Scannal caimiléireachta i bParlaimint na hEorpa, 2022

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtScannal caimiléireachta i bParlaimint na hEorpa, 2022
Íomhá ghaolmhar
Cineálscannal polaitiúil
corruption scandal (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósCatar Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana9 Nollaig 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
TírAontas Eorpach, an Iodáil agus an Bheilg Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon na ngabhálacha
6 Cuir in eagar ar Wikidata


Ar 9 Nollaig 2022, tháinig scannal caimiléireachta agus éilliú polaitiúil i bParlaimint na hEorpa chun solais; ghabh na póilíní sa Bheilg agu san Iodáil roinnt daoine, ina measc an feisire Gréagach Eva Kaili[1][2] agus a buachaill (Francesco Giorgi), agus an iar-fheisire Iodálach, Antonio Panzeri, agus líomhaintí faoi éillitheacht i bParlaimint na hEorpa á bhfiosrú acu.

Antonio Panzeri sa bhliain 2014

Tugadh 'Qatargate' ar an scannal ar dtús. Ach rinne tíortha eile, is cosúil, iarrachtaí ar fheisirí a éilliú, seachas an Chatar. Bhain an scéal ar dtús le tuairiscí gur thug Stát Chatar breabanna do dhaoine áirithe - idir airgead agus bhronntanais - le súil go ndéanfadh na daoine sin stocaireacht ar son Chatar i bhforais an Aontais Eorpaigh.

Cás Kaili[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Eva Kaili cuairt ar Chatar go gairid sular cuireadh tús le Corn Sacair an Domhain sa tír sin i mí na Samhna 2022. Fad is a bhí sí ann, mhol sí údaráis na tíre faoina raibh déanta acu ar son cearta oibrithe. Tháinig an moladh céanna uaithi go minic agus í ag labhairt i bParlaimint na hEorpa.

D'admhaigh buachaill Kaili, Francesco Giorgi. go bhfuair sé slám mór airgid ó Panzeri [3] Agus bhí lear mór airgid ag athair Kaili san ostán Sofitel sa Bhruiséil nuair a gabhadh é, rud a tharraing amhras air. Ach bhí sé ráite ag dlíodóir Eva Kaili nach bhfuil agus nach raibh aon bhaint ag a chliant le caimiléireacht.

Freagairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhéadaigh ar an imní go raibh an t-éilliú i réim fud fad an chórais.

Vótáil formhór mór na bhfeisirí i bParlaimint na hEorpa ar son rúin an feisire Kaili a chur as a post mar leasuachtarán na parlaiminte i bhfianaise líomhaintí faoi chaimiléireacht a bheith curtha ina leith.[4] (625 feisire a vótáil ar son an rúin, vótáil duine ina aghaidh agus staon beirt eile).

Gheall uachtarán Pharlaimint na hEorpa Roberta Metsola fiosrúchán inmheánach ina thaobh a bhunú. Mhaígh sí gur chreid sí go raibh uisce faoi thalamh á dhéanamh agus go rabhthas ag iarraidh an bonn a bhaint den Aontas Eorpach.

Tá sé tugtha le fios ag bean an phobail (Ombudsman) an Aontais Eorpaigh Emily O'Reilly go léiríonn na líomhaintí faoi éillitheacht gur mithid córas eitice an Aontais a leasú ó bhonn.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula Von der Leyen, moladh in 2019 eagraíocht neamhspleách eitice a bhunú san Aontas Eorpach. Ach bhí fíorbheagán déanta ina thaobh ó shin.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Chris Pleasance (2022-12-13). "Who is Eva Kaili? EU vice president caught in Qatar corruption sting". Mail Online. Dáta rochtana: 2022-12-16.
  2. "The long rise and abrupt fall of Greek MEP Eva Kaili" (en-US). POLITICO (2022-12-13). Dáta rochtana: 2022-12-16.
  3. Eleanor Dye (2022-12-15). "Boyfriend of MEP Eva Kaili 'admits part in Qatar bribery scandal'". Mail Online. Dáta rochtana: 2022-12-16.
  4. Nuacht RTÉ (2022-12-13). "Uisce faoi thalamh: "thar am córas eitice an AE a leasú"" (as ga-IE).