Sci-Fi Ireland
| Cineál | Iris liteartha |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Teanga | Béarla ⁊ Gaeilge |
| Am tosaigh | 2026 |
| Seoladh poist | Oifigí Sci-Fi Ireland, Taj Mahal, Tíotán, 6ú ghealach de chuid Satairn |
| Tréith | |
| Eatramh foilsithe | Leathbhliantán |
| Seánra | Ficsean eolaíochta |
| Príomhábhar | Gearrscéalta, léirmheasanna, tuairimíocht |
| Príomheagarthóir | Mark Mullan ⁊ Alex Johnston |
| Foilsithe i | Éire |
| Eagrán | 1+ |
| Formáid dáilte | I gcló ⁊ mar pdf |
| Suíomh | sci-fi-ireland.com |
Is iris liteartha é Sci-Fi Ireland a dhíríonn ar an bhficsean eolaíochta Éireannach. Is é Mark Mullan Príomheagarthóir na hirise agus is é Alex Johnston an Céad-Eagarthóir. Deir siad go bhfuil suim faoi leith acu i scéalta a dhéanann féidearthachtaí daonna a thaighdeadh agus a cheistíonn nádúr an duine a bheith ag scaradh ón gcomhshaol. Tá claonadh i bhfabhar an ghrinn iontu agus is ansa leo coincheapanna ná cruinneas eolaíochta. Mar aon leis an bhficsean, bíonn léirmheasanna agus píosaí tuairimíochta ón bhfoireann san iris. Foilsíodh an chéad eagrán i Mí Bealtaine 2026.[1][2][3][4]
Cur chuige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireann lucht a eagraithe rompu:[2][5]
- an ficsean eolaíochta nua is fearr dá bhfuil in Éireann a aimsiú agus a fhoilsiú;
- aird a dhíriú ar an bhficsean eolaíochta in am a bhfuil fealsúnacht, smaointeoireacht, agus díospóireacht faoin eolaíocht agus faoin teicneolaíocht níos tábhachtaí ná mar a bhíodar riamh;
- spás liteartha a chur ar fáil ina mbeidh pobal ficsean eolaíochta na hÉireann in ann nascadh lena chéile agus píosa spraoi a bheith acu
Foilsíonn Sci-Fi Ireland píosaí ó dhaoine a bhfuil ina gcónaí in Éirinn nó a rugadh ann. Cuirtear fáilte roimh scéalta i nGaeilge, ach foilseofar iad taobh le haistriúchán go Béarla. Iarrtar ar na húdair a gcuid scéalta a chur isteach mar aon le haistriúchán agus beidh sé den riachtanas obair as lámha a chéile leis na heagarthóirí aistriúchán.[1][5]
Tá sé i gceist ag lucht na hirise eagrán a fhoilsiú gach Bealtaine agus gach Samhain. Níl an luach a dhíoltar as an saothar ag brath ar líon na bhfocal.[2]
Stair na hirise
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh amach gairm ar iarratais le haghaidh an chéad eagráin i Mí Nollag 2025, le spriocdháta roimh na Féile Bríde 2026.[5][6]
Seoladh an chéad eagrán den iris ag an bhféile fhicsean thuairimigh Norncon i mBéal Feirste.[1] Chuir Mark Mullen an iris i láthair agus léigh údair blaisíní as a gcuid saothar, ina measc Sam Thompson, R.B. Kelly agus Tracey Fahey. Bhí slua mór i láthair dar le T.O. Munro, a thug moladh don iris as ealaíon an chlúdaigh, tosach agus cúl.[7]
San áireamh ann tá scéalta ó na scríbhneoirí Sam Thompson, RB Kelly, an Dr Tracey Fahey, Damien Kelly, D.C. Forde, Sarah Murray, Hugo Kelly, S.G. Murphy, Paul van Sickle agus Cathy de Buitléir.[1][8]
Fógraíodh go mbeadh an ghairm ar iarratais le haghaidh an dara heagráin ar oscailt ón 8ú Meitheamh – 26ú Iúil 2026.[9]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil: sci-fi-ireland.com
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 Catherine Sharp (2026-05-08). "Hangout with Sci-Fi Ireland - Sun 17th May" (as Béarla). Octocon. Dáta rochtana: 2026-05-10.
- 1 2 3 "About" (as Béarla). Sci-Fi Ireland. Dáta rochtana: 2026-02-04.
- ↑ "Issues" (as Béarla). Sci-Fi Ireland. Dáta rochtana: 2026-02-04.
- ↑ "The team" (as Béarla). Sci-Fi Ireland. Dáta rochtana: 2026-02-04.
- 1 2 3 "Submissions Call: Sci-Fi Ireland" (as Béarla). Writing.ie (2025-12-09). Dáta rochtana: 2026-02-04.
- ↑ "Opportunities for Writers: December 2025" (as Béarla). Áras Scríbhneoirí na hÉireann (2025-12-22). Dáta rochtana: 2026-02-04.
- ↑ T. O. Munro (2026-05-22). "NORNCON 2026: Convention Report (2 of 2)" (as Béarla). Fantasy-Hive. Dáta rochtana: 2026-05-25.
- ↑ Damien Kelly (2026-05-07). "Norncon and all the things!" (as Béarla). Damien Kelly. Dáta rochtana: 2026-05-10.
- ↑ "Competitions and submissions" (as Béarla). Áras Scríbhneoirí na hÉireann. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2026-05-25. Dáta rochtana: 2026-05-25.
| Is síol faoi nuachtán nó irisleabhar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Irisí Éireannacha ficsean eolaíochta
- Irisí ficsean eolaíochta
- Irisí Éireannacha ficsin thuairimigh
- Irisí ficsin thuairimigh
- Irisí Éireannacha
- Irisí liteartha
- Irisí
- Tréimhseacháin Bhéarla
- Tréimhseacháin Éireannacha
- Leathbhliantáin
- Ficsean eolaíochta Éireannach
- Ficsean eolaíochta i nGaeilge
- Ficsean eolaíochta
- Ficsean tuairimeach Éireannach
- Ficsean tuairimeach
- Bunaithe sa bhliain 2026
- Bunaithe sna 2020í
- Síolta a bhaineann le nuachtáin