Jump to content

Scéal (nuachtán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí NuachtánScéal
Cineálnuachtán
Cárta innéacs
TeangaAn Ghaeilge
Am tosaigh15/04/2025
Áit a fhoilsitheÉire
Tréith
Eatramh foilsitheSeachtanán; ar sos go dtí 13/01/2026[1]
Lá a fhoilsithe go rialtaDé Máirt
SeánraNuachtán
PríomhábharNuacht, Cúrsaí reatha, Nósanna maireachtála, Cultúr, Spórt
PríomheagarthóirÉanna Ó Caollaí
Formáid dáilteLeagan clóite

Digiteach 

Nuachtán seachtainiúil Gaeilge is ea Scéal. Clúdaíonn sé cúrsaí reatha taobh le colúin tuairimíochta, léirmheasanna cultúrtha, próifílí, agallaimh, clúdach ar imeachtaí Gaeilge, gné oideachasúil san áireamh le ceacht seachtainiúil dírithe ar léitheoirí le gach leibhéal líofachta.[2][3] Foilsítear é gach maidin Dé Máirt le The Irish Times agus leis an Irish Examiner. Seoladh ar an 15ú Aibreán 2025 é.[4][5]

Is é Éanna Ó Caollaí eagarthóir Scéal. Luaite mar scríbhneoirí tá:[5][2]

Tá daoine ag obair go neamhspleách air freisin, m.sh. an colúnaí nósanna maireachtála Áine Ní Dhonnaile.[3]

Chuir an t-eagarthóir béim ar thaithí an fhoireann scríbhneoirí ar chúrsaí "Gaeilge, cúrsaí na Gaeltachta, cúrsaí na tíre freisin, cúrsaí na polaitíochta, na litríochta is 'chuile sheort."[5]

Fuair Conchubhar Ó Liatháin ainmniúchán sa chatagóir "Iriseoir na Bliana" ag Gradaim Chumarsáid an Oireachtais sa bhliain 2025 i ngeall ar a chuid scríbhneoireachta le Scéal agus le The Echo.[6][7][8]

"Tarraingíonn scéal scéal eile"
Seanfhocal[2]

In eagarfhocal an chéad eagráin, scríobh Ó Caollaí go bhfuil "stair phobal agus ghluaiseacht na Gaeilge bunaithe ar ghníomhaíocht", é ag lua roinnt torthaí atá an fheachtasaíocht phobail tar éis baint amach go dtí seo ó bhunú RnaG i leith agus á rá go mbeidh Scéal ag déanamh iriseoireachta ar fhadhbanna atá ag bagairt ar an bpobal fós. Chuir sé fáilte roimh thuairimí lucht léite an fhoilseacháin nua, á rá go bhfuil an foireann ag súil le nuachtán a chruthú "a fhreastalaíonn ar phobal ilchineálach na Gaeilge."[2]

Chomh maith le scéalta nuaíochta agus cúrsaí reatha, tá colúin nósanna maireachtála agus spóirt ann, eolas ar imeachtaí na seachtaine, cluichí beaga agus cúpla puzal d'fhoghlaimeoirí. Dar leis an gcolúnaí nósanna maireachtála Áine Ní Dhonnaile, cuireann Scéal roimhe "ní áis foghlamtha, ach go díreach áis Ghaeilig a chur ar fáil do dhaoine." Is ar phobal leathan léitheoirí atá sé dírithe.[3] Tá "an-éagsúlacht ann" dar leis an láithreoir raidió Gráinne Uí Chaomhánaigh, agus tá sé "tráthúil".[9][10]

Chuir Scéal painéal plé i láthair ag Picnic Leictreach 2025 idir Chatherine Connolly, Alan Titley, Eoghan Ó Ceannabháin agus John Prendergast, agus Emma Ferrari a bhí mar bhean an tí. Chuir Róisín El Cherif clabhsúr leis le leagan trítheangach den amhrán "Siúil a Rún" agus cuireadh amach mar phodchraoladh é ní ba dhéanaí.[11][12][13][14][nóta 1]

Dáileadh agus maoiniú

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is le ceannach mar fhorlíonadh san Irish Times agus san Irish Examiner araon atá fáil ar Scéal.[4][5][3] Tá sé faoi úinéireacht an Irish Times.[15] Nuachtán 16 leathanach a bhí ann an chéad lá.[5][3]

Ní bhíonn gach alt le feiceáil ar shuíomh an Irish Times ná an Irish Examiner. Is mar leagan clóite agus san 'ePaper' amháin a fhoilsítear é ina iomláine.[9][3][nóta 2]

Thug an t-eagarthóir le fios go raibh méadú ar fhógraíocht i nGaeilge ó chomhlachtaí poiblí le deireanas i measc na dtosca a spreag bunú an fhoilseacháin seo.[5]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Nollaig Shona!" (16 Nollaig 2025). Scéal: lch 1. 
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Éanna Ó Caollaí (2025-04-15). "Scéal". Scéal (1): lch 2. 
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 Pé Scéal É (2025-04-25). "Áine Ní Dhonnaile, iriseoir.". Raidió na Gaeltachta. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-06-01. Dáta rochtana: 2025-06-01.
  4. 4.0 4.1 Michelle Nic Pháidín (2025-04-15). "Géarchéim theangeolaíochta: ‘Bhrisfeadh sé do chroí’". The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-06-01.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 5.5 Adhmhaidin (2025-04-15). "Éanna Ó Caollaí, Irish Times.". Raidió na Gaeltachta. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-06-01. Dáta rochtana: 2025-06-01.
  6. "Gearrliosta 2025 | Gradaim Chumarsáide". An tOireachtas. Dáta rochtana: 13 Samhain 2025.
  7. "Gearrliosta ghradaim chumarsáide an Oireachtais 2025 fógartha" (19 Meán Fómhair 2025). An Páipéar (Eagrán 47). 
  8. "Gearrliostaí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025 fógartha". Tuairisc.ie (2025-09-19). Dáta rochtana: 2025-11-13.
  9. 9.0 9.1 "Tús Áite: Mír na Meán". Raidió na Gaeltachta (2025-04-16). Dáta rochtana: 2025-07-01.
  10. "D15 Today Tuesday". 92.5 Phoenix FM. Dáta rochtana: 2025-07-15.
  11. Róisín Ní Mhaoláin (27 Lúnasa 2025). "#EP25: Beidh leictreachas san aer agus ar an aer agus Raidió na Life sa Phuball Gaeilge ag EP 2025!". Raidió na Life. Dáta rochtana: 2025-11-12.
  12. "Beidh leictreachas san aer agus ar an aer agus Raidió na Life sa Phuball Gaeilge" (29 Lúnasa 2025). An Páipéar (Eagrán 44). 
  13. Éanna Ó Caollaí (2 Meán Fómhair 2025). "“Táimid i bhfad níos treise le chéile”". Scéal: lch 1. 
  14. Éanna Ó Caollaí (8 Meán Fómhair 2025). "Borradh na Gaeilge ar taispeáint i Sráidbhaile Laoise". The Irish Times. 
  15. Oifig an Choimisinéara Teanga (Aibreán 2025). "Na Meáin Ghaeilge": lch 3. 
  1. Painéal plé: Raidió na Life (11 Samhain 2025). "Scéal". Podbean. Dáta rochtana: 12 Samhain 2025.[nasc briste go buan]
    Agallamh: Raidió na Life (11 Samhain 2025). "Catherine Connolly - Picnic Leictreach 2025". Podbean. Dáta rochtana: 12 Samhain 2025.
  2. Seiceáilte 01/07/2025