Jump to content

Scannal na n-obráidí cromán ar leanaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtScannal na n-obráidí cromán ar leanaí

Rinneadh obráidí cromán ar phaistí in Éirinn sna 2020idí nuair nár ghá, scannal na n-obráidí cromán ar leanaí.[1]

Bhain an scéal leis an gconspóid faoi roinnt cleachtas cliniciúil in Ospidéal na Leanaí, Sráid Temple agus in Ospidéal Náisiúnta Ortaipéideach na Ceapaí. Idir 60% agus 80% de na hobráidí cromán a rinneadh ar leanaí ó 2021 go dtí 2023 a bhí i gceist. Is léir nach raibh aon ghá le líon suntasach na n-obráidí seo agus go mbeadh impleachtaí fadtéarmacha agus dáiríre do na leanaí a bhí i gceist.[2]

Bhí amhras ar an Rialtas faoi chúrsaí rialachais i Sláinte Leanaí Éireann agus faoin treo atá faoin eagraíocht. I mí na Bealtaine 2025, d'éirigh baill de bhord Shláinte Leanaí Éireann as a gcúram, Mary Cryan, Dr Gavin Lavery, Brigid McManus agus Catherine Guy. Bhí an triúr ina mbaill den bhord ó 2018 (poist dheonacha a bhí acu, agus ní raibh údarás ag an Rialta iarraidh ar dhaoine éirí as bord na heagraíochta).[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Nuacht TG4 (23 Bealtaine 2025). "Obráidí cromán déanta ar leanaí in dhá ospidéal nuair nár ghá" (as ga-IE) (Facebook). 
  2. oireachtas.ie (2025-04-29). "Donnchadh Ó Laoghaire T.D.". Dáta rochtana: 2025-05-27.
  3. Nuacht RTÉ (2025-05-27). "Triúr éirithe as bord Shláinte Leanaí Éireann" (as ga-IE).