Jump to content

Sceach na ngiobal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sceach na ngiobal i gCill Dara.

Is éard is Sceach na ngiobal (crann na ngiobalcrann na gceirteacha scaití) ann ná sceach nó crann a ngreamaítear giobail eádaigh nó ribíní di nó de ar mhaith le fabhar éigin a fháil. Is minic a bhíonn tobar in aice na sceiche nó an chrainn. Bratóga a thugtar ar na giobail nó na ceirteacha i dTír Chonaill.

"[...]paróiste cros mhór adhmaid ar bharr an chnoic sin. Thit an chros as a chéile dhá scór bliain ina dhiaidh sin ach níor tógadh aon rud ina háit. Bhí go leor le rá ag na daltaí óga faoi sceach shuntasach atá suite ar thaobh bóthair cúpla míle taobh amuigh de Chathair Chill Chainnigh. As Béarla glaotar The Raggedy Bush uirthi. Gnáthsceach atá inti. Leagadh chun talún í ag gála gaoithe ach tháinig muintir na háite le chéile chun í a ardú. Tá sí beo i gcónaí agus gabhlóga mar thaca léi. Tugtar Sceach na nGiobal uirthi toisc go gcleanglaítear píosa éadaigh ar na craobhacha agus fábhar dá lorg ag duine. De réir an tseanchais do tharla argóint idir Naomh Pádraig agus Fionn Mac Cumhaill. D'ionsaigh Fionn an naomh agus do chaith sé cloch mhór leis. Urchar umraill a bhí ann agus tháinig Pádraig slán. Nuair do chuaigh sé ag guí ar an gcloch fágadh lorg a ghlún go doimhin ann, agus d'fhás an sceach taobh leis an gcloch sin. Níl aon lá faoi leith leagtha amach chun cuairt a thabhairt ar an sceach seo."

(Mícheál Ó Diarmada, Piseoga (alt acadúil), Irisleabhar Mhá Nuad, Ollscoil Mhá Nuad)

Tá crann na gceirteacha le fáil i gCill Aichidh, Contae Uíbh Fhailí.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]