganacha agus le meascraí, ach iad a bheith i nGaeilge. Ní ghlactar le ceol clasaiceach ná le ceol traidisiúnta.[3]

Déantar measúnú ar na hiomaitheoirí de réir tréithe mar seo a leanas, ag brath ar an gcatagóir: Guth/Scileanna ceoil, Léiriú/Luach Siamsaíochta, Rithim, Gluaiseachtaí, agus Rogha Ceoil/Amhráin.[3]

Bíonn Scléip oscailte do dhaltaí i scoileanna Gaeltachta, i nGaelcholáistí agus in aonaid lán-Ghaeilge i scoileanna eile. Ní bhíonn cead ag aon scoil níos mó ná 2 iomaitheoir a chur isteach sa chatagóir chéanna sna rannóga sóisir agus sinsir faoi seach.[3]

Chomh maith leis na catagóirí thuasluaite, bronntar duais faoi leith ar an amhránaí nó ar an mbanna a chuireann 'An tAmhrán Nuachumtha is Fearr' i láthair. Cuireadh tús leis an ngradam seo i gcomhpháirtíocht leis an iris ar líne NÓS chun aitheantas a thabhairt do chumadóirí ceoil.[4]

Luaitear an Comórtas Uile-Éireann Amhránaíochta mar réamhtheachtaí de chuid Scléip. Ba chomórtas é sin ar cuireadh tús leis sna 1950idí agus ar chuir na mílte dalta scoile isteach air. Dhéantaí cuid de na buaiteoirí a thaifead ar cheirníní agus bhíodh ceolchoirm mhór i nGaeilge chun barr smaise a chur ar gach comórtas.[5]

Bhíodh Scléip féin faoi chúram Gaeloideachas. Ó 2014 i leith is iad Gael Linn a bhíonn á reáchtáil. Tá líon na n-iomaitheoirí méadaithe go mór agus cáil nach beag bainte amach ag iarbhuaiteoirí.[1]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 Seán Ceallaigh (Bealtaine 2023). "Scéimeanna Gael Linn". Comhar 83 (05): lch 28.
  2. Storm Eaton-Kilgallen (26 Samhain 2025). "Tallann iontach ar stáitse i rith Scléip Gael Linn". Seachtain: lch 3.
  3. 1 2 3 4 5 6 "Scléip Gael Linn (Comórtas Tallainne)". www.gael-linn.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2026-01-15. Dáta rochtana: 2025-12-14.
  4. "Cath na Scléipeoirí". NÓS (2017-02-02). Dáta rochtana: 2025-12-14.
  5. Máire Nic Fhinn (Bealtaine 2023). "Gael Linn agus an tsiamsaíocht". Comhar 83 (05): lch 9.